Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Rammstein

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaRammstein
lang=ga
(2013)Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósRamstein air show disaster(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna ceoilCuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh4 Eanáir 1994, BeirlínCuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1994 –
Lipéad ceoilMotor Music
Republic Records
Universal Music GroupCuir in eagar ar Wikidata
SeánraNeue Deutsche Härte(en)Aistrigh,industrial metal(en)Aistrigh agusshock rock(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Codanna
Cuid deNeue Deutsche Härte(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinrammstein.deCuir in eagar ar Wikidata

Facebook: RammsteinX: RSprachrohrInstagram: rammsteinofficialYoutube: UCYp3rk70ACGXQ4gFAiMr1SQTikTok: rammsteinSoundcloud: rammstein-officialSpotify: 6wWVKhxIU2cEi0K81v7HvPApple Music: 408932Last fm: RammsteinMusicbrainz: b2d122f9-eadb-4930-a196-8f221eeb0c66Songkick: 11557Discogs: 11771Allmusic: mn0000333648Amazon Music: B000S9XUG4Deezer: 464Cuir in eagar ar Wikidata

Ceolfhoireann miotail nóTanz-Metal[1] éRammstein agus é lonnaithe i mBeirlín saGhearmáin. Is iad Till Lindemann, Richard Z. Kruspe, Paul H. Landers, Oliver "Ollie" Riedel, Christoph "Doom" Schneider agus Christian "Flake" Lorenz baill na ceolfhoirne. Cé gur gnách leis an mbanna a gcuid amhrán a rá asGearmáinis, bhain siad amach cáil nach beag timpeall an domhain. Faoi láthair tá siad tar éis seacht albam a eisiúint.

Stair

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Ba é Richard Z. Kruspe a chuir an banna ar bun. Ba é an chéad fhoireann a bhí aige náOrgasm Death Gimmicks, banna a bhunaigh sé i ndiaidh dó cur faoi i mBeirlín sa bhliain 1989. San am sin, bhí Kruspe go mór mór faoi thionchar bannaí Meiriceánacha cosúil leKISS. Nuair a thit Balla Bheirlín, d'fhill Kruspe abhaile go Schwerin, áit a raibh Till Lindemann ina dhrumadóir sa bhanna údFirst Arsch. Bhí cónaí ar Kruspe faoi aon díon le hOliver Riedel agus Christoph "Doom" Schneider agus an bheirt acu ag seinm i mbannaí dá gcuid féin. Thosaigh Kruspe agus an bheirt sin ag comhoibriú le ceol de chineál nua a dhéanamh, ceol a bheadh ag baint úsáide as meaisíní chomh maith le ceoluirlisí den ghnáthchineál. Ansin chuala Kruspe Till Lindemann ag canadh amhrán os cionn a chuid oibre, agus d'fhruiligh sé mar fhonnadóir é.

Sa bhliain 1994 ghlac Rammstein páirt i gcomórtas do bhannaí amaitéaracha agus bhain siad an chraobh. Ba é an duais a bhí ag dul don bhuaiteoir ná leas a bhaint as stiúideo proifisiúnta le ceithre amhrán a thaifeadadh. Nuair a chuala Paul Landers an taifeadadh, bhí sé faoi dhraíocht ar fad agus chuaigh sé sa bhanna chomh maith le duine.

Ansin bhí fear de dhíth orthu le seinm ar na méarchláir. Bhí aithne ag Paul Landers ar Christian Lorenz, agus an bheirt acu tar éis ceol a dhéanamh in éineacht roimhe sin. Ar dtús bhí Lorenz idir dhá chomhairle, ach i ndeireadh na dála bhí sé sásta dul i Rammstein.

Albaim

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Albaim Stiúideo

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  • Herzeleid (1995)
  • Sehnsucht (1997)
  • Mutter (2001)
  • Reise, Reise (2004)
  • Rosenrot (2005)
  • Liebe ist für alle da (2009)
  • Rammstein (2019)
  • Zeit (2022)

Albaim Bheo

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  • Live aus Berlin (1999)
  • Völkerball (2006)

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodhan bunleathanach ar 2011-07-23. Dáta rochtana: 2008-02-13.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Rammstein&oldid=1214432"
Catagóirí:
Catagóir folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp