Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Smior

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtSmior
Sonraí
Laidinmedulla ossium
Aitheantóirí
MeSHD001853
TA[0-9.+&id=A13.1.01.001 A13.1.01.001]
FMA9608 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/bone-marrow
Téarmaíocht anatamaíoch

Isfíochán leathsholadach ésmior (nósmúsach) a fhaightear laistigh den chuid spúinseach (nó “líontánach”) dechnámh.[1] In éin agus i mamaigh, is é an smior an phríomháit ina dtáirgtear fuilchealla nua (próiseas ar a dtugtar “fuilghiniúint” nó “haematapóéis”).[2]

Cuimsíonnsmior buícealla saille, fuileadáin is mionchreatlach ceall eangachúil issnáithíní. Cuimsíonnsmior dearg an iliomad cealla fola de gachsaghas, chomh maith leis an mbunábhar a ndéantar na cealla sin as. Agan mbreith bíonn smior dearg an-cheallach i ngach cnámh. Le dul inaois éiríonn an smior níos saillí go dtí nach mbíonn smior deargach i veirteabraí, na heasnacha, an steirneam, cnámha leata bhlaoscan chinn is an pheilbhis, agus foircinn uachtaracha an fhéimir isan húiméiris. Dhá fheidhm ar a laghad ag an smior dearg: cruthúchealla dearga na fola (na heiritricítí), na bpláitíní fola, nangranalaicítí, is ar shlí níos lú, na monaicítí is na limficítí;agus milleadh na seaneiritricítí ídithe (thar 120 lá d'aois).[3]

Cuimsíonn smior thart ar 5% de mhais iomlán an choirp i ndaoine fásta sláintiúla, sa chaoi is go mbeadh thart ar 3.7kg smeara i bhfear a bhfuil 73kg meáchain ann.[4]

Nathanna cainte

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  • ”Is Éireannach go smior é” (fíor-Éireannach)
  • “Tá sé truaillithe go smior” (lofa amach is amach)
  • ”Tá an fuacht dulta go smior ionam” (tá mé préachta)
  • “Níl smior ná smúsach ann” (is meatachán é)
  • ”smior a bhaint as leabhar” (brí nó tuiscint a bhaint as)
  • “an smior chailleach a bhaint as” (ró-úsáid a bhaint as rud éigin)

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. C. (2009). "Pathology of bone marrow and blood cells" (2nd ed.). Philadelphia: Wolters Kluwer Health/Lippincott William & Wilkins.ISBN9780781770934.OCLC191807944. 
  2. Arikan (2014). "Haematology of amphibians and reptiles: a review".North-Western Journal of Zoology 10: 190–209. 
  3. Hussey, Matt (2011). "Smior".Fréamh an Eolais.Coiscéim.
  4. Hindorf (2010). "EANM Dosimetry Committee guidelines for bone marrow and whole-body dosimetry".Eur J Nucl Med Mol Imaging 37 (6): 1238–1250. doi:10.1007/s00259-010-1422-4.PMID 20411259. 
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar asFréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an OllamhMatthew Hussey, foilsithe agCoiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Smior&oldid=1174809"
Catagóirí:
Catagóir folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp