Is íSankt Gallen (GaeilgeːNaomh Ceallach,Gearmáinis:Sankt Gallen,Fraincis:Saint-Gall,Iodáilis:San Gallo,Rómainis:Son Gagl) ant-ochtú cathair is mó sanEilvéis í, agus Sankt Gallen is ainm do cheann de thrí canton déag na hEilvéise.[1]
Tá an chathair suite coisabhann Steinach in oirthuaisceart na tíre, in aice leLoch Konstanz (Bodensee) agus le teoranna na Gearmáine agusna hOstaire. Bhí breis is 73,000 duine ina gcónaí sa chathair fhéin sa bhliain 2011, ach tuairim is 160,000 duine le na fo-bhailte san áireamh.
TháinigCeallach (nóNaomh Gall), manach Éireannach, go dtí an ait sna 600idí agus bhí díseartaige.
Céad bliain níos déanaí, in 719, bhunaighNaomh Otmar mainistir ag an ait a raibhCeallach curtha. Tar éis bháis d'fhear a bunaithe, tháinig tuilleadh forbartha ar an mainistir, agus ní fada go raibh ainm in airde uirthi, agus agus mhéadaigh ar líon na manach a bhí ag freastal ar an mainistir nua.[1]
Faoi aimsirShéarlais Mhóir (c. 747-814), bhí leabharlann mhór i mainistir Sankt Gallen, leabharlann agus ceann de na bailiúcháin lámhscríbhinní diaga ba thábhachtaí in iarthar na hEorpa. Inniu tá clú agus cáil ar an mhainistir Bheinidicteach (Fürstabtei St. Gallen) seo. Agus tá an leabharlann cháiliúil sa mhainistir fós ann (Bibliotheca Sangallensis).
Is í Sankt Gallen príomhchathair chantúinSankt Gallen agus is í an áit chultúrtha is tábhachtaí in oirthear na hEilvéise. Fairis sin, táOllscoil Naomh Gall (HSG) ann le tuairim is 6,500 mac léinn ag freastail cúrsaí geilleagair.
Sankt Gallen - Eaglais na Mainistreach agus seanlár na cathrach.
Ollscoil na cathrach le mainistir agus seanlár i gcúl
Cathair agus mainistir sa bhliain 1642 (Matthäus Merian).
Mainistir Naomh Gall - Léarscáil cháiliúil ó thús an 9ú haois.
Eaglais na Mainistreach (Stiftskirche), comhartha na cathrach.
Suíomh na cathrach
Suíomh san Eilvéis