Is spás-tóireadóir éTurasóir 1 agus é seolta agNASA ar an 5ú Meán Fomhar 1977 chun staidéar a dhéanamh ar na pláinéid amuigh agus ar na gealacha saGrianchóras imigéiniúil, agus eolas a chruinniú ar spás taobh amuigh denGhrianchóras freisin. Seoladh é 16 lá tar éis a leathchúplaTurasóir 2. Tár éis dó bheith ag obair níos mó ná 38 bliana tá an spás árthach ag cumarsáid go fóill leLíonra Spás Doimhin le h-orduithe a ghlacadh agus sonraí a chur ar ais. Ar fad 134 AU (2.00 x 1010 km) sa bhliain 2016 s’é an spás árthach is sia ón Domhain agus an t-aon cheann amháin atá i spás idir-réaltach. B’é príomhchuspóir mhisin na toireadóra foluain-thart a dhéanamh arIúpatar,Satarn agusTíotán an ghealach mhórShatairn. Cé go raibh an spás-árthach in ann an turas goPlútón a dhéanamh cinneadh é a chur go Tíotán ina ionad dá dheasca gurb’ eol go bhfuil atmaisféar nach beag é ar an ghealach a bhí níos suimiúla a bhreathnú agus a raibh tosaíocht air mar sin. Rinne sé staidéar ar aimsir, réimsí maighnéadaí agus fáinní an dáphláinéad agus b’é an céad tóireadóir é mion-íomhánna a ngealach a chur ar áis. Tar éis dó a chéad mhisean a chomhlíonadh le foluain-thart arShatarn ar an 20ú Samhna 1980 thosaighTurasóir 1 misean sínte chun taiscéalaíocht a dhéanamh ar réimsí agus teorainn an im-ghriansféir. Ar an 25ú Lúnasa 2012 thrasnaighTurasóir 1 anGriansos agus rinneadh de an céad spásárthach dul isteach i spás idir-réaltach agus staidéar a dhéanamh ar an mheán idir-réaltach. Meastar go leanfaidhTurasóir 1 lena mhisean shínte go dtí tuairim is 2025 nuair nach mbeidh cumhacht fágtha ag a ghineadóirí teirmeanúicléach a uirlisí eolaíochtaí a oibriú níba mhó.