Is éard issíol ann ná alt an-ghearr - níos lú ná paragraf amháin go hiondúil. Ní féidir le síol tuairisciú ceart a dhéanamh ar ábhar ach amháin do na hábhair is neamhthábhachtaí. Ní chiallaíonn sé sin nach fiú don alt a bheith ann ach ba cheart go mbeadh ar a laghad, sainmhíniú ar theideal an ailt ann.
Má theastaíonn uait alt a mharcáil mar shíol, cuir an chlib seo ag deireadh an ailt, ach roimh na rannaFéach freisin agusNaisc sheachtracha:
- {{síol}}
Léireofar an téacs seo a leanas (ónTeimpléad:síol) san alt.
 | Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh. |
Más maith leat, is féidir leat teimpléad níos sainiúla a roghnú as an gCatagóir:Síolta.
Tugann é seo misneach do dhaoine eile an t-alt a fhorleathnú. Tar éis píosa breise a scríobh don leathanach, sa chaoi nach bhfuil cuma shíl air níos mó, bain an chlib seo den alt.
Chun síol a fhorleathnú, is féidir leat tagairtí a chur isteach agus a lua faoin ábhar as leabhair, irisí nó nuachtáin. Tabhair cuairt ar naisc sheachtracha an ailt, má tá siad ann, nó d'fhéadfá cuardach a dhéanamh ar inneall cuardaigh ar nósGoogle nóYahoo! chun tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar. Cuimhnigh, áfach, nach féidir leat téacs a chóipeáil focal ar fhocal isteach sa Vicipéid, de réir anGFDL. Ar ndóigh, is féidir leat alt a aistriú ó theanga eile sa Vicipéid, m.sh. anVicipéid i mBéarla.