Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Spórt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Spórt

Is éard a bhíonn i gceist lespórt ná imeacht le hiomaíocht fisiciúil ar bhonn comórtais,siamsaíocht, aclaíocht nó féin-fhorbairt srl.

Bíonn gníomhaíocht fisiciúil in éineacht le iomaíochta, féinspreagadh agus córas scórála i gceist. Roinntear cineálacha spóirt de réir grúpaí: spóirt aonaracha, spóirt foirne, spóirt le scil nó spóirt le neart (mar shamplaaclaíocht isiméadrach),luas srl.

Is iad na spóirt is bunúsaí ná na comórtaisí nirt, luais, léimnigh, aguslúthchleasaíochta anduine. Chomh maith le sin, bíonnrásaí con agus capall, seóléimrigh capall, rásaí snámha,seoltóireacht,rámhaíocht,cadhcáil,na healaíona míleata,marcaíocht mhaidhme,rásaíocht mótair agusrothar go forleathan ar fud an domhain. Tugtar spórt orthu seo ar fad, maraon le cluichí eile aonair, beirte agus foirne.

Tá an-bhaint ann idir spórt aguseolaíocht. Bíonnfaid,airdí, agusamanna, le tomhas. Caithfidh lúthchleasaithe bheith an-aclaí, sláintiúil; cabhraíonn an eolaíocht leo na cúrsaí seo a thuiscint. Bíonnmatáin láidre,croí láidir agusscamhóga láidre ag lúthchleasaí.[1]

Spórt sa stair

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Léiriú Spóirt ó naMionóch thart ar 1000 bliainRCh

Ní fios cén uair a céad-imríodh spórt, ach tá fianaise ann go raibh naSínigh ag imirt cineál éigin spóirt timpeall 4000RCh[2]. Tá a fhios againn chomh maith go raibh móréileamh ar ghleacaíocht sanÉigipt. Is léir ó shéadchomharthaí go raibh córas rialacha do na cluichí seo freisin[3].

Inniu i measc na gcruinnithe móra spóirt is eol dúinn ón stair, táCluichí Oilimpeacha na Gréige agus rásaí Tailteann na hÉireann. Bhí comórtais lúthchleasaíochta acu sna chéad Chluichí Oilimpeacha sa bhliain 776 R.C. – le beagnach 3000 bliain anuas, tá iomaíocht ar siúl ag daoine i gcomórtais reatha, léime, caithimh agus siúil.[1]

Ceiliúrtar ar6 Aibreán gach bliain an "Lá Idirnáisiúnta Spóirt ar son na Forbartha agus na Síochána".

Cluichí foirne

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tá tábhacht inniu go fóill le comórtaisí luais, léimní agus nirt, ach tá níos mó béime ar chluichí foirne. Tá cluichí eile a imrítear ina mbíonn duine in aghaidh duine, nó i bhfoirne, a bhfuil scil nó deiseacht láimhe i gceist, mar atádairteanna,leadóg, lámhach piléar agussaighead, caitheamh puc agus caitheamh casúir,scátáil, tumadh agusliathróid láimhe. Tá foirm ar leith delúthchleasaíocht ann ina mbíonn an lúthchleasaí ag déanamh cleasa agus é ag casadh ar mhaide.

Spóirt gheimhridh

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tá an-ráchairt ar fud an domhain, freisin, arspóirt gheimhridh, ar nóssciáil ailpíneach,sciáil Nordach, scátáil, scátáil figiúir, lúg, agus gluaiseacht chláir-sneachta.

Taispeántastinte ealaíne, Aonach Tailteann,Páirc an Chrácaigh,Baile Átha Cliath, 2 - 17 Lúnasa 1924

Mór an spórt é.....

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Is minic a cloistear go bhfuil an spórt imithe as cúrsaí spóirt. 'Séard atá i gceist anseo na go ndéantar dearmad ar bhéasaí, ar luachanna agus ar an spraoi agus go ndírítear isteach ar an mbua. Céard a spreagann duine le páirt a ghlacadh i gcúrsaí spóirt?

An mar chaitheamh aimsire a fhéachtar air nó gné sóisialta, chun aclaíocht a dhéanamh nó forbairt pearsanta? Cé acu a bhíonn mar spreagadh, is cinnte go dteastaíonn scileanna comhoibrithe agus féin-smacht ionas go n-eireoidh leat i gcúrsaí spóirt.

Scaití milleann brú na hiomaíochta an comhoibriú dearfach seo agus is féidir leforéigean a bheith mar thoradh. Measctar mothúcháin de dhílseacht nó ceiliúradh le fearg agus is minic dochar dá bharr.

Féach freisin

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. 1.01.1COGG. "Eureka - Bainimid Sult as Spórt". Cartlannaíodhan bunleathanach ar 2021-01-28. Dáta rochtana: 2020.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodhan bunleathanach ar 2009-03-03. Dáta rochtana: 2010-01-15.
  3. http://www.ioa.leeds.ac.uk/1980s/84085.htm


Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Spórt&oldid=1238497"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp