Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Sic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cuirtear andobhriatharLaidinesic (“mar seo”, “díreach mar atá”; ina iomláine:sic erat scriptum, “mar seo a scríobhadh é”) isteach tar éis focal nó sliocht athfhriotail a thugann le fios go bhfuil an t-ábhar tras-scríofa nó aistrithe go díreach mar a bhí sé sa mbuntéacs, gan ceartúchán nó athrú ar bith ar bhotúin litrithe nó ghramadaí, nó aon ghné eile neamhchaighdeánach. Úsáidtear é freisin i ndiaidh ráiteas aisteach, réasúnaíocht lochtach, nó ábhar eile a d’fhéadfaí a thuiscint mar earráid tras-scríofa.

Go ginearálta cuirtear é taobh istigh de lúibíní cearnacha le léiriú nach cuid den sliocht athfhriotail é.

Uaireanta, úsáidtearsic ar bhealach searbhasach nó fonóideach, chun aird a dhíriú ar bhotúin litrithe nó ar loighic lochtach an bhunscríbhneora.

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Sic&oldid=1224043"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp