Is éard atá iseilmide (nóseilide), a bheag nó a mhór, nágastrapód a bhfuil sliogán air. Tugtarpoigheachán ar shliogán an tseilmide go traidisiúnta.[1] Úsáidtear an téarmaseilmide is minice ar sheilmidí talún, ach tugtar an t-ainm ar go leor ball den ordGastropoda a bhfuil sliogán seachtrach corntha orthu atá sách mór lenar féidir leis an ainmhí tarraingt go hiomlán isteach ann. Nuair a úsáidtear an focalseilmide sa chiall níos leithne seo, cuireann sé roinnt speiceas a chónaíonn san fharraige nó i bhfíoruisce san áireamh, mar shampla an seilmide fionnuisce[2] agus an seilmide cladaigh (Littorina littorea)[3]. De ghnáth, tugtardrúchtín ar ghastrapód nach bhfuil sliogán go nádúrtha air, nó nach bhfuil ach sliogán inmheánach acu, ach úsáidtearseilide drúchta sa chás seo freisin.
Ní beag an bhaint atá ag seilmidí leis an saol daonna, mar shampla marfhoinse bia, mar lotnaidí, agus mar veicteoirí galair, agus úsáidtear sliogáin seilmide mar mhaisiúcháin nó i seodra. Baintear úsáid freisin as an seilide i gcora cainte a dhéanann tagairt do rud nó do dhuine mall:chomh mall le seilmide,is é teacht an tseilide atá aige.