Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Truailliú uisce

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dumhach Trá, BÁC truaillithe:escherichia coli agusenterococci stéigeach

Is é istruailliú uisce ann ná dochar a dhéanamh d’uisce.[1] Is féidir uisce a thruailliú ar go leor bealaí, ach tá fadhbanna le truailliúuisce de bharr nationsclaíochta agus natalmhaíochta go háirithe.

Tá uisce ar cheann de na hacmhainní is luachmhaire ar domhan. Cosúil le cosaint aibhneacha, lochanna agus farraigí, tá sé millteanach tábhachtach go mbeadh teacht againn ar uisce glan óil.[2]

Uaireanta cuirtear an dramhaíl ó mhonarchana go díreach isteach in aibhneacha agus i lochanna.

Truailliú in Éirínn

[cuir in eagar |athraigh foinse]

De réir an chéad suirbhé riamh ar chóstaí agus ar bhealaí uisce na hÉireann, in 2018, bhí 40% d’aibhneacha, de thránna agus de chuanta na hÉireann truaillithe nó truaillithe go dona. An Taisce a rinne an suirbhé thar ceann Gnó na hÉireann in Aghaidh Bruscair (IBAL). Trá amháin sa suirbhé, Bóthar na Trá i nGaillimh, a shásaigh an caighdeán Eorpach.[3]

Sa bhliain 2019-2020 léirighAn Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil gurbh é an phríomhbhagairt do cháilíocht an uisce in Éirinn ná go raibh an iomarca cothaitheach ann, cosúil lefosfar agusnítrigin. Den chuid is mó, is as talmhaíocht agus fuíolluisce a thagann na cothaithigh sin. Bhain aon trian na n-aibhneacha agus aon cheathrú na lochanna in Éirinn amach caighdeáin cáilíochta comhshaoil maidir le cothaithigh. Cúis eile imní ag an am, ná go raibh tiúchan níotráite inár n-aibhneacha agus screamhuisce ag dul i méid, go háirithe i ndeisceart agus in oirdheisceart na tíre. Sa bhliain 2019-2020 ní raibh ach leath de na haibhneacha agus locha ar chaighdeán ard nó caighdeán maith ó thaobh bitheolaíochta de.[4]

Sa bhliain 2024, bhí caighdeán an uisce i leath na n-aibhneacha agus lochanna sa Stát ag meath i gcónaí, in ainneoin nach raibh an oiread truailleán ó fheirmeacha á sceitheadh iontu agus a bhíodh, a mhaígh an GCC. Cé gur "lú"fosfáití agusníotráití a ligtear chun srutha ó fheirmeacha ag an am sin, de réir na tuarascála, bhí leibhéil na leasachán ceimiceach sin i ndobharlaigh i bhfad ró-ard. Ar mhuin a bhfuil de thruailleáin talmhaíochta sna dobharlaigh seo ar fad, bhí fuíolluisce ó árais chónaithe agus ó ghnóthais ag cur leo.[5]

Bhí an tuarascáil bunaithe ar thástálacha a rinneadh ar an uisce i 3,200 abhainn, 800 loch, 160 inbhear, 100 murlach, 512 dobharlach talún agus 16 canáil. (Measúnú ar uiscí dromchla an Stáit idir 2019 agus 2024 a bhí sa tuarascáil). Léirigh torthaí na dtástálacha go raibh 52% de na dobharlaigh sin slán in 2024 – i gcomparáid le 54% in 2019. Ba mheasa na hinbhir agus na murlaigh ná aon dobharlaigh eile agus caighdeán an uisce i 70% díobhsean faoi bhun an leibhéil is cóir. Mar le haibhneacha, ní raibh ach 48% díobh slán (deirtear gur draenáil, foraoiseacht agus forbairt uirbeach is cionsiocair leis sin).[5]

Polasaithe

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tá imní ar fheirmeoirí in Éirinn sna 2020idí go gcuirfear deireadh leis an socrú faoi leith atá acu maidir leis an méid níotráití a chuireann siad ar a gcuid talaimh. Bhí an tAontas Eorpach ag iarraidh orthu sna 2020idí níos lú níotráití a chur ar an talamh feasta de ghrá an chomhshaoil, ach mhaígh na feirmeoirí nach bhfuil gá leis an laghdú atá molta agus caighdeán an uisce in Éirinn "ag dul ó neart go neart", rud nach raibh fíor.[6]

Féach freisin

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. forasnagaeilge.ie. "Uisce". Dáta rochtana: 2024.
  2. cogg.ie (2015). "Ar Scáth a Cheile". Cartlannaíodhan bunleathanach ar 2023-06-03. Dáta rochtana: 2024.
  3. Nuacht RTE (2018-08-13). "Gan ach 8% de bhealaí uisce agus cladaí "glan"" (as ga-IE). 
  4. An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (2020). "Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2020". Dáta rochtana: 2025.
  5. 5.05.1Ciarán Lenoach / Nuacht RTÉ (2025-10-14). "Caighdeán an uisce i ndobharlaigh an Stáit fós ag meath" (as ga-IE). 
  6. Nuacht RTÉ (2025-09-16). "Tús leis an gComórtas Treabhdóireachta i gCo Uíbh Fhailí" (as ga-IE). 
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Truailliú_uisce&oldid=1284331"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp