Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Skip to:Skip tonavigationSkip tocontentSkip tofooter
European Central Bank - eurosystem
European Central Bank - eurosystem
GA
БългарскиČeštinaDanskDeutschEλληνικάEnglishEspañolEesti keelSuomiFrançaisGaeilgeHrvatskiMagyarItalianoLietuviųLatviešuMaltiNederlandsPolskiPortuguêsRomânăSlovenčinaSlovenščinaSvenska
our logo, a yellow Euro sign surrounded by yellow stars centered in a dark blue circle resting on a dark blue base
Search
Search Options
Image Preview
HomePublicationExplainersStatisticsPaymentsCareerMonetary Policy
Suggestions
Sort by

Boinn chomórtha €2

Airgead dlíthairgthe ar fud an limistéir euro

Féadfaidh gach tír ina n-úsáidtear an euro mar airgeadra oifigiúil dhá bhonn comórtha a eisiúint in aghaidh na bliana. Tá na gnéithe céanna ag na boinn sin agus an taobh coiteann céanna acu agus atá ag gnáthbhoinn €2. Is boinn dhifriúla iad mar sin féin i ngeall ar an dearadh comórtha atá ar an taobh náisiúnta. Ní féidir ach ainmníocht €2 a úsáid le haghaidh boinn chomórtha.

2025
2024
2023
2022
2021
2020
2019
2018
2017
2016
2015
2014
2013
2012
2011
2010
2009
2008
2007
2006
2005
2004

Is dlíthairiscint iad na boinn chomórtha €2 ar fud an limistéir euro. Ciallaíonn sé sin gur féidir iad a úsáid díreach cosúil le haon bhonn euro eile agus go gcaithfear glacadh leo.

Déanann an chuid is mó de na boinn comóradh ar imeachtaí stairiúla nó tarraingíonn siad aird ar imeachtaí reatha a bhfuil tábhacht chultúrtha leo. Mar shampla, d’eisigh an Ghréig an chéad bhonn comórtha €2 riamh chun na Cluichí Oilimpeacha a reáchtáladh san Aithin in 2004 a cheiliúradh.

Cé go bhfuil an Banc Ceannais Eorpach freagrach as líon na mbonn a fhéadfaidh tíortha an limistéir euro a eisiúint a cheadú, (boinn chomórtha san áireamh), is inniúlacht náisiúnta i gcónaí é boinn airgid a dhearadh agus a eisiúint.

Boinn a eisítear i gcomhpháirt le gach tír i limistéar an euro

Tá cúig bhonn eisithe i gcomhpháirt le gach tír i limistéar an euro:

  1. in Márta 2007, chun comóradh a dhéanamh ar50 bliain ó síníodh Conradh na Róimhe;
  2. in Eanáir 2009, chun comóradh a dhéanamh ar10 mbliana ó bunaíodh an tAontas Eanamaíoch agus Airgeadaíochta;
  3. in Eanáír 2012, chun comóradh a dhéanamh ardheich mbliana ó tugadh isteach nótaí bainc agus boinn euro;
  4. i Lúnasa 2015, chun ceiliúradh a dhéanamh ar30 bliain ó rinneadh bratach an Aontais Eorpaigh;
  5. agus, i mí Iúil 2022, chun comóradh a dhéanamh ar35 bliain ó bunaíodh Clár Erasmus.

De ghnáth, féadfaidh gach tír dhá bhonn comórtha a eisiúint in aghaidh na bliana. Ach, is féidir bonn eile a eisiúint má eisítear i gcomhpháirt le gach tír sa limistéar euro é agus má dhéanann sé comóradh ar imeacht a bhfuil tábhacht leis ar fud na hEorpa.

Bíonn aghaidh choiteann ar na boinn seo a eisíonn gach tír in éindí, chomh maith le hainm na tíre is eisitheoir agus ainm an imeachta ar a bhfuil comóradh á dhéanamh i dteangacha náisiúnta na dtíortha eisiúna faoi seach.

Uasdátuithe maidir le boinn chomórtha €2 ar ár suíomh gréasáin

Murab ionann is nótaí bainc, is inniúlacht náisiúnta iad boinn airgid agus ní inniúlacht de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Má tá sé i gceist ag tír bonn comórtha €2 a eisiúint, ní mór di é sin a chur in iúl don Choimisiún Eorpach, ach ní gá di scéala a chur chuig an mBanc Ceannais Eorpach. Foilsíonn an Coimisiún an fhaisnéis chuí inIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith C).

Is í an Iris Oifigiúil an fhoinse údarásach ilteangach ar a mbunaíonn BCE uasdátuithe do na leathanaigh ar a shuíomh gréasáin a bhaineann le boinn euro. Go minic, tógann an próiseas tuarascála, an t-aistriú go 23 teanga agus an foilsiú tamall maith. Dá bhrí sin, cuimhnigh, le do thoil, go bhféadfadh sé nach mbeadh na leathanaigh ar shuíomh gréasáin BCE ar a bpléitear boinn airgid suas chun dáta i gcónaí.

Gach leathanach sa rannóg seo

An bhfuil tú sásta leis an leathanach seo?
Níl
Cén fáth nach bhfuil tú sásta?
Níl an leathanach ag obairNíl an t-eolas úsáideachNíl an dearadh tarraingteachCúis éigin eile
Go raibh maith agat as muid a chur ar an eolas!

Úsáideann ár suíomh gréasáin fianáin

Bainimid úsáid as fianáin fheidhmiúla chun roghanna úsáideora a stóráil; fianáin tríú páirtí arna socrú ag seirbhísí tríú páirtí atá comhtháite sa suíomh gréasáin. Tá sé de rogha agat glacadh leo nó iad a dhiúltú. Le haghaidh tuilleadh faisnéise nó chun athbhreithniú a dhéanamh ar do rogha maidir leis na fianáin agus na logaí freastalaí a úsáidimid, iarraimid ort an méid seo a leanas a dhéanamh:

Léigh ár ráiteas príobháideachaisFaigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a n-úsáidimid fianáin

Go raibh maith agat!

Go raibh maith agat!

Rinneamar nuashonrú ar ár mbeartas príobháideachais

Bímid ag oibriú i gcónaí chun an suíomh gréasáin seo a fheabhsú dár n-úsáideoirí. Úsáidimid na sonraí anaithnide a chuireann fianáin ar fáil chun é sin a dhéanamh.
Féach ar na rudaí a athraíodh inár mbeartas príobháideachais

Chuaigh do roghnú maidir le húsáid fianán in éag

Bímid ag oibriú i gcónaí chun an suíomh gréasáin seo a fheabhsú dár n-úsáideoirí. Úsáidimid na sonraí anaithnide a chuireann fianáin ar fáil chun é sin a dhéanamh.
Faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a n-úsáidimid fianáin

Teastaíonn fianáin ón ngné seo.
Modhnaigh

[8]ページ先頭

©2009-2026 Movatter.jp