Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Skip to:Skip tonavigationSkip tocontentSkip tofooter
European Central Bank - eurosystem
European Central Bank - eurosystem
GA
БългарскиČeštinaDanskDeutschEλληνικάEnglishEspañolEesti keelSuomiFrançaisGaeilgeHrvatskiMagyarItalianoLietuviųLatviešuMaltiNederlandsPolskiPortuguêsRomânăSlovenčinaSlovenščinaSvenska
our logo, a yellow Euro sign surrounded by yellow stars centered in a dark blue circle resting on a dark blue base
Search
Search Options
Image Preview
HomePublicationExplainersStatisticsPaymentsCareerMonetary Policy
Suggestions
Sort by

Boinn

Tá ocht gcinn d’ainmníochtaí éagsúla i sraith na mbonn euro: 1, 2, 5, 10, 20 agus 50 cent, €1 agus €2. Tá taobh coiteann agus taobh náisiúnta ag na boinn euro. Léirítear an tír eisiúna ar an taobh náisiúnta. Ba é an tUasal Luc Luycx ó Mhionta Ríoga na Beilge a dhear taobhanna coiteanna na mbonn.

Léirítear íomhánna den Aontas Eorpach nó den Eoraip ar an taobh coiteann agus is siombail iad d’aontacht an Aontais. Léirítear an Eoraip in aice leis an Afraic agus an Áise ar chruinneog ar na boinn 1, 2 agus 5 cent.

Is féidir leat aon bhonn euro a úsáid áit ar bith sa limistéar euro.

Boinn chomórtha €2

Féadfaidh gach tír dhá bhonn comórtha a eisiúint in aghaidh na bliana. Tá na gnéithe céanna ag na boinn sin agus an taobh coiteann céanna acu agus atá ag gnáthbhoinn €2. Is boinn dhifriúla iad mar sin féin i ngeall ar an dearadh comórtha atá ar an taobh náisiúnta. Ní féidir ach ainmníocht €2 a úsáid le haghaidh boinn chomórtha.

Is dlíthairiscint iad ar fud an limistéir euro. Ciallaíonn sé sin gur féidir iad a úsáid díreach cosúil le haon bhonn euro eile agus go gcaithfear glacadh leo.

Boinn chomórtha €2

Freagracht as boinn airgid

Cé go bhfuil an Banc Ceannais Eorpach freagrach as líon na mbonn a fhéadfaidh tíortha an limistéir euro a eisiúint a cheadú, is inniúlacht náisiúnta i gcónaí iad boinn airgid. Má tá sé i gceist ag tír sa limistéar euro boinn airgid a eisiúint ar a mbeidh móitífeanna nua —amhail boinn chomórtha — ní mór di é sin a chur in iúl don Choimisiún Eorpach. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis sin inIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith C) arb iris ilteangach í. Is í sin an fhoinse údarásach ar a mbunaíonn an Banc Ceannais Eorpach a nuashonruithe ar a shuíomh gréasáin faoi bhoinn euro.

Féadfar ceisteanna maidir le boinn euro a sheoladh chuig:An Coimisiún Eorpach — Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Gach leathanach sa rannóg seo

An bhfuil tú sásta leis an leathanach seo?
Níl
Cén fáth nach bhfuil tú sásta?
Níl an leathanach ag obairNíl an t-eolas úsáideachNíl an dearadh tarraingteachCúis éigin eile
Go raibh maith agat as muid a chur ar an eolas!

Úsáideann ár suíomh gréasáin fianáin

Bainimid úsáid as fianáin fheidhmiúla chun roghanna úsáideora a stóráil; fianáin tríú páirtí arna socrú ag seirbhísí tríú páirtí atá comhtháite sa suíomh gréasáin. Tá sé de rogha agat glacadh leo nó iad a dhiúltú. Le haghaidh tuilleadh faisnéise nó chun athbhreithniú a dhéanamh ar do rogha maidir leis na fianáin agus na logaí freastalaí a úsáidimid, iarraimid ort an méid seo a leanas a dhéanamh:

Léigh ár ráiteas príobháideachaisFaigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a n-úsáidimid fianáin

Go raibh maith agat!

Go raibh maith agat!

Rinneamar nuashonrú ar ár mbeartas príobháideachais

Bímid ag oibriú i gcónaí chun an suíomh gréasáin seo a fheabhsú dár n-úsáideoirí. Úsáidimid na sonraí anaithnide a chuireann fianáin ar fáil chun é sin a dhéanamh.
Féach ar na rudaí a athraíodh inár mbeartas príobháideachais

Chuaigh do roghnú maidir le húsáid fianán in éag

Bímid ag oibriú i gcónaí chun an suíomh gréasáin seo a fheabhsú dár n-úsáideoirí. Úsáidimid na sonraí anaithnide a chuireann fianáin ar fáil chun é sin a dhéanamh.
Faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a n-úsáidimid fianáin

Teastaíonn fianáin ón ngné seo.
Modhnaigh

[8]ページ先頭

©2009-2026 Movatter.jp