Is ceann de na 31 stát de chuidMheicsiceo éVeracruz, agus é suite in oirthear na tíre. Tá leaganacha oifigiúla agus stairiúla níos faide den ainm:Veracruz de Ignacio de la Llave a thugtar ar an stát inabhunreacht,[1] agus is seanleagan deVeracruz-Llave freisin.Estado Libre y Soberano de Veracruz de Ignacio de la Llave an leagan is faide den ainm. Is éXalapa anphríomhchathair agus is éVeracruz an chathair is mó. Bhí 7,773,408 duine ina gcónaí ann sa bhliain2012.
D'fhás sibhialtacht na nOilmiceach i Veracruz a bhí i mbarr a réime sa chéad mhíle bliain R.C. Mhair sí go dtí na 300idí R.C. As na hOilmicigh a d'fhás ríochtaí eileMheiriceá Láir.
TháinigHernán Cortés i dtír i Meicsiceo den chéad uair san áit ina bhfuil cathair Veracruz inniu. Chuir sé calafort ar bun ansin sular thug sé aghaidh arTenochtitlán, príomhchathair na nAstacach. Chuidigh cuid de Indiaigh Veracruz leis agus chuaigh cuid eile ina choinne.
Mar gheall ar an mbolgach a thug naSpáinnigh isteach sa tír leo, mharaigh na sluaite i measc na nIndiach agus bhí ganntanas mór oibrithe ann. Sa bhliain 1535, mar sin, thosaigh na Spáinnigh a thabhairtsclábhaí isteach ónAfraic, idir 500,000 agus 1 mhilliún duine san iomlán. D'éirigh na sclábhaí amach arís agus aríst eile, áfach, agus faoi dheireadh cuireadh an sclábhaíocht ar ceal, an chéad áit ar an domhan ina rinneadh amhlaidh. D'fhág sin freisin éagsúlacht eitneach in Veracruz thar an ngnáth i Meicsiceo.
Is iad an talmhaíocht aguspeitriliam bunchloch gheilleagar Veracruz. Saothraítear leath na dtorthaí citreacha i Meicsiceo sa stát. Tá an pónairefanaile tábhachtach agus dúchasach do Veracruz. Tá calafort Veracruz tábhachtach freisin agus, mar gheall ar chósta fada an stáit, déantar a lán iascaireachta ansin chomh maith.
↑«El Estado de Veracruz de Ignacio de la Llave es parte integrante de la Federación Mexicana, libre y autónomo en su administración y gobierno interiores» (art. 1° de la Constitución Política del Estado de Veracruz de Ignacio de la Llave).
Issíol faoi thíreolaíochtMheicsiceo é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.