Tír atá lonnaithe i dtuaisceart Mheiriceá Theas íPoblacht Shuranam (Republiek Suriname na h-Ollainnise) nó Suranam go coitianta. Tá teorainn aici le Guáin na Fraince, leis an nGuáin agus leis an mBrasaíl. Is í Ollainnis teanga oifigiúil na tíre.
Bhí Bundúchasaigh ina gcónaí ann i bhfad roimh theacht na nEorpach. B’fhéidir gur tháinig an t-ainm “Suranam” ó threibh a dtugtaí “Surinen” orthu agus a labhraíodh Taíno (teanga Arawak).[1]
Bhí taiscéalaithe ón bhFrainc, ónSpáinn agus óShasana ag tabhairt cuairt ar an limistéar ón 16ú haois amach. Sa 17ú haois chuir na hOllannaigh agus na Sasanaigh plándálacha ar bun feadh aibhneacha na Guáine. An chéad áitriú atá taifeadta b’áitreabh Sasanach é darbh ainm “Marshall’s Creek” feadh Abhainn Shuranam. D’éirigh conspóid idir na hOllannaigh agus na Sasanaigh, agus nuair a bhí caibidlí ar siúl i 1667 roimhChonradh Breda, shocraigh na hOllannaigh ar ghreim a choinneáil ar Shuranam, limistéar a bhí bainte acu de na Sasanaigh. (Choinnigh na Sasanaigh Amstardam Nua, áit ar thug siad Nua-Eabhrac uirthi.)
i 1683 rinne cathairAmstardam, muintir Van Aerssen van Sommelsdijck agus Comhlacht na nIndiacha Thiar Ollannacha Cumann Shuranam a bhunú. Tugadh cairt don Chumann chun an choilíneacht a riar agus a chosaint. Bhí na plandálaithe go mór i dtaobh le sclábhaithe Afracacha chun caife, cócó, cána siúcra agus cadás a shaothrú. Thugadh na plandálaithe drochíde uafásach do na sclábhaithe,[2] agus d’éalaigh mórán acu.
Chuir na sclábhaithe úd cultúr nua ar bun le cabhair ó na Bundúchasaigh sna foraoisí báistí. Thugtaí “Maroons” (Marúnaigh) orthu i mBéarla, “Nèg’Marrons” (gormaigh dhonnchraicneacha) i bhFraincis, agus “Bosnegers” (gormaigh foraoise) in Ollainnis. De réir a chéile rinneadh treibheanna difriúla díobh de réir a gcineálacha Afracacha. Tugtar na Saramaka, na Paramaka, na Ndyuka (Aukan), na Kwinti, na hAluku (Boni) agus na Matawai orthu. Thugaidís ruathar ar na bailte Ollannacha ar thóir ban agus earcach, agus théadh na coilínigh amach chun troda leo, ach d’éalaíodh na Marúnaigh tríd an bhforaois, áit a mbíodh mioneolas acu uirthi. Sa 19ú haois rinne na húdaráis Eorpacha conarthaí síochána le treibheanna difriúla. Bronnadh féinriail agus cearta trádála orthu.
Inimircigh Iávacha a tugadh isteach ar conradh ó na hIndiacha Thoir Ollannacha. Tógadh an grianghraf idir 1880 agus 1900.
Chealaigh an Ísiltír an sclábhaíocht i Suranam i 1863, ach níor scaoileadh na sclábhaithe saor go hiomlán go dtí 1873, tar éis tréimhse éigeantach deich mbliana ina raibh orthu oibriú ar phá suarach agus gan ghnáthsmacht stáit. A luaithe a bhain siad saoirse iomlán amach thréig an chuid is mó acu na plandálacha agus thug a n-aghaidh ar chathair Paramaribo.
Bhí gá le hoibrithe fós agus tugadh isteach ar conradh iad ó na hIndiacha Thoir Ollannacha (an Indinéis) agus ónIndia (de bharr socrú a rinneadh leis n mBreatain). Ina theannta sin, tugadh roinnt bheag oibrithe isteach i ndeireadh an 19ú haois agus i dtús an 20ú haois óntSín agus ón Meánoirthear. D’fhág sé seo go bhfuil an-éagsúlacht eitneach ag baint le Suranam.[3][4]
Coilínigh Ollannacha, 1920. D’imigh bunús na nEorpach tar éis an neamhspleáchais i 1975.
Ar 23 Meán Fómhair 1941 d’fhorghabh na Stáit Aontaithe Suranam de réir comhaontú a rinneadh le rialtas ar deoraíocht na hÍsiltíre chun na mianaigh bháicsíte a chosaint.[5] I 1942 dúirt rialtas ar deoraíocht na hÍsiltíre go raibh fonn air athbhreithniú a dhéanamh i deireadh an chogaidh ar an gcaidreamh idir an Ísiltír agus a cuid coilíneachtaí. I 1954 rinneadh comhthír de chuid Ríocht na hÍsiltíre de Shuranam, in éineacht le hAintillí na hÍsiltíre agus leis an Ísiltír féin. I 1973 chuaigh an rialtas áitiúil, faoi cheannas Pháirtí Náisiúnta Shuranam nó NPS (páirtí a raibh neart Criól ann) i mbun caibidlí leis rialtas na hÍsiltíre chun neamhspleáchas a bhaint amach. Fuarthas é ar 25 Meán Fómhair 1975. Is mór an pacáiste scarúna a cuireadh ar fáil, agus bhí an-tábhacht le cabhair ó rialtas na hÍsiltíre i gcúrsaí geilleagair sa chéad deich mbliana tar éis an neamhspleáchais.
Ba é an chéad Uachtarán Johan Ferrier, iarghobhanóir, agus ba é Henck Arron, ceannaire an NPS, an Príomh-Aire. Ba ghearr gur fhág imreas agus caimiléireacht smál ar chúrsaí polaitíochta, agus thug na táinte a n-aghaidh ar an Ísiltír, ag leanúint roinnt mhaith daoine a d’éalaigh cheana.[6] Ar 25 Feabhra 1980 threascair coup d’état an rialtas.[7] Dúnmharaíodh trí dhuine dhéag a cháin an coup d’état, rud a rinneadh ar ordú Dési Bouterse, ceannasaí míleata. Cuireadh ar a thriail é ach fuair sé pardún.
Toghadh Bouterse mar Phríomh-Aire i 1987, ach sna nóchaidí tháinig meath ar a chumhacht, rud a raibh baint aige le cogadh idir an t-arm agus ceannaircigh Mharúnacha. I 2010, áfach, toghadh mar Uachtarán é.[8]
Pálás an UachtaráinAn Tionól NáisiúntaAn Chúirt Uachtarach
Poblacht bunreachtúil daonlathach is ea Poblacht Shuranam agus í bunaithe ar bunreacht 1987. Tá tionól 51 feisire, an Tionól Náisiúnta, ann a thoghtar le tréimhse cúig bliana.
Toghann móramh dhá thrian den Tionól Náisiúnta nó, murach sin, móramh de Thionól an Phobail an tUachtarán le tréimhse cúig bliana. Déantar Tionól an Phobail d’fheisirí an Tionóil Náisiúnta agus d’ionadaithe réigiúnacha agus bardasacha a toghadh sa toghchán ba dhéanaí.
Riarann an Chúirt Uachtarach cúirteanna na ngiúistísí. Ceapann an tUachtarán baill na Cúirte Uachtaraí lena saol tar éis dul dó i gcomhairle leis an Tionól Náisiúnta, leis an gComhairle Stáit agus le hOrd Náisiúnta na nAturnaethe.
B’fhada caidreamh speisialta ann idir Suranam agus an Ísiltír. Ach chuir an coup d’état an caidreamh úd as a riocht agus ní bhaineann Suranam le clár forbartha na hÍsiltíre a thuilleadh.[9]
Tá trí chraobh ag Fórsaí Armtha Shuranam: an tArm, an tAerfhórsa agus an Cabhlach. Is é an tUachtarán Ardcheannasaí na bhFórsaí Armtha (Opperbevelhebber van de Strijdkrachten). Cuidíonn an tAire Cosanta leis.
Tá Suranam roinnte ina ndeich ndúiche riaracháin. Ceapann an tUachtarán coimisinéir dúiche do gach ceann acu agus is féidir leis iad a bhriseadh. Tá an tír roinnte freisin ina 62 fodhúiche (“ressorten”).
Is é Suranam an tír is lú i Meiriceá Theas. Tá sé le fail idir na domhanleithid 1°N agus 6°N agus na domhanfhaid 54°W agus 58°W. Tá sé roinnte ina dhá réigiún mhóra: ceann tuaisceartach íseál cois farraige mar a bhfuil talamh oibrithe agus ceann deisceartach cois na Brasaíle ar timpeall 80% den tír é agus a bhfuil foraois bháistí ann agus sabhána atá tearc i ndaoine. Is iad Sléibhte Bakhuys agus Sléibhte Van Asch Van Wijck an dá shliabhraon is mó.
Tá Suranam suite idir Guain na Fraince thoir agus an Ghuáin thiar. Tá an Bhrasaíl laisteas de agus an tAtlantach lastuaidh. Tá conspóid ann faoin teorainn idir Suranam agus an dá Ghuáin.
Tá aeráid thrópaiceach an-te an-fhliuch ag Suranam agus ní bhíonn mórán athrú uirthi i i rith na bliana. Bíonn an mheánbhogthaise idir 80% agus 90% agus bíonn an mheánteocht idir 20 agus 34 céim Celsius. Bíonn dhá shéasúr fhliucha ann, ceann ó Aibreán go Lúnasa agus ceann ó Shamhain go Feabhra. Bíonn dhá shéasúr thirime ann freisin, ceann ó Lúnasa go Samhain agus ceann ó Fheabhra go hAibreán.
Tá Tearmann Dúlra Lárnach Shuranam le fáil i ndobhardhroim uachtarach an Coppename agus é ainmnithe mar Shuíomh Domhanda Oidhreachta de chuid UNESCO de bharr a chuid foraoisí gan mhilleadh agus a chuid bithéagsúlachta. Is iomaí páirc náisiúnta atá sa tír.
I ndiaidh na nóchaidí bhain níos mó éagsúlachta leis an ngeilleagar agus ba lú an gá a bhí le cabhair ón Ísiltír. Tá tairbhe á bhaint as an mbáicsít (mian alúmanam), as an ór agus as an ola. Tá tábhacht fós leis an talmhaíocht, go háirithe saothrú na ríse agus na mbananaí, agus tá brabús á bhaint as an eiceathurasóireacht.
Tá an tSín i mbun a lán tionscnaimh mhóra bhonneagair i Suranam, cóiriú calafort agus tógáil bóithre ina measc, agus tá conarthaí sínithe ag an mBrasaíl chun dul i gcomhar le chéile i gcúrsaí oideachais, sláinte, curadóireachta agus fuinnimh.[10]
De réir dhaonáireamh 2012, bhí daonra 541,638 duine ag Suranam.[11] Tá a lán grúpaí eitneacha ann:
27% den phobal is ea na hInd-Suranamaigh. De shliocht oibrithe a tháinig ar conradh ón India sa 19ú haois iad. Bhí a sinsir ina gcónaí i dTuaisceart na hIndia.
21% den phobal is ea na Marúnaigh agus iad roinnte ina gcúig ghrúpa mhóra: Ndyuka (Aucan), Kwinti, Matawai, Saramaka agus Paramaccan.
15% den phobal is ea na Crióil. De shliocht sclábhaithe ón Afraic Thiar agus Eorpach (arbh Ollannaigh a bhformhór) iad.
14% den phobal is ea Suranamaigh Iávacha, daoine ar de shliocht oibrithe conartha ón Indinéis iad.[12]
I 2011 bhí os cionn 40,000 Suranamaigh Shíneacha ann. De shliocht oibrithe conartha a tháinig sa 19ú haois a bhformhór, agus tháinig mórán eile sna 1990í agus i dtús an 21ú haois.
3% den phobal is ea Bundúchasaigh na tíre. Is iad na grúpaí is mó na hAkurio, na hArawak, na Kalina (Cairibigh), na Tiriyó agus na Wayana.[13]
Eorpaigh ar de shliocht Ollannach, Portaingéalach agus eile iad. Tugtar “Boeroes" (“feirmeoirí”) ar fheirmeoirí de shliocht Ollannach. D’imigh an chuid is mó acu tar éis an neamhspleáchais i 1975, ach tá timpeall míle duine acu ann go fóill.
Leavantaigh, go háirithe Maróinítigh agus Giúdaigh.
Brasaíligh agus mórán mianadóirí óir ina measc.[14]
Tá formhór mór an phobail ina gcónaí in Paramaribo nó ar an gcósta. Tá roinnt mhaith Suramach ina gcónaí san Ísiltír freisin. I 2005 bhí 328,300 Suranamaigh ann, timpeall 2% de phobal na hÍsiltíre, le hais 438,000 Suranamach i Suranam féin.
Cloíonn bunús an phobail leis an gCríostaíocht (48.4% i 2012),[15] mar Chaitlicigh nó mar Phrotastúnaigh. Is í an Eaglais Mhorávach an eaglais is sine agus cuid mhór Criól ag baint léi. Cleachtann a lán Marúnach Winti, reiligiún Afrai-Mheiriceánach. Is iad na Hindúigh an dara grúpa reiligiúnach is mó. Cleachtann na hIávanaigh an tIoslamachas nó an tIávanachas.
Inimircigh ónIndiaBúistéirí in Paramaribo agus comharthaí in Ollainnis.
Níl aon teanga oifigiúil ann ach Ollainnis. Baintear feidhm aisti mar theanga oideachais, rialtais agus ghnó agus mar theanga na meán. Tá Ollainnis ag breis is 60% den phobal mar theanga dhúchais,[16] agus labhraíonn an chuid is mó den fhuíoll í mar an dara teanga acu. I 2004 rinneadh ball comhlach d’Aontas na hOllainnise de Shuranam.[17]
Is éSranan Tongo an teanga is coitianta atá labhraítear agus is minic a úsáidtear í in áit na hOllainnise de réir neamhfhoirmiúlacht na hócáide.[18]
An tríú teanga is mó a labhraítear is í an tSarnaimis (Hiondústáinis Chairib) í, canúint den Bhojpuri. Labhraítear Iávanais, Cantóinis agus Mandairínis freisin. Ar na teangacha Marúnacha tá Saramaka, Paramakans, Ndyuka (Aukan), Kwinti agus Matawai, agus cosúlacht éigin idir iad agus Sranan Tongo. Labhraíonn roinnt daoine Béarla, Spáinnis nó Portaingéilis. Ar na teangacha Bundúchasacha tá Cairibis agus Arawak.
Bíonn díospóireacht ar siúl faoi theangacha Shuranam. Tá baint ag Sranan Tongo leis an náisiúnachas, a bhuíochas sin ar Desi Bouterse, a bhaineadh feidhm as sna 1980í. Samhlaítear é le cultúr na ngormán agus samhlaítear an Ollainnis leis an gcultúr bán. B’fhearr le daoine éigin Béarla nó Spáinnis a úsáid mar an teanga náisiúnta.[19]
Tá cúrsaí spóirt á riar ag Coiste Oilimpich Shuranam. Bunaíodh é i 1959 agus pléann sé le lúthchleasaíocht, badmantan, cispheil, dornalaíocht, fichille, rothaíocht, peil, júdó, cearáité, lámhach, snámh, leadóg bhoird, taekwondo, leadóg, trí-atlan, liathróid eitpheile agus iomrascáil.
Tá an-ghlaoch ar shacar agus is maith le roinnt daoine cruicéad.
Tá oideachas éigeantach go dtí dhá bhliain déag d’aois,[20] agus bhí ráta cláraithe 94% ann i 2004. Is í príomhollscoil na tíre Ollscoil Anton de Kom Shuranam.
Tá an-éileamh arDe Ware Tijd agus arTimes of Suriname. Ó SMEsport is mó a fhaightear nuacht spóirt.[21] Is éDevsur: Development of Suriname an t-aon nuachtán ar líne atá i mBéarla ar fad.[22]
Tá dhá stáisiún raidió is fiche i Suranam agus craoltar dhá cheann acu (Apintie and Radio10) tríd an Idirlíon, in éineacht le mArt ó Amstardam. Tá dhá chainéal déag teilifíse ann.
Tagann an chuid is mó de thurasóirí chun Suranam chun cuairt a thabhairt ar fhoraoisí na hAmasóine. Tá an-tarraingt ar thearmann Dúlra Lárnach Shuranam agus ar Pháirc Dhúlra Brownsberg, atá os cionn Thaiscumar Brokopondo, ceann de na lochanna saorga is mó ar domhan. Tá tábhacht, mar sin, le gnóthaí óstáin i Suranam agus le hárasáin a ligean ar cíos.