Is cineáléin é antraonach[1] ar a dtugtar freisinan gearr goirt agusan traona (Crex crex nócorn crake i mBéarla) den fhineRallidae (gaolta leis anRálóg dar ndóigh) a bhíos le fáil inÉirinn, sanEoraip go forleathan, agus in Iarthar nahÁise sasamhradh. Caitheann an traonach an geimhreadh sanAfraic thoir theas (.i.Madagascar,Mósaimbíc,an Tansáin, agusan tSaimbia) agus tagann siad go hÉirinn le linn an tsamhraidh (Mí Aibreáin go dtí Meán Fómhair), áit a neadaíonn siad agus a dtógann siad a gcuid scalltán.
Níl an traonach an-choitianta in Éirinn anois ná ar fud na hEorpa ach an oiread. Ach le dianiarrachtaí de chuid nabhfeilméaraí, tá an traonach fós ag áitriú áiteanna in Éirinn, go háirithe ar roinnt de na hoileáin archósta thiar na hÉireann. In Éirinn, cónaíonn an traonach le taobh naSionainne agus ar chósta thuaisceartDhún na nGall agus ar chósta IartharChonnacht.[2]
"An illustrated manual of British birds" (1899) de chuid Howard Saunders
Is éan ciúin, cúthaileach é an traonach. Deirsuíomh Birdwatch Ireland>[3] nach bhfuil an traonach go maith agcanadh agus go bhfuil anfhuaim cosúil leis an bhfuaim ó dhá ghrátalaícáise á gcuimilt ar a chéile!
Bíonn na traonaigh á gcur féin i bhfolach sachuise fada agus is ar an ábhar sin gur minice a chloistear iad ná a fheictear iad – lena ngairm shuntasach as ar tháinig an t-ainmLaidine onamataipéach,Crex crex.
Is iad talamhmóinéir fliuch agus ancaladh gnáthóga an éin seo. Tá muine thiubh de dhíth orthu – fásra ard mar an feileastram go moch i séasúr an ghoir agusféar níos deireanaí. Itheann an traonachfeithidí,síolta,duilleoga agusdébheathaigh marfhroganna.
As iarthar na hAfraice a dhéanann an traonach an turas 6,000km go hÉirinn, agus gan iad ach chomh mór leis anlon dubh.[4]
Tá cúthail orthu agus éalaíonn siad chuig clúdach an mhóínéir agus na plandaí a fhásanna ann, agus ina leithéid d'áit a théann siad i mbun shéasúr na cúplála.
Má éiríonn leis an gcúpláil, is féidir leis an gcearc dhá ál a thógáil, agus suas le deich sicín bheith i ngach ál, sula bhfillfidh sí ar an Afraic go luath san Fhómhar. Is iondúil go dteitheann an traonach fireann níos luaithe ná sin, ach fhad atá sé anseo, déanann sé callán ar leith. Is féidir leis tosú ar an ngrágaíl roimh mheán oíche agus a grág a ligean uaidh os cionn 10,000 uair i rith na hoíche.[4]
Tá anspeiceas i mbaol báisgo domhanda mar gheall arnósannafeirmeoireachta an lae inniu a bhacas le neadaireacht an traonaigh as los chaillteanas gnáthóige feiliúnaí. Déanann baint anfhéir le hinnealra chun sadhlas a dhéanamh an-dochar do ghnáthóg an traonaigh.
Tá grág sainiúil an Traonaigh le cloisteáil níos fairsinge agus ardú 35% tagtha le cúig bhliana (2018-2022) ar líon na n-éan seo in Éirinn.[4]
Cé go bhfuil na huimhreacha fós íseal, tá an líon éan fireann imithe os cionn 200 den chéad uair sa bhliain 2022 le deich mbliana, agus 218 éan fireann ar an taifead ag an tSeirbhís Náisiúnta Páirceanna agus Fiadhúlra (NPWS). Is ionann na figiúirí is deireanaí seo agus ardú 82% i líon na dtraonach in Éirinn ó taifeadadh 120 éan go luath san 1990aí.
I nDún na nGall, Maigh Eo agus Gaillimh a tugadh an traonach faoi deara, ach tá a ghlór sainiúil cloiste freisin i Sligeach agus i gCiarraí..Den chéad uair le 25 bhliain, tugadh an traonach faoi deara arOileáin Árann.
Tagann níos lú ná 200 traonach fireann go hÉirinn anois. Tharla an fás seo as comhar caomhnaithe idir fheirmeoirí agus phobail áitiúla, an Corncrake Life Project agus an NPWS.[4]
Táthar ag tabhairt spreagthaí (airgid) do nafeilméaraí i riocht is go n-athróidh siad a gcuid nósanna bainte le go mbeidh muine ar fáil go luath agus go deireanach i séasúr an ghoir do na héin seo.
Ina theannta sin, táthar ag déanamh áirimh ar “dhaonra” agus dháileadh an traonaigh le súil go mbeifí in ann claonadh an mheatha a thuiscint níos fearr agus a mhalartú. Caithfear a lán saothair a dhéanamh ionas go mbeidh daoine in ann cómhaireachtáil leis na traonaigh. Má éiríonn leis seo, beidh a ngairm le cloisteáil go buan. De réir cuid dentaighde, tá na tionscadail ag déanamh roinnt éifeachta lena gcuid cuspóirí chun an t-éan seo a shlánú.
Blianta ó shin níor chreid muintir na hÉireann go ndeachaigh na héin ar an turas fada go dtí an Aifric. Chreid siad gur athraigh an traonach go cearc uisce sa gheimhreadh agus gur athraigh sé ar ais sa samhradh!