Is cluiche dúcheiste éSūdoku, (Seapáinis:数独, 'uimhir aonair'), a litrítear marSū Doku uaireanta. Is í aidhm an chluiche ná uimhir ó 1 go 9 a lonnú i ngach cillín ghreille, don chuid is mó greille 9×9 le fo-ghreillí 3x3 (ar a dtugtar "réigiúin"), ag tosnú le uimhreacha áirithe líonta isteach cheana sa ghreille. Níl ach aon riail amháin ann chun an cluiche a imirt - líon isteach an ghreille sa chaoi is nach bhfuil aon uimhir in aon tsraith, cholún nó réigiún faoi dhó. Tá leagan amach na greille cosúil le crosfhocail agus fadhbanna fichille a fhoilsítear de ghnáth sna nuachtáin.
Chruthaigh anmatamaiticeoirEilvéiseachLeonardo Eulero dúcheist an-chosúil le Sūdoku i1784. Bhain an cluiche cáil amach don chéad uair sa tSeapáin i1986 agus baineadh cáil idirnáisiúnta amach don chluiche i2005. Is féidir cluichí Sūdoku a fháil anois snanuachtáin is coitianta i mbeagnach gach aon tír - mar shampla, inThe Irish Times inÉirinn, inThe Times saBhreatain is inCorriere della Sera sanIodáil.
- Ardán chun dul san iomaíocht isudoku go hidirnáisiúnta. Ar fáil freisin i bhFraincisSudoku, GearmáinisSudoku agus IodáilisSudoku.
- Ardán idirnáisiúnta chunSudoku a imirt le leibhéil éagsúla deacrachta, rátálacha imreoirí, ranganna teagaisc agus cur síos mionsonraithe ar an gcomhéadan. Chomh maith leis sin satSeapáinis,Araibis agusFraincis.