Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Sligeach–Liatroim (Dáilcheantar)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSligeach–Liatroim

Suíomh
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae ShligighCuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1948
Díscaoileadh2007
Á leanúint agRos Comáin–Liatroim Theas agusSligeach–LiatroimCuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil

IsDáilcheantar 4 suíochán éSligeach–Liatroim.

Sa dáilcheantar inOlltoghchán 2024 bhí contae Shligigh agus contae Liatroma ina n-iomlán chomh maith le sciar de dheisceart Dhún na nGall, ceantar thart arBhun Dobhráin ina bhfuil idir 5,000 agus 6,000 vóta. Tá a dhá oiread níos mó daonra i Sligeach ná iLiatroim. Ar an gcaoi sin, bíonn de ghnáth trí cinn de shuíocháin ag iarrthóirí atá lonnaithe i Sligeach agus ceann ag iarrthóir i Liatroim.[1]

Marian Harkin, Neamhspleách, 2022

Toghcháin

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Olltoghchán 2016

InOlltoghchán 2016, toghadhMartin Kenny (SF),Tony McLoughlin (FG),Eamon Scanlon (FF) agusMarc MacSharry (FF/Neamhspleách in 2021). Theip arSusan O'Keeffe (LO).

Olltoghchán 2020

InOlltoghchán 2020, toghadhMarc MacSharry (FF/Neamhspleách in 2021).Martin Kenny (SF),Marian Harkin (Neamhspleách), agusFrank Feighan (FG).

Frank Feighan, FG

Olltoghchán 2024

InOlltoghchán 2024, bhí seachtar déag cláraithe le seasamh, ina measc triúr de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Martin Kenny (SF), Marian Harkin (Nspl) agus Frank Feighan (FG - bhí cuid de na vótaí a bhíodh ar fáil dó i Ros Comáin, a chontae dúchais, caillte aige in 2024).

Bhí titim amach bhinbeach idir an Teachta DálaMarc McSharry, a toghadh d’Fhianna Fáil in 2020 agus ceannaire an pháirtíMicheál Martin (FF). Bhí sé de mhisneach ag McSharry a rá go raibh Varadkar ag déanamh beithé de Mhicheál Martin.[2] Ba é a dheireadh gur éirigh McSharry as an bpáirtí in 2021. Ar an 15 Deireadh Fómhair 2021, d'éirigh MacSharry as Páirtí Pairliminte Fhianna Fáil i ndiaidh do tacú leis an rúin mí-mhuiníne san Aire Gnóthaí EachtrachaSimon Coveney sa Dáil.[3] Níor sheas sé sanOlltoghchán 2024, ach sheas col ceathar leis, an ComhairleoirEdel McSharry (FF). Sí atá i gceannas ar an Scoil Altranais atá ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh [ATU] i Sligeach.[1]

Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 Eamon Scanlon (FF) agus atoghadhMartin Kenny (SF),Marian Harkin (Neamhspleách), agusFrank Feighan (FG).

Féach freisin

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. 1.01.1Donncha Ó hÉallaithe (19 Samhain 2024). "Seans ag FF ar dhá shuíochán i Sligeach-Liatroim, Michael Fitzmaurice ina máistir i Ros Comáin-Gaillimh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-19.
  2. Seosamh Ó Cuaig (29 Meán Fómhair 2020). "Cén treo nua a thabharfadh i dtír Fianna Fáil?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-19.
  3. RnaG (16 Meán Fómhair 2021). "Nuacht an Tuaiscirt" (as en). 
Baile Átha Cliath - Fine Gall Thiar ·Baile Átha Cliath - Fine Gall Thoir ·Baile Átha Cliath Láir ·Baile Átha Cliath Ráth an Dúin ·Baile Átha Cliath Theas-Lár ·Baile Átha Cliath Thiar ·Baile Átha Cliath Thiar-Meán ·Baile Átha Cliath Thiar Theas ·Baile Átha Cliath Thiar-Thuaidh ·Cuan Bhaile Átha Cliath Theas ·Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh ·Dún Laoghaire ·An Cabhán–Muineachán ·Ceatharlach–Cill Chainnigh ·Ciarraí ·Cill Dara Theas ·Cill Dara Thuaidh ·Cill Mhantáin ·Cill Mhantáin-Loch Garman ·An Clár ·Corcaigh Theas-Lár ·Corcaigh Thuaidh-Lár ·Corcaigh Thiar Theas ·Corcaigh Thiar Thuaidh ·Corcaigh Thoir ·Dún na nGall ·Gaillimh Thiar ·Gaillimh Thoir ·Laois ·Loch Garman ·An Longfort–An Iarmhí · ·Contae Luimnigh ·Cathair Luimnigh ·Maigh Eo ·An Mhí Thiar ·An Mhí Thoir ·Port Láirge ·Ros Comáin–Gaillimh ·Sligeach–Liatroim ·Tiobraid Árann Theas ·Tiobraid Árann Thuaidh ·Uíbh Fhailí
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Sligeach–Liatroim_(Dáilcheantar)&oldid=1251395"
Catagóirí:
Catagóir folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp