(2009) | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 4 Bealtaine 1928 Inse Chór, Éire |
| Bás | 22 Nollaig 2021 93 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Filíocht agusaistriú |
| Suíomh oibre | Éire |
| Gairm | teangeolaí, múinteoir ollscoile, scríbhneoir, foilsitheoir, file, aistritheoir, eagarthóir |
| Fostóir | Ollscoil Temple |
| Ball de | |
| Teangacha | Béarla agusan Ghaeilge |
| Saothar | |
| Suíomh a chartlainne |
|
Gradam a fuarthas
| |
File mór le rá asBaile Átha Cliath ab eaThomas Kinsella (4 Bealtaine1928 –22 Nollaig2021).
Bhí Kinsella ar dhuine de na heagarthóirí ar mhórchnuasach filíochta na hÉireann,Duanaire: Poems of the Dispossessed, agus bhí clú ar a dhánMirror in February i measc dhaltaí na hArdteistiméireachta. Fuair sé Saoirse Chathair Bhaile Átha Cliath in 2007.
Rinne sé aistriúchán nua ar an eipic ársaTáin Bó Cúailgne. Tá cáil ar a leagan Béarla, a foilsíodh i 1969 agus a bhfuil léaráidí cuidsúlacha leis an ealaíontóirLouis le Brocquy ina gcomhchuid de.[1]
Scríobh Thomas Kinsella an dánButcher’s Dozen tar éisDhomhnach na Fola i nDoire i 1972. Chomh maith leis an sléacht féin, ba étuarascáil Widgery a spreag é lena chuid feirge a chur in iúl sa dán. "Mórmhasla" a thug sé ar an tuarascáil sin.
Bhí cuid dá dhuanta féin ar chúrsa na hArdteistiméireachta ar feadh na mblianta.[1] Bhí clú ar a dhánMirror in February i measc dhaltaí na hArdteistiméireachta.[2]
Bhí Kinsella ar dhuine de na heagarthóirí ar mhórchnuasach filíochta na hÉireann. I 1981, foilsíodhAn Duanaire 1600-1900: Poems of the Dispossessed, cnuasach a chuir sé féin agusSeán Ó Tuama in eagar, a tháinig amach i 1981 agus a bhfuil ráchairt air i gcónaí. Ba é an aidhm a bhí ag na húdair leis an leabhar sin ná saibhreas filíochta na Gaeilge ón tréimhse1600-1900 a chur os comhair an phobail.[3]
Chuir sé bailchríoch ar a leagan Béarla deChúirt an Mheán Oíche inThe New Oxford Book of Irish Verse i 1986, teaglaim eile a chuir sé in eagar.
Bhí Kinsella ina fhile cónaitheach in OllscoilIllinois sna Stáit Aontaithe agus ina dhiaidh sin ceapadh in Ollamh Béarla é in Ollscoil Temple,Philadelphia.
Bronnadh an draoi gradam ar Thomas Kinsella i rith a mharthana, dochtúireachtaí oinigh agus Saoirse Bhaile Átha Cliath in 2007 ina measc.[1]
InInse Chór i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1928 a rugadh Thomas Kinsella. Rinne sé céim eolaíochta saCholáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Chaith sé seal ina státseirbhíseach sular thug sé faoin léann agus faoin scríbhneoireacht go lánaimseartha.[1]
Bhí triúr clainne ar Thomas Kinsella agus a bhean, Eleanor.