Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Tamhlacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilTamhlacht

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 17′ 19″ N, 6° 21′ 26″ O / 53.2886°N,6.3572°W /53.2886; -6.3572
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae riaracháin áitiúilContae Átha Cliath TheasCuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Tíreolaíocht
Airde90 mCuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Logainm.ie17457
Suíomh gréasáintallaghtcity.ieCuir in eagar ar Wikidata

Isbaile mór éTamhlacht[1] (Béarla:Tallaght) i gContae Átha Cliath Theas, agus é ar an tríú baile mór is mó i bPoblacht na hÉireann tar éisBhaile Átha Cliath agusChorcaí. Roimh an mbliain1970 ní raibh ach cúpla céadduine ina gcónaí ann, agus ba é an dearcadh a bhí ag muintirchathair Bhaile Átha Cliath gur ceantar tuaithe a bhí ann. Tógadh a lántithe nua ann le linn naseachtóidí, áfach, agus d'fhás an baile go tapa uaidh sin amach.Is ann atáOspidéal Thamhlachta lonnaithe. TáClub Peile agus Iománaíochta Thomáis Dáibhís ar na clubanna is sine i dTamhlacht.

Tamhlacht in 2017
Comhartha ag Stásiún Luas Tamhlachta

Sanasaíocht

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Halla an Chontae, Comhairle Contae Átha Cliath Theas, Tamhlacht
Leabharlann an Chontae, Tamhlacht
Ospidéal Thamhlachta
Ionad Ealaíne Rua Red
Staid Thamhlachta, staid bhaile Ruagairí na Seamróige

Ainmneacha Stairiúla den Cheantar (le foinsí)

Tagann an logainm Tamhlacht ó na focail támh (plá) agus leacht (láthair adhlactha). I gcuntas ar Pharthalón inAnnála na gCeithre Máistrí atá an chéad trácht ar an logainm le fáil. Deirtear go raibh Parthalón ar dhuine de na chéad ionróirí a tháinig go dtí Éire agus go bhfuair Parthalón féin agus 9,000 duine dá lucht leanúna bás den phlá. Tugadh "Taimleach Muintire Parthalon" ar an gceantar inar cuireadh iad ó shin i leith. In ainneoin na bhfinscéalta áfach, níl fianaise le holladhlacadh faighte i dTamhlacht go fóill.

  • Taimhleacht Muintire Parthaloin (ar Sean Mhagh Ealta Edair) – AM2820?
  • Tamlactense (Monasterium) -769?
  • Tamlact – 769?
  • Taulaght (Lawrance de) – 1190
  • Tamelag (royal grant - Bailiffs) – 1310
  • Talaute (An tArdeaspag William Rokeby) – 1514
  • Tallaght (An tArdeaspag George Brown) – 1535
  • Talaught (Edward Basnet, Déan St. Patricks) – 1547
  • Tavelaght (An Biocáire Simon Water) – 1548
  • Tawlaght (Pardon to George Brown, Ardeaspag agus eile) – 1550
  • Tallogh (Petty’s map of County Dublin) – 1685
  • Tallaugh (an tArdeaspag William King,) – 1708
  • Tallow (Rev. Mr. Jones, Minister) – 1740
  • Tallaght (Tuairisc eaglasta) – 1807
  • Tamhlacht (an logainm Nua-Ghaeilge)

Stair an bhaile

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  • 769 BunaíodhMainistirMáel Ruain
  • 792Bás NaomhMáel Ruain
  • 811 Scrios naLochlannaigh Mainistir NaomhMáel Ruain
  • 1179 Tógadh Tamhlacht agus an ceantar máguaird isteach faoi Chathaoir Easpaig Bhaile Átha Cliath.
  • 1310 Ghlac anrialtas le muintir Thamhlachta fál a chuir timpeall an bhaile
  • 1324 Cuireadh tús le tógáil Chaisleán Thamhlachta.
  • 1331/1332 Scrios Ó Tuathail Caisleán Thamhlachta.
  • 1378 Tháinig Maitiú Mac Réamann De Bermingham go Tamhlacht le cur i gcoinne Chlann Uí Bhriain.
  • 1540 D'ionsaigh na Tuathalaigh an ceantar agus scrios siad Caisleán Thamhlachta agus na mainéir ina thimpeall.
  • 1635 Tógadh Teach an tSean Bhádún.
  • 1729 Leagadh Caisleáin Thamhlachta.
  • 1729 Thóg an tArdeaspag Hoadley Pálás anArdeaspaig.
  • 1822 Leag Maor Palmer Pálás an Ardeaspaig agus thóg sé Teach Thamhlachta amach.
  • 1829 TógadhParóisteProtastúnach ann.
  • 1856 Díoladh Teach Thamhlachta donOrd Doiminiceach.
  • 1864 TógadhSéipéalNaomh Muire.
  • 1867 Cogadh Thamhlachta. Ar an5 Márta1867 thosaighÉirí Amach na bhFíníní in Éirinn, lecogadh beag i dTamhlacht. Maraíodh 12 ar an lá sin in iomlán.[2] Cé gur theip go hainnis ar a n-iarrachtaí, is fiú trácht a dhéanamh ar fhorógra an éirí amach.[3]
  • 1883 Tógadh séipéal nua sa bhaile.
  • 1888 Cuireadh tús le seirbhístram ó Bhaile Átha Cliath goBaile Coimín, ag dul tríd Sráidbhaile Thamhlachta
  • 1888 BunaíodhCLG Tomás Dáibhís sa bhaile .
  • 1979 Osclaíodh an chéad bunscoil lán Ghaeilge, Scoil Santain
  • 1985 Osclaíodh an dara bunscoil lán Ghaeilge, Scoil Chaitlín Maude in Iarthar Thamhlachta
  • 1987 RinneAlan Dukes cuir síos ar an Straitéis Thamhlachta i dTamhlacht.
  • 1990 Osclaíodh an lárionadsiopadóireachtaAn Chearnóg.
  • 1992 Osclaíodh Institiúid Teicneolaíochta Tamhlachta, coláiste tríú leibhéal.
  • 1993 Osclaíodh an chéad mheánscoil lán Ghaeilge, Coláiste de hÍde.
  • 1994 Cruthaíodh ComhairleContae Átha Cliath Theas le ceanncheathrú i dTamhlacht.
  • 1995 TógadhAmharclann Thamhlachta i gCill na Manach, Tamhlacht.
  • 1999 D'oscail an Amharclann Chathartha in aice le ceanncheathrú Chomhairle Chontae Átha Cliath Theas i dTamhlacht.
  • 2004 Cuireadh tús leis an Líne Dearg donLUAS ó Tamhlacht go lár chathair Bhaile Átha Cliath.
  • 2019 Osclaíodh ancaifé lán Ghaeilge 'Aon Scéal?', suite ag 518 Sráidbhaile Thamhlachta, don phobal, mar chuid den Lárionad Ghaeilge Thamhlachta.[4]

Gaelphobal Thamhlachta

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Bunaíodh Cumann Gaelach Thamhlachta i 1974, mar chraobh de Chonradh na Gaeilge le grúpa Gaeilgeoirí a bhí mar chuspóir acu an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar Thamhlachta agus Gaelphobal a fhorbairt go fadtéarmach. D’éirigh thar barr leis an ngluaiseacht seo.

Stiúir roinnt prionsabal leathan ó thosaigh an Cumann. Seo iad a leanas;

·        Go raibh an gnáthdhuine báúil don teanga is dá mbeadh an deis aige/aici, thabharfadh sé/sí tacaíocht ghníomhach don ghluaiseacht teangan.

·        Go bhféadfaí an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga a bheadh á labhairt go forleathain agus daoine ag glacadh léi.

·        Go raibh nasc díreach idir an obair ag an leibhéal áitiúil agus an leibhéal náisiúnta is dá bharr sin gur chóir nasc a bheith ann idir an eagraíocht áitiúil agus an eagraíocht náisiúnta a bhí ag obair chun an teanga a chur chun cinn.

·        Gurbh í an scoil lán Ghaeilge an bealach is fearr chun a chinntiú go mbeadh sé ar chumas an chéad ghlúin eile an Ghaeilge a labhairt agus deis a thabhairt don ghluaiseacht Phobal na Gaeilge a thógáil  a bheadh bunaithe timpeall na na ngaelscoileanna.  D’fhéachfaí ar an scoil mar chuid lárnach do fhíor riachtanais an phobail.

An t-éacht ba mhó a rinne an Cumann ná meán- agus bunscolaíocht trí Ghaeilge a chur ar fail don cheantar. Bunaíodh an chéad scoil,Scoil Santain i 1979. Bunaíodh an dara scoil,Scoil Chaitlín Maude i 1985 chun freastal ar Iarthar Thamhlachta. I 1993 bunaíodh meánscoil lán Ghaelach,Coláiste de hÍde.

Sa lá atá inniu ann tá an cumann ag feidhmiú faoin ainm nua Gaelphobal Thamhlachta. Bíonn go leor imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar siúl le freastal ar phobal na Gaeilge sa cheantar. Ina measc bíonn

  • Ciorcal chomhrá gach seachtain ar a 8 i gCafé Aon Scéal, 518 Sráidbhaile Thamhlachta, le ceachtanna saor in aisce d'fhoghlaimeoirí.
  • Glactar páirt sa rás sealaíochta náisiúntaRith gach ré bhliain.
  • Campaí samhraidh do pháistí.
  • Tobshluanna.
  • Oícheanta sóisialta.
  • Aifreann Gaeilge
  • Siúlóidí staire.
  • Céilithe

Bunaíodh an club óigeFeachtas Thamhlachta i 2015 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin i leith.

BunaíodhAisteoirí Thamhlachta i 2017 agus tá trí dhráma léirithe acu ó shin i leith -Éirí na Gealaí, Ar Thóir na Féinne agusAr Chúl an Tí.

Osclaíodh an 'Café Aon Scéal' i Nollaig 2019, ag 518 Sráidbhaile Thamhlachta. Is iad na huaireanta oscailte ná 9.30 go 4.00 Luan go Aoine, 10.00-3.00 Dé Satharn agus ó 11.00 go 3.00 Dé Domhnaigh.[4]

Mar chríoch, trí iarrachtaí Ghaelphobal Thamhlachta, tá dul chun cinn an mhór déanta i bhforbairt na Gaeilge mar theanga bheo chumarsáide i gceantar Thamhlachta. Cuireann sé go mór le saibhreas cultúrtha i gceantar ina  bhfuil ceann de na daonáirimh is mó sa tír ag maireachtáil. Tar éis nach mór caoga bliain  d’ obair chrua dhíograiseach is féidir a rá go bhfuil Gaelphobal láidir i dTamhlacht is beidh go deo!

An Ghaelscolaíocht i dTamhlacht

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Chaith anfileCaitlín Maude tamall maith ina cónaí i dTamhlacht, agus ghlac sí páirt san fheachtas leis an gcéad Gaelscoil|Ghaelscoil a bhunú sa cheantar - Scoil Santain. Tháinig anscoil seo ar an bhfód sa bhliain 1979. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, fuair Caitlín Maudebás. Sa bhliain 1985, bunaíodh Gaelscoil nua i dTamhlacht a fuair ainm an fhile - Scoil Chaitlín Maude[5]. Sa bhliain 1993, bunaíodh Gaelcholáiste nua i dTamhlacht, a fuair a hainm ón chéad Uachtarán na hÉireannDubhghlas de hÍde, duine mar is eol dúinn a bhí leathanaigeanta agus fad-dearcach agus gur bhreá leis teanga na Gaeilge, darb ainmColáiste de hÍde.

Daoine cáiliúla

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. Tamhlacht/Tallaght | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Today in Irish History –The Fenian Rebellion, March 5, 1867 – The Irish Story" (en-GB). Dáta rochtana: 2023-03-05.
  3. 'Éirí Amach na Cásca agus Cúige Uladh',. An tUltach 93 (3), lch 16-18. Fearghal Mac Bhloscaidh. Márta 2016
  4. 4.04.1Facebook (2023). "Caifé Aon Scéal". Dáta rochtana: 2023.
  5. scoilcm.ie
Ceantair i mBaile Átha Cliath
Baile Átha Cliath Thuaidh
('Taobh ó Thuaidh')
Ard Aidhin ·Baile an Áisigh ·Baile an Chairpintéaraigh ·Baile Bhlainséir ·An Baile Bocht ·Baile Brigín ·Baile Dúill ·Baile Ghrífín ·Baile Hearmann ·Baile Lochlannach ·Baile Munna ·Baile Phib ·Beaumont ·Binn Éadair ·Bóthar na gCloch ·An Chabrach ·Caisleán Cnucha ·An Chúlóg ·Cill Bharróg ·Cill Easra ·Cill Fhionntain ·Cionn Sáile ·An Chloch Leathan ·An Cloigín Gorm ·Cluain Aodha ·Cluain Ghrífín ·Cluain Saileach ·Cluain Tarbh ·Cnocán Doirinne ·Coill an Phríora  ·Cois Bá ·An Chorr Dhubh ·Cúil Mhín ·Darndál ·Domhnach Bat ·Domhnach Cearna ·Domhnach Míde ·Droim Conrach ·Fionnbhrú  ·Fionnghlas ·Fionnradharc ·Gráinseach Ghormáin ·Glas Naíon  ·Lusca ·Margadh na Feirme ·Marino ·Mullach Eadrad  ·Mullach Íde ·An Trá Thuaidh ·Ongar ·Crann Phapáin‎ ·Port Mearnóg ·Port Reachrann ·An Port Thoir  ·An Port Thuaidh ·Ráth Eanaigh ·An Ros ·Seantrabh ·Na Sceirí  ·Sráid an tSirriam ·Sord
Baile Átha Cliath Theas
('Taobh ó Dheas')
Áth an Ghainimh  ·Baile Adaim ·Baile Bhailcín  · Baile an Bhóthair ·Baile Baodáin ·An Baile Breac ·Baile Éamainn ·Baile Formaid ·Baile na nGabhar  ·An Baile Gaelach  ·Baile Uí Lachnáin ·Baile na Lobhar  ·Baile na Manach ·Baile an Mhóta  ·Baile an Mhuilinn ·Baile Phámar ·Baile Uí Ruáin ·Baile an tSaoir  ·Baile an Teampaill  ·Belfield ·Cábán tSíle ·An Caisleán Nua ·Camaigh ·An Carnán ·An Charraig Dhubh  ·Carraig an tSionnaigh  ·An Chéim ·Cill Iníon Léinín ·Cill Mochuda ·Cill Mhaighneann ·Cill Tiarnáin ·Cluain Dolcáin ·Cluain Sceach ·Cnoc Lín ·Cnoc Mhuirfean ·Coill na Silíní ·Cromghlinn ·Crois Araild  ·Cuas an Ghainimh  ·Cúirt Choirnéil ·Deilginis ·Domhnach Broc ·Droichead na Dothra ·Droimeanach ·Dumhach Thrá ·Dún Droma ·Dún Laoghaire ·Fatima ·Na Glasáin  ·Na Glaschnoic  ·Glas Tuathail ·Gleann na gCaorach ·Gleann Cuilinn ·Gráinseach an Déin ·Iarthar na Cathrach ·Inse Chór ·Leamhcán ·An Naigín  ·An Pháirc Thiar ·Portobello  ·Raghnallach ·Rath Cúil ·Ráth Fearnáin ·Ráth Garbh ·Ráth Maonais  ·Ráth Mhichíl ·Ráth Miontáin ·Rialto  ·An Rinn ·Na Saoirsí ·An Seanbhábhún  ·Seanchill ·Séipéal Iosóid ·Sruth na gCloch ·Stigh Lorgan ·Tamhlacht  ·Teach na Giúise ·Teach Mealóg ·Teach Sagard  ·An Teampall Geal ·Tír an Iúir
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Tamhlacht&oldid=1225054"
Catagóirí:
Catagóirí folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp