Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Vicipéid:Conas alt a chur in eagar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta óVicipéid:Conas leathanach a chur in eagar)

Isvici (WikiWiki) í anVicipéid. Is é an bhrí atá leis sin go bhfuil cead ag gach duine leathanach a chumadh nó a fheabhsú, agus go gcuirtear ar taispeáint láithreach aon athrú a dhéantar. Cuireann an leathanach seo síos ar anscríobhchód mearshuímh. B'fhéidir gur mian leat tuilleadh a fhoghlaim faoi na rudaí a leanas:


Cruthú agus Ceartú

[athraigh foinse]

Tá sé an-éasca leathanach mearshuímh a chur in eagar. Lean an nasc "Cuir in eagar" ag barr an ailt. Osclaíonn leathanach agus leagan so-athraithe den téacs ann.

Clóscríobh d'alt, achoimrighna hathruithe sa bhosca beag thíos, agus cliceáil ar "Sábháil"! Is féidir leat réamhamharc a fháil ar do chuid athruithe.

Bí neamhchlaonta agus tú ag scríobh, agusluaigh do chuid foinsí chun go bhféadfadh daoine eile d'alt a sheiceáil agus cur leis.

Is minic is fusa an téacs a chóipeáil ar phróiseálaí focal, athruithe a dhéanamh ann agus an litriú a sheiceáil, agus é a chóipeáil arís ar do bhrabhsálaí chun réamhamharc a fháil air.

Athrach Cló

[athraigh foinse]

Is féidir athrach cló a dhéanamh le húsáid na n-uaschamóg ( ' ).

  • Déantartéacs a íodáiliú trí dhá uaschamóg a chur ar gach taobh.
  • Déanann trí uaschamógan téacs a thromú.
  • Déanann cúig uaschamógan téacs a thromú agus a iodáiliú.

(Ní dhéanann ceithre uaschamóg faic.)

Síniú

[athraigh foinse]

Is cóir duit do chuid tuairimí ashíneáil ar na leathanaigh phléite trí roinnt tildí ( ~ ) a bhreacadh ag deireadh na teachtaireachta:

  • Tugann trí thilde d'ainm úsadóra.
  • Tugann ceithre thilde d'ainm úsadóra, an dáta agus an t-am.
  • Tugann cúig thilde an dáta agus an t-am.

Mírchinn

[athraigh foinse]

Is féidir leis an mbogearra Vicí clár ábhair a chumadh uaidh féin as na mírchinn.

Fomhír

[athraigh foinse]

Is féidir fomhír a chumadh trí shíní cothroime ( = ) a chur ar gach taobh d'abairt nó d'fhocal:

( == ): Litreacha móra.

( ==== ): Litreacha measartha mór.

Déantar eangú má chuirtear idirstad ( : ) roimh líne nó roimh pharagraf. Úsáidtear idirstad amháin le haghaidh eangú amháin, dhá idirstad le haghaidh dhá eangú agus mar sin de.

Má chruthaítear nasc le leathanach nach bhfuil ann (fós) beidh an nasc sin dearg:An Cat Glas. Is féidir an leathanach úd a chruthú trí chliceáil ar an nasc; nochtfaidh leathanach folamh agus is féidir leat alt a scríobh ann.

Más mian leat an córas a thástáil gan dochar a dhéanamh, is féidir leat é a dhéanamh ar an gClár Dubh

Féach ar anlámhleabhar do MediaWiki i mBéarla chun eolas reatha a fháil.

Ranna, Paragraif, Liostaí agus Línte

[athraigh foinse]

Liostaí

[athraigh foinse]

Má theastaíonn uait liosta a chruthú, cuir * roimh gach mír sa liosta.

Mar shampla, taispeánfar
*An Iodáil
*Éire
mar
  • An Iodáil
  • Éire.

Má theastaíonn uait liosta le huimhreacha a chruthú, cuir # roimh gach mír sa liosta.

Mar shampla, taispeánfar
#An Iodáil
#Éire
mar
  1. An Iodáil
  2. Éire.

Línte

[athraigh foinse]

Má theastaíonn uait líne a chruthú, scríobh: ----.

Naisc, Seoltaí URL, Íomhánna

[athraigh foinse]

Naisc

[athraigh foinse]

Má theastaíonn uait nasc a chruthú, cuir [[ ]] timpeall an fhocail.

Mar shampla, taispeánfar [[Litríocht na hIodáilise]] marLitríocht na hIodáilise.

Má tá tú ag iarraidh nasc a cheangal le teideal ailt trí fhocal atá difriúil leis, scríobh an teideal idir lúibíní cearnacha dúbailte ([[) agus líne ingearach ( | ); ansin scríobh an focal agus cuir lúibíní cearnacha ina dhiaidh.

Mar shampla, taispeánfar [[Litríocht na hIodáilise|madra]] marmadra.

Má tá nasc eile ón Vicipéid á chruthú agat, cuir [[:cód teanga:teideal an ailt]] ar an leathanach.

Mar shampla, taispeánfar [[:en:Irish]] maren:Irish.

Seoltaí URL

[athraigh foinse]

Má theastaíonn uait nasc Idirlín a chruthú, scríobh an seoladh iomlán leis an http:// ag an tús.

Mar shampla: Taispeáinfear http://www.wikipedia.org marhttp://www.wikipedia.org

Má theastaíonn uait nasc Idirlín a chruthú ach níor mhaith leat an URL a léiriú, cuir [ ] thimpeall an tseolaidh.

Mar shampla: Taispeáinfear [http://www.wikipedia.org] mar[1]
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Vicipéid:Conas_alt_a_chur_in_eagar&oldid=1213852"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp