Is é ansamairiamdúil uimhir a 62, agus is éSm an tsiombail cheimiceach.Lantanóideach agusmiotal tearc-chré atá ann, agus fuair sé a ainm ón mianra inar haithníodh é, mar atá, an tsamairscít, a bhí ainmnithe as Vasili Samarski-Bykhovets, innealtóir mianadóireachta ónRúis. Tá loinnir gheal sa samairiam i ndiaidh a ghearrtha, ach má fhágtar faoi thionchar an aeir é, tiocfaidh smúit ocsaíde air agus é ag titim ina púdar den mhiotal. Is gnách samairiam a choinneáil i dtaisce inargón mar sciath chosanta ar ocsaigin an aeir.
Dúil leictridheimhneach é an samairiam - is é sin, tá sé araiciseach chun imoibriú leis na hocsaídeoirí, ionas go n-iompóidh na hadaimh samairiam ina hiain a bhfuil lucht leictreach deimhneach (+) acu. Le fírinne imoibreoidh sé leis anuisce féin, ionas go bhfoirmeofar an trí-hiodrocsaíd samairiam Sm(OH)3. Mar a léiríonn an sampla seo, is é +III an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta atá ag an samairiam ina chuid comhdhúl, cosúil lena lán miotal tearc-chré eile. Tácomhdhúile samairiam(+II) ann freisin, áfach. Mar shampla, tá dhá chineál halaiginídí ag an samairiam: na déhalaiginídí (défhluairíd samairiam SmF2, déchlóiríd samairiam SmCl2, débhróimíd samairiam SmBr2 agus dé-iaidíd samairiam SmI2) agus na tríhalaiginídí (trífhluairíd samairiam SmF3, tríchlóiríd samairiam SmCl3, tríbhróimíd samairiam SmBr3 agus trí-iaidíd samairiam SmI3). Sna déhalaiginídí tá an uimhir ocsaídiúcháin +II ag an samairiam.
Úsáidtear samairiam, nó meascán miotal tearc-chré a bhfuil samairiam ann, i riailmhaidí na n-imoibreoirí núicléacha. Is éard atá i gceist leis na riailmhaidí ná maidí atá suite idir na maidí breosla, agus iad á n-ardú is á n-ísliú de réir mar a theastaíonn ó fhoireann maolú ar an imoibriú núicléach, nó luas a chur leis. Thairis sin, áfach, baintear leas as samairiam ar a lán dóigheanna eile: mar shampla, déantar maighnéid as meascán an tsamairiam agus anchóbailt, agus déantar gloine speisialta as an ocsaíd samairiam - gloine atá in ann solas infridhearg a shú isteach.
Tá samairiam an dúlra comhdhéanta as ceithreiseatóp cobhsaí, mar atá,144Sm (3.07 % de shamairiam an dúlra),150Sm (7.38 % de shamairiam an dúlra),152Sm (26.75 % de shamairiam an dúlra, an t-iseatóp is flúirsí) agus154Sm (22.75 % de shamairiam an dúlra), agus trí raidiseatóp atá as pabhar fadsaolach, mar atá,147Sm (1.06×1011 bliain ar leathré, 14.99 % de shamairiam an dúlra),148Sm (7×1015 bliain arleathré, 11.24 % de shamairiam an dúlra) agus149Sm (>2×1015 bliain ar leathré, 13.82 % de shamairiam an dúlra).