Bhí baint ag Sonic Youth leis an ngluaiseacht ceoil agus ealaíneNo Wave i gCathar Nua-Eabhrac, ach mhair siad níos faide ná an chuid is mó de na grúpaí No Wave eile. Mar chuid den chéad tonn de ghrúpaí iarphunc, lean Sonic Youth lena léamh ar éiteas an phunc-rac i rith an radhairc faoi thalamh neamhspleách (mar a léiríonn teideal a gclár faisnéise '1991: The Year Punk Broke') a bhí dírithe níos mó ar eitic DFÉ (déan féin é) an seánra seachas a fuaim faoi leith. Tá roinnt ratha príomhshrutha bainte amach acu, agus breathnaítear orthu mar cheann de na príomhbhannaírac-cheoil ailtéarnach a linne
Bhí leithéidí siansaí giotáirGleann Branca (a chas go leor den banna léi), prótaphunc tromThe Stooges agusThe Velvet Underground agus punc-fhilíochtPatti Smith mar inspioráid acu. Moladh Sonic Youth go minic as ‘’athchóirú ceard a d’fheadfadh giotár a dhéanamh’’ ag baint úsáid as réimse maith tiúnta giotáir neamhortadocsach, ag réiteach giotáir le rudaí cosúil le scriúirí chun timbre na huirlise a athrú.
D’eisigh baill den ghrúpa leabhair filíochta agus próis, léirigh siad scannáin, chuir siad taispeáintí amharcealaíona ar stáitse agus go leor eile. Tá neart ábhair ceoil taifeadta agus/nó gníomhaithe acu le healaíontóirí eile agus taobhthionscadail.