Is íRio de Janeiro an dara cathair is mósa Bhrasaíl. In oirdheisceart na tíre atá Rio, ar an gcósta, agus tugtar Cariocas ar a muintir. Bhí daonra os cionn 6 milliún sa chathair agus 13 milliún sa chríoch mheitreapholaiteach in 2024.[1]
Is í Rio de Janeiro b'fhéidir an suíomh is áille ar domhan.[2] Ar crochadh ar shléibhte arda glasa, ag síneadh cois tránna fada buí, dufair thrópaiceach ar thaobh amháin agus an tAigéan Atlantach ar an taobh eile, ní fhéadfaí suíomh nádúrtha níos mealltaí a shamhlú do chathair. Tá cáil ar an gcathair mar gheall ar a tránna geala, ar nósIpanema agusCopacabana, mar gheall ar a gaiscí sa sacar, mar gheall ar a cuid clubanna agus ar anCarneval. Seans gurb í seo an t-aon chathair ar domhan ar mó líon na n-ionad aclaíochta inti ná líon na siopaí grósaera.
Ar feadh nach mór dhá chéad bliain, ba í Riopríomhchathair na Brasaíle. Nuair a tógadh príomhchathair nua as an bpíosa –Brasília – sna 1960í, d’fhan na meáin chumarsáide, an gréasán uilechumhachtach Globo ina measc, san áit a raibh siad, in Rio. As Rio a thagann nuacht náisiúnta na Brasaíle; in Rio a bhíonn nócha a naoi faoin gcéad de na sobaldrámaí lonnaithe. Dá bharr sin tá tionchar as cuimse ag Rio ar chultúr na tíre ar fad: ar chúrsaí faisin, ar an gcaint, ar an gceol. Stíl bheatha cheantair shaibhre Rio atá mar aidhm ina saol ag Brasaíligh fud fad na tíre; ní haon iontas é go mbíonn tuairim ag muintir Rio gurb í a gcathair féin lár an domhain.[2]