Ceann de na cathracha is sine san Fhionlainn íRauma (Sualainnis:Raumo) atá suite chois Mhuir na Bóitne, an chuid lárnach de Mhurascaill na Bóitne idir an Fhionlainn agusan tSualainn. Is iad na cathracha agus na ceantair thuaithe ina timpeall náPyhäranta,Laitila,Eurajoki agusEura.
Bunaíodh Rauma sa bhliain1442. Inniu, tá timpeall ar 40,000 duine ina gcónaí ansin. Tá iarsmaí áirithe ónMeánaois le feiceáil i Rauma - go háirithe Eaglais na Croise Ró-Naofa (Pyhän Ristin kirkko) agus fothracha Eaglais na Tríonóide Ró-Naofa (Pyhän Kolminaisuuden kirkko) - ach is éVanha Rauma ("Sean-Rauma"), an chuid is sine den chathair, an radharc is mó a tharraingíonn turasóirí go Rauma ar na saolta seo, nó tá tithíocht adhmaid an tseancheantair aicmithe mar chuid denoidhreacht dhomhanda agEagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe.
Dar leis na Fionlannaigh, áfach, is í canúint na cathrach an rud is suntasaí faoi Rauma. Labhraíonn muintir Rauma canúint ina bhfágtar cuid mhór d'iarmhíreanna na bhfocal ar lár, agus í breac le hiasachtaí Sualainnise agus, fiú,Béarla a tháinig ó bhéarlagair na mairnéalach. Tá an chanúint seo - ar a dtugtar "teanga Rauma", nóRauma giäl sa "teanga" féin (Rauman kieli a déarfaí i bhFionlainnis chaighdeánach) - á saothrú ag scríbhneoirí inniu féin, ach ba é Hj. Nortamo (fíorainm: Frans Hjalmar Nordling, 1860-1931) an scríbhneoir a bhunaigh traidisiún liteartha na "teanga".