Iséan mór saghéineasMeleagris é anturcaí, cosúil lepiasún, dúchasach doMheiriceá Thuaidh agus Láir. Tá turcaithe i measc na n-éan is mó ina raon.[1]
Tá dhá speiceas turcaí ann:
- an turcaí fiáin (Meleagris gallopavo) in oirthear agus lár Mheiriceá Thuaidh, agus
- an turcaí súileach (Meleagris ocellata) ar Leithinis Yucatán iMeicsiceo.
- A cheann nocht. An fireannach le filleadh crochta craicinn ag bun a ghoib agus spor starraiceach ar gach cos. Tásprochaille sainiúil ag fireannaigh den dá speiceas turcaí, atá ar crochadh ó bharr an ghoib.
- Mar is amhlaidh le go leor éan mór a itheann ar an talamh (ordGalliformes), tá na cinn fhireanna níos mó agus i bhfad níos dathúla ná na cinn bhaineanna.
- Áitríonn sé coillearnach mheasctha. Uiliteach. A chlúmh dorcha breac, ach na saghsanna saothraithe níos éadroime.
Tháinig na turcaithe is luaithe chun cinn i Meiriceá Thuaidh breis is 20 milliún bliain ó shin. Roinneann siad sinsear coitianta lecearca fraoigh, lepiasúin, agus le héanlaith eile. Is é an turcaí fiáin sinsear an turcaí clóis, a ceansaíodh timpeall is 2,000 bliain ó shin, b'fhéidir.
Anois bíonn an turcaí an-choitianta mar éanlaith clóis, i gcomhair naNollag go háirithe.
Tá sicíní agus turcaithe cosúil lena chéile maidir le dhá phríomhthréith. Tá cosa ar a dtugtar crúibíní ag an dá cheann acu. Tá na crúibíní seo an-láidir agus úsáideann siad iad chun tochailt sa chré chun bia a fháil. Ina theannta sin tá goba géara ag an dá cheann acu chun bheith ag gobadh ar fheitheidí agus ar ghráinní.[2]