Is fochraobh thábhachtach iad nateangacha Atapascacha nó nateangacha Atabascacha (tá an dá leagan,Athapaskan agusAthabaskan in úsáid sa Bhéarla féin, agus is deacair a rá cé acu is fearr) denfhineNa-Dené. Tagann an t-ainm ó Loch Athabasca i gCeanada, agus is é is brí leis "saibhir i bplandaí", "áit a bhfuil na plandaí in aice a chéile". Ba é Albert Gallatin, anteangeolaí Eilvéiseach a chuir faoi iMeiriceá, a cheap an t-ainm seo thiar sa bhliain 1826.
Labhraítear teangacha Atapascacha inAlasca, in Iarthuaisceart Cheanada, i nDeisceartOregon agus i dTuaisceartChalifornia, in Iardheisceart naStát Aontaithe agus in IarthuaisceartMheicsiceo.
Tá gaol ag na teangacha Atapascacha leis anteangaEyak nóIyaq a bhí á labhairt i mbéal an Copper River in Alasca go dtí go bhfuair an cainteoir deireanach bás sa bhliain 2008. Is gnách an teanga seo agusEyak a lua leis na teangachaAthapaskan-Eyak. Maidir leis an teangaTlingit in Alasca, tá lúb bheag ghaoil aici leis na teangachaAthapaskan-Eyak, agus tagann na teangacha seo go léir le chéile san fhineNa-Dene. Le déanaí, áfach, d'aithin an teangeolaí Edward Vajda go bhfuil gaol éigin ag na teangacha seo leis an teangaKet satSibéir.
Is iad na teangacha Atapascacha ná:
- teangacha Atapascacha an Tuaiscirt:
- teangacha Dheisceart Alasca, arb iadAhtna agusDena'ina (nóTana'ina) iad;
- teangacha Lár Alasca agus Yukon, mar a leans:Deg Xinag,Holikachuk,Koyukon,Kolchan, an dá theangaTanana (Tanana Íochtair agusTanana Uachtair), an teangaTanacross, an dá teangaTutchone (Tutchone an Deiscirt agusTutchone an Tuaiscirt),Gwich'in agusHän.
- teangacha Iar-Thuaisceart Cheanada
- teangacha Atapascacha California:Hupa nóHoopa-Chilula,Mattole nóMattole-Bear River, teangaEel River (is iad ainmneacha na dtreibheanna a labhraíodh í siudWailaki,Lassik,Sinkyone agusNongatl)
- teangacha Atapascacha Oregon:Umpqua Uachtair,Tutumi (nó teanga Atapascach anRogue River),Galice-Applegate, agusTolowa.
- teangacha Atapascacha an Deiscirt, arb ionann iad agus na teangacha Apáitseacha chomh maith leis anNavachóis:
- Apáitsis na Machairí Móra, arb ionann í agus an teangaKiowa-Apache. Bhí lucht labhartha na teanga seo ag dearcadh orthu féin mar chuid den treibhKiowa, dream nach bhfuil a dteanga gaolmhar le cineál Apáitsis ar bith. Baineann an teangaKiowa leis an bhfine a dtugtarKiowa-Tanoa uirthi.
- Apáitsis an Iarthair. Tá trí nó ceathair de theanga san fhoghrúpa seo:Chiricahua-Mescalero (is deacair a rá cé acu dhá chanúint nó dhá theanga atá inti),Navachóis, agus Apáitsis an Iarthair sa chiall chúng - tugtarCoyotero uirthi chomh maith. BhíChiricahua ó dhúchas agGeronimo, agMangas Coloradas agus agCochise.
- Apáitsis an Oirthir. Tá dhá theanga san fhoghrúpa seo:Jicarilla agusLipan.