Ceoltóir rac ab eaTina Turner (26 Samhain1939 -24 Bealtaine2023[1]). Bhí aithne ar Tina Turner ar fud na cruinne sa 20ú haois mar cheannródaí an rac-cheoil, agus níos mó ná 200 milliún ceirníní díolta aici (ceirníní singil agus albaim).[2] Thuill sí an leasainm, theQueen of Rock n' Roll.[3][4]
Thuill Tina Turner clú agus cáil, in éineacht lena fear céile,Ike Turner sna1960idí nuair a d'éirigh go maith le hamhráin ar nós,Nutbush City Limits,Proud Mary,[5] agusRiver Deep Mountain High.
TinaTurner, 1985
Imríodh foréigean uirthi sa bhaile ar feadh roinnt mhaith blianta agus d'fhág sí Ike faoi dheireadh sa bhliain 1976. Ansin thaispeáin Tina go raibh sí ábalta slí beatha rathúil a bhaint amach di féin mar cheoltóir aonarach. le hamhráin ar nós,What’s Love Got to Do with It agusSimply The Best.
Bhuaigh sí ocht nGradam Grammy agus tá réalta aici ar an Hollywood Walk of Fame agus ar an St Louis Walk of Fame.
Rinneadh scannán da dírbheathaisnéis,I, Tina, i 1993, darfb ainm What's Love Got To Do With It. D’inis sé scéal Tina, máthair beirt leanaí a raibh caidreamh suaite aici lena fear céile brúidiúil Ike Turner.[3]
Chas Tina leis an feidhmeannach ceoil Erwin Bach, sa bhliain 1986 agus d'éirigh sé ina páirtí fadtréimhseach. Phós siad ag searmanas sibhialta na hEilvéise in 2013. Bhí cónaí uirthi san Eilvéis ó 1994 i leith agus saoránacht an tír sin bainte amach aici.
D’fhulaing Tina drochshláinte sna 2010idí agus diagnóisíodh le hailse stéigeach in 2016. Bhítrasphlandú duáin aici in 2017.
Fuair sí bás le hadhairt (strócanna, galar duáin srl) ar24 Bealtaine2023, in aois 83 di.[1]