Is í antacsanomaíocht (ón tSean-Ghréigis τάνις (taxis) 'socrú ', agus-νομία (-nomia) 'modh') aneolaíocht a bhaineann le grúpaí d'orgánaigh bhitheolaíocha a ainmniú, a shainiú (imscríobhú) agus a rangú. Tá úsáid na tacsanomaíochta chomh sean le forbairt na teanga. BhíArastatal (384–322 RCh) ar cheann de na chéad eolaithe a rinne iarracht gach rud beo a rangú, agus úsáidtear cuid dá ghrúpaí fós inniu; mar shampla, na veirteabraigh agus na hinveirteabraigh, ar thug seisean ainmhithe le fuil agus gan fuil orthu.
Rinne sé rangú níos faide ar na hainmhithe gan fuil (inveirteabraigh) amhail feithidí, crustacea agus testacea (moilisc).
Tá dhá phríomhlíomatáiste ag an tacsanomaíocht:
• Ainmníocht – ainmniú eolaíoch na n-orgánach agus an córas déthéarmach in úsáid.
• Córasaíocht – orgánaigh a chur i ngrúpaí bunaithe ar a gcuid cosúlachtaí agus difríochtaí.
Is é pointe tosaigh ainmníocht thacsanomaíoch nua-aoiseach na luibheolaíochta agus na míoleolaíochta, deirtear, ná an obair a rinneCarl Linnaeus (1707 – 1778), lia ón tSualainn. A chóras rangúcháin, ar a dtugtar anSystema Naturae, is córas déthéarmach é a thugann dhá ainm do gach orgánach. An chéad ainm, ainm géineasach, léiríonn sé an géineas lena mbaineann an speiceas, agus an dara hainm, is sainainm é. D’ainmnigh Linnaeus orgánaigh iLaidin nó i nGréigis ionas go mbeadh córas inaitheanta ainmníochta ann ar fud an domhain. Déantar an dá ainm a phriontáil i gcló iodálach le túslitir ainm an ghéinis mar cheannlitir agus túslitir ainm an speicis i gcás íochtair. I dtéacs ina n-úsáidtear ainm speicis níos mó ná uair amháin, is féidir an t-ainm géineasach a ghiorrú agus gan ach an chéad litir a úsáid, mar shampla is féidirHomo sapiens a scríobh marH. sapiens.
I gcórasaíocht, eagraítear speicis ina ngrúpaí cliarlathacha a théann i méid. Tugtar ‘aicmiú ’ air nuair a eagraítear orgánaigh ina ngrúpaí tacsanomaíocha.
Tugtartacsón ar gach grúpa (iolra, tacsóin). Seo iad na grúpaí sin, in ord laghdaitheach meide:
•Ríocht – an grúpa is mó agus is cuimsithí,
•Fíleam – orgánaigh atá déanta ar phlean denchineál chéanna, (Ná déan dearmad go bhfuilplandaí rangaithe ina ranna seachas ina bhfílim.)
•Aicme – grúpa d’oird taobh istigh d’fhíleam,
•Ord – mar ghrúpa de fhinte atá gaolta le chéile,
•Fine – grúpa de ghéinis atá gaolta le chéile,
•Géineas – grúpa de speicis atá cosúil lena chéile agus atá gaolta,
•Speiceas – grúpa aonán de shinsearacht choiteann atá an-chosúil lena chéile, agus atá in ann idirphórú de ghnáth le sliocht torthúil a tháirgeadh.
Glacann an chuid is mó de na córais rangúcháin,san áireamh na gaolta sinsearachta idir rudaí beo; tugtar ‘aicmiú fíliginiteach' air seo. Agus é sin ráite, tá roinnt córais aicmithe ar fud an domhain, agus tá cur chuige difriúil ag gach ceann acu maidir le horgánaigh a ordú i saol an dúlra. Chuir na luathchórais aicmiúcháin, na horgánaigh i dtacsóin, bunaithe den chuid is mó ar ghnéithemoirfeolaíocha, ach de réir mar a tháinig feabhas ar an eolaíocht, tá níos mó faisnéise ar fáil le speiceas a shainmhíniú.
Roimh speiceas a shainmhíniú sa lá atá inniu ann, amharcfaidh tacsanomaithe ar na rudaí seo:
•moirfeolaíocht – gnéithe seachtracha
•anatamaíocht – gnéithe inmheánacha
• cilldéanmhas – prócarótaigh nó eocarótaigh
•bithcheimic – ADN , ARN agus próitéin.
Tabhair faoi deara: Tá baint níos dlúithe ag orgánaigh a bhfuil ardleibhéal cosúlachta acu i seichimh ADN, ARN agus próitéine lena chéile, ná iad siúd nach bhfuil a gcuid seichimh cosúil lena chéile.