Is gníomhaireacht speisialta de chuid naNáisiún Aontaithe a bunaíodh sa bhliain1945 éEagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (EOECNA).[1][2]
Bunaíodh anClár Idirnáisiúnta Chuimhne an Domhain UNESCO i 1992 le haitheantas a thabhairt d’oidhreacht dhoiciméadach a measann saineolaithe a bheith de “shuntas den scoth” do chultúr andomhain.[5] Bhunaigh UNESCO clárCuimhne an Domhain i 1992 chomh maith chun caomhnú a dhéanamh ar ábhar luachmhar oidhreachta a bhí i mbaol de bharr na cogaíochta agus an tsuaite sóisialta nó de bharr easpa acmhainní.[6]
2011ˑ Cuireadh an Leabhar Cheanannais le Clár Cuimhne an Domhain UNESCO.
2018ː CuireadhCnuasach Bhéaloideas Éireann le Clár Cuimhne an Domhain UNESCO.[7] Tá an cnuasachbéaloidis le háireamh ar chlár UNESCO mar gheall ar a “thábhacht dhomhanda” agus “an luach domhanda thar na bearta don chultúr”.
Sa bhliain 2017, bhí stádas UNESCO á lorg don Ghàidhlig, do chultúr Gaelach na hAlban agus do na h-Eileanan Siar. Ach ní bhfuair siad é (fós).
Ghlac UNESCO le cluiche na hiománaíochta mar chuid d’Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe an Chine Dhaonna.
I mí na Nollag 2015 dhaingnighÉire Coinbhinsiún 2003 UNESCO maidir le Caomhnú na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe.[8] Tagraíonn oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe ‘do na cleachtais, léirithe, nathanna, eolas, scileanna - chomh maith leis na hionstraimí, réada, déantáin agus spásanna cultúrtha lena gcois - a aithníonn pobail, grúpaí agus, i roinnt cásanna, daoine aonair mar chuid dá n-oidhreacht chultúrtha.
Ghlac UNESCO le cluiche na hiománaíochta,[9] píobaireacht uilleann agus cláirseoireacht na hÉireann, mar chuid d’Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe an Chine Dhaonna.