Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Rosta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtRosta
Sonraí
Laidincarpus
Cuid defree upper limb(en)Aistrigh
Aitheantóirí
MeSHD014953
TA[0-9.+&id=A01.1.00.026 A01.1.00.026]
FMA24922 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Grayp.327
EB Onlinescience/wrist-anatomy
Téarmaíocht anatamaíoch

Tugtaran rosta[1] ar chaol na láimhe idir an rí is an lámh. Ar thaobh na rí de tá cinn íochtaracha an ulna is an gha a altann lena chéile agus, ar an taobh eile den rosta, le 4chnámh charpach na láimhe. Déanann dhá líne cnámh carpach áirse a chumann cuid den tollán carpach a iompraíonn beagnach gach struchtúr a théann isteach sa lámh (na teannáin fhleisceacha fhada do na méara is an néaróg mheánach). Má tharlaíonnathlasadh taobh istigh den tollán, is féidir go gcuirfidh sé sin brú ar an néaróg mheánach, rud a lagóidh cuid de na matáin san ordóg is cuid de mhothú na méar (siondróm an tolláin charpaigh). Is féidir go dtarlóidh siomptóim chosúla do bhean go déanach le linn toirchis de bharr coinneáil uisce, rud a atann na truaillí gar do na teannáin is a chuireann brú ar an néaróg mheánach. Nuair a imíonn an t-athlasadh nó an t-at, tránn na siomptóim freisin.[2]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): rosta” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-09-22.
  2. Hussey, Matt (2011). "Rosta".Fréamh an Eolais.Coiscéim. p. 568.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar asFréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an OllamhMatthew Hussey, foilsithe agCoiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Rosta&oldid=1235179"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp