As anBronx ó dhúchas í Sotomayor, de thuismitheoirí asPuerto Rico nach raibh ach cúpla focalBéarla acu, agus i dtithíocht phoiblí sa Bhronx. Fuair a hathair bás nuair a bhí Sotomayor naoi mbliana d’aois, bliain tar éis di diabéiteas a tholgadh. Ainneoin seo, agus nach raibh ach bunteastas altramais ag a máthair, leagadh an-bhéim aroideachas. Bailíodh airgead go leor chun í a sheoladh go dtí scoileannaCaitliceacha sa cheantar. Chuaigh sí ó Ardscoil an Chairdinéil Spellman i 1972 go dtíOllscoil Princeton. D’fhág sí Princeton i gcéadáit ('summa cum laude') a ranga (AB 1976) chun céim mháistreáchta a dhéanamh inOllscoil Yale. Ach bhain sí dochtúireacht amach (JD 1979). Tá cáil ar Sotomayor mar scoláire den ardscoth ó shin.[1]
Bhí Sotomayor ina hionchúisitheoir dúiche cúnta i gContae Nua-Eabhrac (Manhattan) ó 1979 go 1983. Bhí meas ar a cuid oibre mar ionchúisitheoir, go háirithe mar gheall ar an dúthracht a bhí inti dul i ndiaidh napornagrafaíochtaleanaí. Tar éis di roinnt blianta a chaitheamh i mbun dlíthíochta tráchtála, rinneadh comhpháirtí i Pavia & Harcourt, Manhattan di, sa bhliain 1988.[2]
2009
Ceapadh Sotomayor ina breitheamh de Chúirt Dúiche na Stát Aontaithe le haghaidh Dúiche Deiscirt Nua-Eabhrac sa bhliain 1992, i ndiaidh vóta d'aon ghuth iSeanad na Stát Aontaithe i bhfabhar a hainmniúcháin. Ise a chuir deireadh lestailc ollmhór na n-imreoiríDaorchluiche 1995 a chuir an cluiche ar fionraí ar feadh bliana.
Ceapadh do Chúirt Achomharc na Stát Aontaithe le haghaidh an Dara Cuaird í sa bhliain 1998; ní raibh bealach chomh éasca aici, ach ar deireadh daingníodh í, le vóta 67-25.[2] Bhí breithiúnais déanta aici cheana féin ar cheisteanna mar chearta ginmhillte, cearta gunnaí, cearta sibhialta, agus leithcheal in aghaidh mionlaigh.
Nuair a d'ainmnigh an t-Uachtarán Obama doChúirt Uachtarach na Stát Aontaithe í, sa bhliain 2009, daingníodh í, ar deireadh, le vóta 69-31, d'ainneoin go raibh conspóid ann maidir le tuairim a chuir sí in iúl sa bhliain 2001 go ndéanfadh breitheamh Latina cinneadh ní b'fhearr, den chuid is mó, ná fear geal nach mbeadh an taithí chéanna ar an saol aige.[2]
Cuireadh Sotomayor faoi mhionn mar Bhreitheamh Comhlach de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe ar 8 Lúnasa 2009.
Léirigh a cuid breithiúnas ó 2009 go bhfuil Sotomayor ar eite liobrálach na Cúirte Uachtaraí den chuid is mó. Ach ó am go ham taobhaíonn sí leis na coimeádaigh maidir le ceisteanna áirithe, mar an clásal a bhaineann le láithreacht na bhfinnéithe.[2]