Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Skip to:Skip tonavigationSkip tocontentSkip tofooter
European Central Bank - eurosystem
European Central Bank - eurosystem
GA
БългарскиČeštinaDanskDeutschEλληνικάEnglishEspañolEesti keelSuomiFrançaisGaeilgeHrvatskiMagyarItalianoLietuviųLatviešuMaltiNederlandsPolskiPortuguêsRomânăSlovenčinaSlovenščinaSvenska
our logo, a yellow Euro sign surrounded by yellow stars centered in a dark blue circle resting on a dark blue base
Search
Search Options
Image Preview
HomePublicationExplainersStatisticsPaymentsCareerMonetary Policy
Suggestions
Sort by

Lorg comhshaoil nótaí bainc euro

Tá an tEurochóras tiomanta do nótaí bainc euro a dhéanamh chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus is féidir, agus ag an am céanna a chinntiú go bhfuil airgead tirim ar fáil go forleathan agus go nglactar leis.

Piero Cipollone, Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE

Leagtar amach istraitéis airgid thirim an Eurochórais ár dtiomantas d’airgead tirim in euro. Is cuid lárnach dár ngeilleagar é an t-airgead tirim agus is mian linn a chinntiú go mbeidh sé ar fáil agus inrochtana do chách i gcónaí. Ní mór dúinn a chinntiú freisin go bhfuil na nótaí bainc chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus is féidir.

Cad é an lorg comhshaoil a bhaineann le bheith ag íoc le nótaí bainc euro?

Is ionann an úsáid bhliantúil a bhaineann duine as nótaí bainc euro mar ionstraim íocaíochta agus ocht gciliméadar a thiomáint i gcarr. Tá sé seo ar cheann de phríomhthorthaí an staidéir ar Lorg Comhshaoil Táirge (PEF).

Is measúnú é atá bunaithe armhodheolaíocht a d’fhorbair an Coimisiún Eorpach agus cuireann sé le staidéar Measúnaithe Saolré a rinneadh in 2004 chun tionchar na chéad sraithe nótaí bainc euro ar an gcomhshaol a thomhas. Mar thoradh ar an gcéad staidéar sin, rinneadh gníomhaíochtaí chun an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú, amhail aistriú i dtreo cadás atá 100% inbhuanaithe a úsáid i dtáirgeadh agus toirmeasc ar dhramhaíl nótaí bainc a dhiúscairt i láithreán líonadh talún.

Breithnítear sa staidéar saolré iomlán nótaí bainc euro, ó amhábhar a fháil agus a mhonarú go dáileadh agus diúscairt. Tugtar le fios sna torthaí cá bhfuil dul chun cinn mór déanta againn agus cabhraíonn siad linn tuilleadh bealaí a aimsiú chun lorg comhshaoil ár nótaí bainc a laghdú.

Príomhthorthaí ár measúnaithe tionchair comhshaoil

Tá an tionchar ar an gcomhshaol an-bheag

Is ionann lorg íocaíochtaí bliantúla nótaí bainc euro duine agus ocht gciliméadar a thiomáint i gcarr, nó gan ach 0.01 % dá dtionchar iomlán ar an gcomhshaol.

Tuilleadh eolais faoi na torthaí foriomlána

Tá dul chun cinn mór déanta againn cheana féin

Bhí tionchar dearfach cheana féin ag úsáid cadáis níos inbhuanaithe agus ag cosc a chur ar dhiúscairt dramhaíola nótaí bainc.


Tuilleadh eolais faoin méid atá déanta againn

Príomhréimsí an tionchair ar an gcomhshaol

Ós rud é go bhfuil nótaí bainc i gcúrsaíocht le blianta fada anuas, tá dáileadh ar cheann de na príomh-chúiseanna lena lorg comhshaoil.

Tuilleadh faoi na cúiseanna

An staidéar ar Lorg Comhshaoil Táirge


Tuarascáil iomlánAchoimre Fheidhmeach

Ag breathnú chun cinn

Oibrímid go leanúnach chun nótaí bainc a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus táimid ag féachaint ar bhealaí chun feabhas a chur ar ábhar agus ar chomhpháirteanna a úsáidtear i monarú nótaí bainc.

Rinne monaróirí uathmheaisíní bainc (UMB) agus bainc bearta freisin chun lorg comhshaoil UMBanna agus bonneagar thimthriall an airgid thirim a laghdú. Táthar ag féachaint freisin ar bhealaí chun an lorg ar an gcomhshaol a bhaineann le hiompar nótaí bainc a laghdú trí bhreoslaí agus foinsí fuinnimh níos inbhuanaithe a úsáid.

Tá taighde agus forbairt fhairsing ar bun, arb é is aidhm leo modhanna malartacha diúscartha dramhaíola a shainaithint le haghaidh nótaí bainc, amhail ábhar dramhaíola a athchúrsáil agus a athúsáid.

Cuirfear torthaí staidéar PEF san áireamh agus nótaí bainc euro á bhforbairt amach anseo.


Tuilleadh eolais

Tuilleadh sonraí

Caith súil ar na ceisteanna coitianta maidir leis an staidéar ar an Lorg Comhshaoil Táirge chun tuilleadh eolais a fháil.

Ceisteanna Coitianta

Do na meáin

Leagtar béim sa phreaseisiúint ghaolmhar ar phríomhchodanna den staidéar ar Lorg Comhshaoil Táirge.

Preasráiteas

Gach leathanach sa rannóg seo

An bhfuil tú sásta leis an leathanach seo?
Níl
Cén fáth nach bhfuil tú sásta?
Níl an leathanach ag obairNíl an t-eolas úsáideachNíl an dearadh tarraingteachCúis éigin eile
Go raibh maith agat as muid a chur ar an eolas!

Úsáideann ár suíomh gréasáin fianáin

Bainimid úsáid as fianáin fheidhmiúla chun roghanna úsáideora a stóráil; fianáin tríú páirtí arna socrú ag seirbhísí tríú páirtí atá comhtháite sa suíomh gréasáin. Tá sé de rogha agat glacadh leo nó iad a dhiúltú. Le haghaidh tuilleadh faisnéise nó chun athbhreithniú a dhéanamh ar do rogha maidir leis na fianáin agus na logaí freastalaí a úsáidimid, iarraimid ort an méid seo a leanas a dhéanamh:

Léigh ár ráiteas príobháideachaisFaigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a n-úsáidimid fianáin

Go raibh maith agat!

Go raibh maith agat!

Rinneamar nuashonrú ar ár mbeartas príobháideachais

Bímid ag oibriú i gcónaí chun an suíomh gréasáin seo a fheabhsú dár n-úsáideoirí. Úsáidimid na sonraí anaithnide a chuireann fianáin ar fáil chun é sin a dhéanamh.
Féach ar na rudaí a athraíodh inár mbeartas príobháideachais

Chuaigh do roghnú maidir le húsáid fianán in éag

Bímid ag oibriú i gcónaí chun an suíomh gréasáin seo a fheabhsú dár n-úsáideoirí. Úsáidimid na sonraí anaithnide a chuireann fianáin ar fáil chun é sin a dhéanamh.
Faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a n-úsáidimid fianáin

Teastaíonn fianáin ón ngné seo.
Modhnaigh

[8]ページ先頭

©2009-2026 Movatter.jp