Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Uachtar reoite

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaUachtar reoite
Sonraí
Cineálmilseog reoite,milseog a itear le spúnóg agustáirge bog déanta as bainne bó
Príomh-chomhábhairbainne,uachtar,siúcra agusblasóir

Isbia éuachtar reoitereoiteog a itear go forleathan timpeall na cruinne é. Déantar leuachtar,bainne,uibheacha,siúcra agus purée torthaí, más gátar sin, é. Reoitear na comhábhair agus coimeadtar reoite i gcónaí iad. Bíonnteocht íseal ag uachtar reoite nuair a itear é. Braitheann uigeacht an uachtair reoite ar cé chomh fuar is atá sé. Má tá sé fíor-reoite, beidh sé crua, ach má thosaíonn sé ag téamhú, tosóidh sé ag leá agus beidh uigeacht bog aige agus is furast le dhuine é a scaobadh ansin.

Coirceog reoiteoige

Is iomaí cineál agus blasanna uachtar reoite atá ann. Is féidir comhábhair éagsúla a chumasc leis an oideas bunaidh. Is féidir torthaí,seacláid, brioscáin, milseáin, cnónna,taifí,caife,alcól is araile a mheascadh leis an uachtar reoite chun blasanna agusdathanna éagsúla a thabhairt dó.

Stair

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Ní fios go díreach cé a d’airg uachtar reoite[1]. B’fhéidir gurbh iad muintir naSíne a d’airg é, chomh luath le 3,000 R.C.

Is dócha gur tháinig nós an uachtair reoite ón tSín chun na Eorpa snaMeánaoiseanna. In imeacht aimsire, bhí tóir ar uachtar reoite i gcúirteanna ríoga naFraince agus nahIodáile.

Ansin leath an nós goStáit Aontaithe Mheiriceá.   Nuair a bhí cuisneoirí agus reoiteoirí ar fáil go forleathan, bhí sé níos éasca uachtar reoite a dhéanamh.  

1954 Morris

Nósanna

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Is deas an só é uachtar reoite, go háirithe ar lá te samhraidh.

Is nós le daoine é a ithe marmhilseog tar éis béile a chaitheamh. Is féidir freisin uachtar reoite a ithe in aonar am ar bith marsmailc i rith an lae, nó nuair a mbíonn daoine ag breathnú ar scannáin.

Tá cáil faoi leith ar an uachtar reoite a dhéantar san Iodáil. Síltear gurb é an uachtar reoite is fearr ar domhan.Gelato a ghlaonn muintir na hIodáile ar uachtar reoite.

Féach freisin

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. Eureka, COGGhttp://www.cogg.ie/wp-content/uploads/Eureka_Irish_12.32.pdf[nasc briste go buan]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Uachtar_reoite&oldid=1226500"
Catagóirí:
Catagóirí folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp