Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Ronald Reagan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRonald Reagan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en)Ronald Wilson ReaganCuir in eagar ar Wikidata
6 Feabhra 1911
Tampico, IllinoisCuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Meitheamh 2004
93 bliana d'aois
Bel Air, CaliforniaCuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine agusGalar Alzheimer)
Áit adhlacthaRonald Reagan Presidential Library(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
40Uachtarán na Stát Aontaithe
20 Eanáir 1981 – 20 Eanáir 1989
← Jimmy CarterGeorge H. W. Bush →
31Uachtarán tofa na Stát Aontaithe
4 Samhain 1980 – 20 Eanáir 1981
← Jimmy CarterGeorge H. W. Bush →
33Gobharnóir California
2 Eanáir 1967 – 6 Eanáir 1975
← Pat BrownJerry Brown →
President of SAG(en)Aistrigh
1959 – 1960
← Howard KeelGeorge Chandler →
7President of SAG(en)Aistrigh
1947 – 1952
← Robert MontgomeryWalter Pidgeon →
Uachtarán
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnPreispitéireachas,Restorationism(en)Aistrigh agusEaglais Chríostaí (Disciplíní Chríost)
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Eureka-eacnamaíocht,socheolaíocht (1928–1932)
Ardscoil Dixon (1924–1928)Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheRancho del Cielo
Ronald Reagan Boyhood Home(en)Aistrigh
Teanga dhúchaisBéarla Meiriceánach
Airde71 inCuir in eagar ar Wikidata
LámhcheannasDeasógacht
Dath súileGorm
Dathán gruaigeGruaig dhonn
Gníomhaíocht
Suíomh oibreWashington, D.C.(1981–1989)
Sacramento(1967–1975)
Hollywood(1945–1967)
Fort MacArthur(en)Aistrigh(1945–1945)
Culver City(1942–1945)
Fort Mason(en)Aistrigh(1942–1942)
Hollywood(1937–1942)
Des Moines(1933–1937)Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmoifigeach míleata (1942–1945), aisteoir (1937–1960), fógróir (1933–1937), garda tarrthála (1927–1932), státaire, aisteoir gutha, frithchumannaí, dialannaí, aisteoir teilifíse, ceardchumannaí, scríbhneoir scripte, aisteoir scannáin, óstach seó cluichí, polaiteoir, aisteoir saincharachtair, dírbheathaisnéisí, bailitheoir ealaíneCuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1 Meitheamh 1937 –
FostóirWarner Bros.(1937–)Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Poblachtach(1962–2004)
an Páirtí Daonlathach(–1962)Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla Meiriceánach agusBéarla
GníomhaireMusic Corporation of America, Inc.(en)Aistrigh
Gairm mhíleata
GéillsineStáit Aontaithe Mheiriceá
Brainse míleataArm Cúltaca na Stáit Aontaithe,Arm na Stát Aontaithe,Arm Cúltaca na Stáit Aontaithe agusAir Force Reserve Command(en)Aistrigh
Céim mhíleatasaighdiúir singil(1937–1937)
second lieutenant(en)Aistrigh(1937–1943)
céadleifteanant(1943–1943)
captaen(1943–1953)Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda agusAmerican Theater(en)Aistrigh
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileJane Wyman(1940–1949),colscaradh
Nancy Reagan(1952–2004),bás an duineCuir in eagar ar Wikidata
PáisteMaureen Reagan
 (Jane Wyman)
Christine Reagan
 (Jane Wyman)
Ron Reagan
 (Nancy Reagan)
Patti Davis
 (Nancy Reagan)
Michael Reagan,mac uchta
 (Jane Wyman)Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJack Reagan  agus Nelle Wilson Reagan
SiblínNeil Reagan
Croineolaíocht
30 Márta 1981iarracht Ronald Reagan a fheallmharú
4 Márta 1952wedding of Ronald Reagan and Nancy Davis(en)Aistrigh
death and state funeral of Ronald Reagan(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú


Suíomh gréasáinwhitehouse.gov…
IMDB: nm0001654FilmAffinity: 449901547Allocine: 9534Rottentomatoes: celebrity/ronald_reaganAllmovie: p59108TV.com: people/ronald-reaganTMDB.org: 18802
Facebook: RonaldReaganApple Music: 2072784Musicbrainz: f7d8abe8-c693-4514-92e1-7d62275d3a51Songkick: 436089Discogs: 226283Goodreads author: 3543Goodreads character: 17619Find a Grave: 4244Project Gutenberg: 1671Cuir in eagar ar Wikidata

B'éRonald Wilson Reagan (Gaeilge:Raghnall Mac Liam Ó Ríagáin) (6 Feabhra1911 -5 Meitheamh2004) an 40úhUachtarán na Stát Aontaithe (1981-1989), agus an 33úGobharnóirCalifornia ó1967 go dtí1975.

Ba é Ronald Reagan a bhain Toghchán Uachtaránachta SAM i Samhain 1980. Chaith sé dhá théarma ina Uachtarán; le linn an ama seo thit anCogadh Fuar chuig íosphointí nua teannais agus ansin bhain sé ardphointí nua chomhoibrithe amach; pointí a bhí chóir a bheith doshamhalta go dtí sin.[1]

Reagan sa scannán "Knute Rockne All American", 1940
1950idí

Aisteoir

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Aisteoir ba ea Reagan sna 1940idí-1960idí. Bhí Reagan áirithe i measc na bhfear ba bhreátha go fisiciúil i Hollywood ina óige.[2] Bhí cáil air mar mar chraoltóir chomh maith.

Uachtaránacht

[cuir in eagar |athraigh foinse]

ChaillJimmy Carter in aghaidh Reagan sa bhliain 1980. Ag 69 bliain d'aois, b'é Reagan an duine is sine ag an am nuair a toghadh inaUachtarán é sa bhliain 1980 (bhíTrump beagáinín níos sine níos déanaí). Is iomaí spochadh a bhíodh ann faoina aois ag an am.  An bhféadfadh ‘seanfhear’ cúraimí na Stát Aontaithe a láimhsiú?[3]

Chaith Reagan ocht mbliana sa Teach Bán.[4] áirítear Reagan ar dhuine de na hUachtaráin ba mhó riamh a thaitin le pobal Mheiriceá.[3]

Luann an tOllamh le hEolaíocht Pholaitiúil, John Orman, go raibh seacht gcinn de thréithe ag Reagan a d’oibrigh thar cionn dó mar Uachtarán ar Mheiriceá sna hochtóidí. Ba iad na tréithe sin:

Díocas chun coimhlinte sa bpolaitíocht agus sa saol. Suim aige i gcúrsaí spóirt; É aclaí. Muinín aige as a thuairimí féin agus a sheasamh féin ar cheisteanna na polaitíochta agus an tsaoil. É ábalta guaim a choinneáil ar a chuid mothúchán go poiblí. É láidir agus daingean. Agus é ar a chompord leis an gcumhacht.[2]

1980
1984
Reagan agus George H. W. Bush, 1984

Chuirfí Reagan san eite dheis ach ní raibh leisce air comhréiteach a dhéanamh ar cheisteanna go leor leis na Daonlathaigh.

Ar 30 Márta 1981, rinneadhiarracht feallmharaithe ar Reagan inWashington DC

Geopholaitíochtː an Cogadh Fuar

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Bhí Reagan frithchumannach go smior agus mar sin de in éadandétente. In 1983 thug sé an t-ainm clúiteach ‘impireacht an oilc’ ar anAPSS.[1] Dúirt Reagan faoin APSSː

'Impireacht an oilc . . . fócas an oilc i saol an lae inniu . . . creidim go bhfuil an cumannachas ina chaibidil aisteach bhrónach eile i stair an chine dhaonna a bhfuiltear ag scríobh a cuid leathanach deireanach anois féin.'

Chuige sin thosaigh sé a chaitheamh ollsuimeanna airgid ar chórais nua slándála agus chosanta. Tugadh isteach réimse dedhiúracáin nua-aimseartha. Bunaíodh líon suntasach de na diúracáin seo san Eoraip, rud a ghoill go mór ar ghrúpaí síochána ar nós CND (Feachtas um Dhí-Armáil Núicléach).[1]

'Star Wars'ː Reagan, George Shultz i lár, and James Baker ar chlé, 1986
1987

‘Star Wars’

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Bhí an córas cosanta 'Star Wars' go mór i mbéal an phobail le linn ré Ronald Reagan. Thacaigh Reagan le forbairt anTionscnamh Straitéiseach Cosanta (Strategic Defense Initiative), córas léasair cosanta a mbeadh de thoradh air go gcruthófaí sciath thart ar SAM, nárbh fhéidir lediúracáin naRúise teacht tríd. Ní haon ionadh é, b’fhéidir, gur tugadh an leasainm ‘Star Wars’ air.[1]D’éirigh an teannas chomh géar sin go ndearna an Rúis baghcat ar naCluichí Oilimpeacha i 1984 a reáchtáladh i Los Angeles.

Geilleagar

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Chosain forbairtí ar nós Star Wars na billiúin dollar agus roimh i bhfad bhí deacrachtaí aggeilleagar SAM. Bhí an cás níos measa fiú sa Rúis, áfach; agus Moscó ag iarraidh fanacht cab ar chab le dul chun cinn teicneolaíoch SAM, chóir a bheith gur thit geilleagar na Rúise as a chéile ar fad. Bheadh ar an dá thír costais a ísliú ar bhonn práinne.[1]

Cainteanna faoi Theorannú Arm

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Mar dhóigh le teacht chun réitigh, thionóil Reagan agusMikhail Gorbaitseov sraith de chruinnithe mullaigh. I dtús báire is beag a baineadh amach. Ach i ndiaidh idirbheartaíocht dhian d’aontaigh an dá thaobh ar armlón a laghdú. Bhí an comhaontú s’acu le fáil i gConradh na bhFórsaí Núicléacha le Meánraon ar 8 Nollaig 1987,[5] a chinntigh gur cuireadh as feidhm na míltearm núicléach agus a chuir stad le clár Star Wars. Lig an Conradh fosta d’fhoirne cigirí maoirseacht a dhéanamh ar scrios na n-arm.

Oidhreacht

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Is beag a chodail Reagan agustháiniggalar Alzheimer air; d'éag5 Meitheamh2004. Inniu faighteariarsmalann Ronald Reagan i Simi Valley, California.

Éire

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Thug neart de na Gael-Mheiriceánaigh tacaíocht do Ronald Reagan lena linn. Is cosúil gur duine tíriúil a bhí ann chomh maith le bheith ina aisteoir.[6] Bhí Reagan bródúil as a shinsear agus as an ngéineolaíocht Éireannach a bhí fite fuaite ina chreatacha.[7]

Tháinig Reagan ar cuairt ar Éirinn i 1984 agus tharraing sé conspóid. Mar shampla dhiúltaigh an tEaspagEamonn Casey bualadh le Reagan i nGaillimh. Níor aontaigh an tEaspag le polasaíStáit Aontaithe Mheiriceá iMeiriceá Láir ag an am.[8]

Féach freisin

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. 1.01.11.21.31.4stmarys-belfast.ac.uk (2014). "An Cogadh Fuar". Cartlannaíodhan bunleathanach ar 2020-06-04. Dáta rochtana: 2022.
  2. 2.02.1Máirtín Ó Catháin (2016). "‘I won’t vote for a crook or an assh*le’ – caitheamh i ndiaidh Kennedy agus Reagan" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-05.
  3. 3.03.1Máirtín Ó Catháin (13 Nollaig 2016). "Blianta faoi bhláth – Donald Trump agus feirmeoirí Chonamara" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-05.
  4. Máirtín Ó Catháin (15 Iúil 2021). "Kennedy agus Reagan i measc na laochra go fóill ach Carter ag ardú sna cairteacha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-05.
  5. "Intermediate-Range Nuclear Forces Treaty" (as en) (2022-06-02).Wikipedia. 
  6. Seosamh Ó Cuaig (8 M.F. 2020). "Tabharfaidh slua de na Gaeil-Mheiricéanaigh vóta do Donald Trump sa gcéad toghchán eile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-05.
  7. Máirtín Ó Catháin (2 Nollaig 2020). "Tréithe na nÉireannach sa Teach Bán – buntáiste do Joe Biden?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-05.
  8. tuairisc.ie (2017). "Iar-Easpag na Gaillimhe Eamonn Casey tar éis bháis agus é 89 bliain d’aois" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-05.
George Washington ·John Adams ·Thomas Jefferson ·James Madison ·James Monroe ·John Quincy Adams ·Andrew Jackson ·Martin Van Buren ·William Henry Harrison ·John Tyler ·James Knox Polk ·Zachary Taylor ·Millard Fillmore ·Franklin Pierce ·James Buchanan ·Abraham Lincoln ·Andrew Johnson ·Ulysses S. Grant ·Rutherford B. Hayes ·James A. Garfield ·Chester A. Arthur ·Grover Cleveland ·Benjamin Harrison ·Grover Cleveland ·William McKinley ·Theodore Roosevelt ·William H. Taft ·Woodrow Wilson ·Warren G. Harding ·Calvin Coolidge ·Herbert C. Hoover ·Franklin D. Roosevelt ·Harry S. Truman ·Dwight D. Eisenhower ·John F. Kennedy ·Lyndon B. Johnson ·Richard Nixon ·Gerald R. Ford ·Jimmy Carter ·Ronald W. Reagan ·George H. W. Bush ·William J. Clinton ·George W. Bush ·Barack Obama ·Donald Trump ·Joe Biden ·Donald Trump
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Ronald_Reagan&oldid=1253270"
Catagóirí:
Catagóir folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp