Istír ar chósta thuaidhMheiriceá Theas éVeiniséala.Spáinnis anteanga oifigiúil. Is éCaracas anphríomhchathair. Ba éDiego de Losada a bhunaigh an chathair i1567 tar éis dó na pobail áitiúla a threascairt i gcogadh. Meastar go bhfuil daoine ina gcónaí sa réigiún le os cionn deich míle bliain. Cruthaíodh an tír nuair a thitGran Colombia as a chéile sa bhliain1830 tar éis do na coilíneachtaí saoirse a bhaint denSpáinn i1811. Ba sa bhliain1522 a bunaíodh an choilíneacht Spáinneach agus is í an Spáinnis príomhtheanga na tíre ó shin.
Ba é ancócó príomhtháirge na tíre ar feadh cúpla céad bliain, agus tháinig daoine anois ón Spáinn chun dul i mbunfeirmeoireachta. Bhain siad úsáid as sclábhaire ónAfraic chomh maith, agus rinneadh forbairt ar bharraí eile ar nóscadás,siúcra,caife agustobac. Is cuid thábhachtach de chultúr Veineiséala traidisiúin, ceol agus amhráin na sclábhaithe.
RinneFrancisco de Miranda, a chaith seal in arm na Spáinne, agus a bhí páirteach i gcogadh saoirseStáit Aontaithe Mheiriceá agus iRéabhlóid na Fraince, iarracht neamhspleáchas a bhaint amach do Veiniséala, ach ní raibh aird ar bith air, agus níor tháinig gluaiseacht na saoirse chun cinn go dtí gur ghabhNapoleon seilbh ar an Spáinn. D'úsáid lucht rachmais Veiniséala an t-ionradh sin mar leithscéal chun neamhspleáchas a fhógairt i míIúil1811. BhíSimón Bolívar i measc na réabhlóidithe agus scaip sé soiscéal na réabhlóide ar fud Mheiriceá Theas. Rinne na Spáinnigh iarracht na coilínigh a athghabháil nuair a bhí Napoleon ruaigthe as a dtír féin acu, agus troideadh cogadh fada fuilteach, ach faoi1821 bhí neamhspleáchas Veiniséala buanaithe.
Tháinig ceannairí éagsúla míleata i gcomharbacht ar a chéile sa tréimhse ar a dtugtar ancaudillismo agus bhí cogadh cathardha sa tír idir na coimeádaigh agus na liobrálaigh sna blianta1859–1863. Ba iad na liobrálaigh a bhuaigh an cogadh sin, ach ba iad na ginearáil a choinnigh an chumhacht.
Sa chuid ba mhó den bhfichiú haois bhí saighdiúirí i gceannas na tíre, ach cuireadh rialtas daonlathach ar bun i1959. Is éHugo Chavez an t-uachtaráin atá ann ó1999. Iarshaighdiúir a rinne iarracht an rialtas a chur dá chois, ach a toghadh go daonlathach ó shin faoi dhó. Cuireadh as oifig é in éirí amach den eite dheis, a fuair tacaíocht ó na Stáit Aontaithe, ach de bharr léirsithe ollmhóra b'éigean don lucht ceannairce cumhacht a ghéilleadh dó arís.
Rinne Chavez dlúthcheangal le rialtasChúba agus fógraítear go bhfuil "sóisialachas don21ú haois" i réim sa tír. Bhí an-chuid airgid ag an rialtas mar gheall ar na tobair ola atá go flúirseach inti agus caithtear cuid mhór airgid ar chúinsí sláinte agus oideachais na mbocht a fheabhsú.
Acharl 912,050 ciliméadar cearnach, 30,000 ciliméadar cearnach faoi uisce. Aeráid the theochreasach atá sa tír.
Daonra: 25,375, 281 (2005)
Tháinig litríocht Veiniséala chun cinn go luath i ndiaidh ghabháil na Spáinne ar shochaithe dúchasacha réamhliteartha den chuid is mó; bhí sé faoi cheannas tionchair na Spáinne. Tar éis ardú na litríochta polaitíochta le linn Chogadh na Saoirse, tháinig Rómánsachas Veiniséalach chun cinn mar an chéad seánra tábhachtach sa réigiún, a léirigh Juan Vicente González agus Fermin Toro go háirithe. Cé go raibh sé dírithe go príomha ar scríbhneoireacht insinte, chuir filí ar nós Andres Eloy Blanco agus Fermin Toro litríocht Veiniséala chun cinn freisin.
I measc na mórscríbhneoirí agus na húrscéalaithe tá Romulus Gallegos, Teresa de la Parra, Arthur Uslar Pietri, Adriano Gonzalez Leon, Miguel Otero Silva, agus Mariano Picon Salas. Ba iad filí tábhachtacha an 20ú haois Eugenio Montejo agusRafael Cadenas.