Lár limistéir uirbigh is ea Trionta, ach tá an-éagsúlacht ag baint leis na bruachbhailte, áiteanna a chaomhnaíonn a sainiúlacht, idir chathrach agus thuathúil. Tá tuairim is 80,000 duine ina gcónaí sa tseanchathair. Is é Gardolo an bruachbhaile is mó daonra – timpeall 12,450 –agus é le fáil lastuaidh den chathair; is é Sardagna an bruachbhaile is lú – timpeall 1,100 duine. Tá sé siúd suite in airde ar sceird agus é 560 méadar os cionn leibhéal na mara, ach tá formhór na mbruachbhailte spréite i ngleann an Adige nó ar na cnoic lastoir den chathair.Tá dlúthbhaint idir Trionta agus nasléibhte, go háiritheMonte Bondone thiar, agus is fiú cuairt ar thabhairt aril Centro di Ecologia Alpina (Lárionad na hÉiceolaíochta Alpaí) agus ar an ngairdín luibheolaíoch.
Tá 15,803 heicteár i gcomún Thrionta, agus an chuid is mó díobh roinnte mar a leanas:
De réir an traidisiúinLaidinigh tagann an t-ainm ón bhfocalTridentum, ainm a dhéanann tagairt do na trí chnoc atá suite timpeall na cathrach. I ndáiríre, tá an t-ainm i bhfad níos sine agus tagann ón bhfocaltrent nótríchraobhach, rud a bhaineann le leaba cham na habhann.[2] Mar sin féin, déanann mana na cathrach tagairt don scéal eile:Montes argentum mihi dant nomenque Tridentum –Tugann na sléibhte airgead dom agus ainm Thrionta. An Bhráthair Bartolomeo da Trento (b.1251) a chum an mana úd.
De réir teoiricí éigin, bunaíodh Tridentum ar shuíomh seanbhaile réamhRómhánach; is dócha go raibh daingean ann, áit a bhféadfadh baile mór fás aisti. Ní mór a chuimhneamh freisin gur chuidigh gleann na habhann le pobail réamhRómhánacha, ar nós na Veinéiteach, na nÉatruscach agus na nGallach, teagmháil le chéile, agus é ina bhealach ó dheas ó thuaidh.
Tharla an gabháltasRómhánach ar feadh an chéad haois RC agus rinneadh campa míleata de Tridentum; rinneadhmunicipium de idir 50 agus 40 RC.
Le linn Agustais, nuair a bhí an t-arm i mbun oibre sna hAlpa, tháinig a lorg sin ar Tridentum: bhí cuma chearnach air, an abhainn ar thaobh amháin, múr agus díog ar na taobhanna eile, túir chearnacha ann agus geataí. Déanamh dúbailte a bhí ar an ngeata ba mhó, Porta Veronensis, agus túr cruinn ar gach taobh de. Tógadh an chathair de réir na ngnáthrialacha Rómhánacha, le fóram, le haimfitéatar, le huiscrian agus le reilig amuigh. Bhí comhrac na mbóithre ann: Via Claudia Augusta (an príomhbhóthar míleata ó thuaidh), Via Claudia Padana, agus Claudia Augusta Altinate, bóthar Veinéise.
Fiú amháin nuair a bhí an Impireacht ag titim as a chéile sa 4ú haois agus sa 5ú haois, bhí an-tábhacht le Trionta sa réigiún i gcúrsaí míleata, geilleagair agus tráchtála.
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.