Ach ní raibh sé ach 37 bliain d’aois nuair a chuir sélámh ina bhás féin. Bhí sé beo bocht lena linn agus ní raibh clú air go dtí roinnt blianta i ndiaidh abháis.[1]
Ní dhearna sé móránairgid as an ealaín riamh. Ach sa lá atá inniu ann, is fiú na milliúin euro cuid mhór dár phéinteáil sé. Ní raibh saol sona aige ach oiread mar nach raibh an tsláinte go maith aige, agus bhí dúil rómhór aige sanól, rud a scrios ashláinte ar fad
Van Gogh iin Arles sa bhliain 1888, tiomnaithe do Gauguin
Rugadh Vincent van Gogh ar an 30 Márta 1853 i Groot-Zundert, sanÍsiltír. Bhí a athair Theodorus inamhinistirProtastúnach. Ba de theaghlach Protastúnach é a raibh an-spéis acu sareiligiún agus in obairmhisinéireachta.
Ba ealaíontóir í a mháthair Anna. Uaithi a fuair sé an grá agustallann mhór a bhí aige donealaín is dócha.[2]
Rugadh Vincent bliain amháin go dtí an lá ó fuair a dheartháir mór bás, a raibh an t-ainm Vincent air fosta.
Bhí beirt deartháireacha, Theo agus Cor aige agus triúr deirfiúracha, Anna, Elizabeth agus Willemien. Bhí sé an-mhór le Theo, agus mhair ancairdeas mór eatarthu go dtí an deireadh.
Bhí suim ar leith ag anteaghlach san ealaín nuair a bhí sé ag fás aníos ach ní sa phéinteáil féin. Is ag díol pictiúr agus portráidí a bhí siad. Ag aois a 15, bhí deacrachtaíairgeadais ag anteaghlach agus b’éigean do Vincent anscoil a fhágáil agus dul ag obair. Fuair sé obair lecomhlacht ealaíne a uncail saHáig, Goupil et Cie. Faoin am seo bhí Vincent líofa i gceithre theanga,an Fhraincis,an Ghearmáinis, anBéarla agus anOllainnis.
Sa bhliain 1873, mar chuid dá obair, chuaigh van Gogh chun cónaí iLondain. Thit sé i ngrá le cultúrShasana agus bhí dúil mhór aige i scríbhneoireachtCharles Dickens agusGeorge Eliot.
Lusanna gréine, 1888
Nuair a bhí sé i Londain thit sé i ngrá le Eugenie Loyer. D’iarr sé uirthi é a phósadh ach dhiúltaigh sí é. Tháinig gruaim uafásach ar Vincent ina dhiaidh sin.
Bhog sé goPáras sa bhliain 1875, fós le Goupil & Cie. D’éirigh sé feargach le daoine ag an obair agus ba ghnách leis insint do chustaiméirí gan an ealaíon beagluachach a cheannach. Gan mhoill tugadh bata agus bóthar dó.
Thosaigh Van Gogh ag teagasc i scoil buachaillí iRamsgate sa bhliain 1875, agus ansinMiddlesex.
D'fhill sé goDordrecht am Nollag 1876 agus thosaigh sé ag obair i siopa leabhar. D'fhan sé ann sé mhí.
Bhí spéis mhór ag Vincent sareiligiún agus, de réir a chéile, d’éirigh sé an-chráifeach. Chaith sé ar shiúl gachleabhar a bhí aige ach amháinan Bíobla agus shocraigh sé go gcaithfeadh sé a shaol i seirbhísDé.
Ba mhian leis a bheith ina mhinistir. Rinne sé staidéar i 1877/1878 le bheith inamhinistir inAmstardam lena uncail, Johannes Stricker. Ach theip air sna scrúduithe agus tháinig deireadh leis an smaoineamh sin (dhiúltaigh sé na scrúduitheLaidine a dhéanamh is cosúil. Dúirt sé gur teanga mharbh a bhí inti).
Fuair sé post ansin in 1879 sa Petit-Wasme mar "mhisinéir" saBheilg.
Ní dheachaigh Vincent Van Gogh leis an bpéinteáil go dtí go measartha mall ina shaol.[1]
I bhFómhair 1880, shocraigh van Gogh ar bhogadh go dtí anBhruiséil agus ar a bheith ina ealaíontóir. Cé nach raibh aon traenáil fhoirmeálta aige, thosaigh sé ag déanamh staidéar ar an ealaín é féin. D’aontaigh a dheartháir Theo ar chuidiú leis ó thaobhairgid de.
Níor éirigh go rómhaith leis mar ealaíontóir, áfach. Ní raibh mórán spéise ag daoine ann agus shíl go leor daoine go raibh a chuid oibre dorcha agus neamhshuimiúil. D'fhill sé chun Etten i mí Aibreáin 1881 agus d'fhan sé lena thuismitheoirí ann ar feadh tamall.
Bhog Vincent goPáras agus isteach lena dheartháir Theo. Ba ansin a chonaic sé ealaínimpriseanaíoch den chéad uair. Rinne sé cairdeas le healaíontóirí eile ar nósHenri de Toulouse-Lautrec,Camille Pissarro agus daoine eile, ach go minic thit sé amach le healaíontóirí eile fosta nuair a rinne sé cáineadh ar a saothar.
Chuir van Gogh suim mhór inealaín naSeapáine agus bhíbrionglóid aige taisteal go dtí an tSeapáin.
DúirtToulouse-Lautrec leis go raibh ansolas isráidbhaileArles díreach cosúil leis an solas sa tSeapáin. I Feabhra 1888, chuaigh Vincent ar thraein go deisceart na Fraince agus bhog sé isteach sa “teach buí”.
Bhí an chuma ar an scéal go raibh sé ag péinteáil cuid mhór agus nach raibh na pictiúir chomh dorcha sin níos mó. Chruthaigh sé stíl ar leith a bhí i bhfad níos gile agus níos ildaite, agus bhí na pictiúir deas simplí. Is le linn an ama sin a phéinteáil sé cuid de na pictiúir is mó clú, mar shampla Seomra Leapa in Arles, Lusanna na Gréine agus Joseph Roulin (Fear an Phoist).[1]
Chaith sé a chuid airgid ar phéint agus ní ar bhia. Faoin Nollaig, bhí sé beo ar chaifé, arán agus deochalcólach darbh ainmapsaint agus tháinig meath mór ar a shláinte fhisiciúil agus mheabhrach.
"Oíche spéirghealaí"
Bhí imní ar a dheartháir Theo agus d’íoc sé an t-ealaíontóirPaul Gauguin as dul go Arles agus súil a choinneáil ar Vincent. Taobh istigh de mhí bhí an bheirt acu ag argóint an t-am ar fad agus d’fhág Gauguin.
7 Eanáir 1889 a rinne sé an pictiúir seo: bhain Vincent van Gogh píosa as a chluas féin ar 23 Nollaig 1888. Aisteach go leor, phéinteáil sé féinphortráid ina dhiaidh sin ina bhfuil an bindealán a chuir sé ar a chluas ghearrtha le feiceáil go soiléir.[3]
Bhí fadhbanna meabhairshláinte ag Van Gogh agus is iomaí caint a tharraing a shaol príobháideach. Ar an23 Nollaig1888, ghearr Van Gogh píosa dá chluas féin de. Ní léir cad a tharla. Cinnte bhí aigne Vincent ina cíor thuathail. Bhí argóint aige lePaul Gauguin agus fuair sé amach timpeall an ama sin go raibh a dheartháir Theo ar tí pósadh agus bhí éad air.[4][5][3]
Tugadh Vincent chuig anospidéal ach ní raibh sé mar an gcéanna riamh arís. Bhuail gruaim é. Thriail sé pictiúir den dúlra a phéinteáil le dóchas a thabhairt dó ach ba mhinic é ag filleadh ar anospidéal mar gheall ar ashláinte.
Ní bhfuair sé an chabhair cheart a bhí ag teastáil uaidh.[1] Ar an 27 Iúil 1890, tháinig deireadh tragóideach lena shaol gairid. Chuir van Gogh lámh ina bhás féin saFhrainc; scaoil sé é féin sa bhrollach ; fuair sé anbhás, in aois 37 bliain dó.
Tá a shaothar i measc na cinn is cáiliúla agus is daoire riamh, mar shamplaLucht Ite Prátaí,Lusanna gréine,An Oíche Réaltach,Feileastraim agusPortráid den Dr. Gachet, srl.