Страна Восходящего Солнца,Terra del sol naixent,The Land of the Rising Sun,ארץ השמש העולה,Land der aufgehenden Sonne,日出る国,Pays du Soleil levant,Країна Сонця, що сходить agusZemě vycházejícího slunce
Istír in oirthuaisceart na hÁise ían tSeapáin (Nippon/Nihon; 日 (grian); 本 (fréamh ach bunús); 国 (tír), go litriúiltír bunús nagréine). Tá sí suite idiran tAigéan Ciúin agusMuir na Seapáine.
Oileánra atá sa tSeapáin. Tá timpeall ar 6,800 oileán ann ar fad, ach is iadKyūshū (九州),Shikoku (四国),Honshu (本州, an t-oileán is mó), agusHokkaidō (北海道) na cinn is tábhachtaí. Tásléibhte arda sa chuid is mó de na hoileáin, agusbolcánachas áirithe ann chomh maith. Is bolcán é Sliabh Fuji freisin, arb é an sliabh is airde sna hoileáin.
Tá beagnach 128 milliún duine ina gcónaí sa tSeapáin, agus mar sin, tá sí ar an deichiú tír is mó daonra. Is é réigiúnThóiceo an mórcheantar uirbeach is mó ar.
Tugann fianaise naseandálaíochta le fios go raibh áitreabh daonna sa tSeapáin chomh luath leis an ré Phailéiliteach Uachtarach, is é sin, tríú trian na ré Pailéilití, 40,000-10,000 bliain ó shin.
Rinneadh an chéad tagairt liteartha don tSeapáin sa chéad aois AD i dtéacsanna stairiúla óntSín.
Bhí tréimhsí na hoscailteachta agus tréimhsí na scoilteachta ag teacht sna sála ag a chéile ansin. Le linnTréimhse Meiji (明治維新, Meiji Ishin), thosaigh an tSeapáin ag trádáil leis an domhan.
D'fhógair an tImpire Hirohito gur ghlac an tSeapáin anfógra Potsdam ar an15 Lúnasa1945 (an craoladh "Jewel Voice")[1]. Mar sin, ghéill an tSeapáin agus chuir an craoladh seo críoch leis an gcogaíocht.
Ó glacadh le Bunreacht na Bliana 1947, tá córaspolaitiúil na tíre bunaithe ar impireacht bhunreachtúil. Is é sin, is é an tImpire atá ag rialú na tíre go hoifigiúil, ach is ag an bParlaimint, ankokkai, atá an fhíorchumhacht. Mar sin, is tír dhaonlathach pharlaiminteach í an tSeapáin go praiticiúil.
Is í an tSeapáinisteanga oifigiúil na tíre, agus labhraíonn formhór mór na Seapánach leaganacha éagsúla den teanga seo. Thairis sin, áfach, tá na teangacha in Oileáin Ryukyu i nDeisceart na Seapáine chomh difriúil is go bhfuil sé ciallmhar glacadh leo mar theangacha gaolmhara, seachas mar chanúintí. Thairis sin, tá iarsmaí áirithe denteanga Ainu fágtha i dTuaisceart na Seapáine: teanga í sin nach bhfuil gaol ar bith aici leis an tSeapáinis ach oiread le haon teanga eile. Saothraítear í mar chaitheamh aimsire cultúrtha, cosúil leis an dóigh a mbíonn Gaeilgeoirí ag iarraidhGaeilge a labhairt agus a chur chun cinn i gcathracha móra nahÉireann, ach dealraíonn sé nach bhfuil cainteoirí dúchais ar bith ann inniu.
Is iad na Seapánaigh an dream eitneach is mó atá ann, cé go bhfuilCóiréigh agus Sínigh ina gcónaí sa tír chomh maith. Le fírinne, is iad naBurakumin an mionlach is tábhachtaí sa tSeapáin. Ní mionlach eitneach iad, áfach, ach aicme ar leith. I ré fheodach na Seapáine, bhí naBurakumin (部落民) ag plé le ceirdeanna a raibhneamhghlaine dheasghnách nó bás ag baint leo, is é sin, ag búistéireacht, ag súdaireacht, ag adhlacadh daoine marbha nó ag cur daoine daortha chun báis. Chuaigh an neamhghlaine dheasghnách greamaithe sna daoine seo, agus iad ag cur fúthu i ngeiteonna dá gcuid féin ionas go bhféadfadh na Seapánaigh eile iad a sheachaint. Níor tháinig maolú ar an leithcheal seo ach le déanaí, agus inniu féin is iomaí Seapánach nach gceadódh dá mhac nó dá iníon duine de naBurakumin a phósadh.
Is iad na 47 Maoracht an céad leibhéal sna limistéar riaracháin sa tSeapáin. Is Méara tofa díreach ag an bpobal é an príomhfheidhmeannach i ngach Maoracht. Bíonn nadlíthe agus buiséid aontaithe i dtionól aon seomra reachtaigh.
Tá gach maoracht foroinnte ina gCathracha agus Ceantair. Bhíonn na Ceantair foroinnte i mbailte agussráidbhailte.
Tá an sráidbhaile níos mó ná an lonnaíocht féin toisc gur fo-roinn den cheantar faoin tuath (郡gun) é. De bharr comhnascadh, tá an méid sráidbhailte sa Seapáin ag dul i laghad.
Tá leagan amach na Limistéir Riaracháin ag dul tríd athbhreithniú le cathracha, bailte agussráidbhailte á cónascadh le chéile. Tá sé mar sprioc ná an méid limistéar fo-maoracht a ísliú agus costais riaracháin a ísliú dá bharr.
Tá an tSeapáin roinnte i Réigiún; ní limistéir riaracháin oifigiúil iad ach tá siad in úsáid go traidisiúnta chun an tSeapáin a roinnt. Tá ocht réigiún ann sa tSeapáin.
Issíol faoi thíreolaíocht naSeapáine é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.