Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Radacarbón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Carbon-14
1. foirmiú2. lobhadh 3. beothach = marbh (nó lobhadh)

Is éard atá i gceist leis anradacarbón[1] ná ant-iseatóp radaighníomhach de chuid an charbóin atá ar fáil sa dúlra, nó14C,C-14carbón-14.

Is é12C an t-iseatóp is coitianta atá ag an gcarbón, agus sé phrótón is sé neodrón - nó dhá núicléón déag ar fad - sa núicléas aige, agus is iseatóp cobhsaí, neamh-radaighníomhach é. An radacarbón, áfach, tá dhá neodrón níos mó aige, agus is dual dó an cineál meath radaighníomhach teacht air a dtugtarbéite-mheath air. Go bunúsach, iompaíonn ceann de na neodróin i núicléas an radacarbóin go prótón, ionas go gcruthaítear 14-N, iseatóp de chuid na nítrigine nach bhfuil radaighníomhach ar aon nós.

Cruthaítear radacarbón go nádúrtha thuas san atmaisféar faoi thionchar na radaíochta cosmaí. Sin í an fhoinse a sholáthraíonn adaimh nua radacarbóin de réir mar a thagann meath ar na seanchinn. Tá leathré an radacarbóin chomh gearr is nachiseatóp príomhordúil é, achiseatóp cosmaigineach. Is é sin, caithfidh an radaíocht chosmach núicléis nua radacarbóin a sholáthar, nó tháinig meath radaighníomhach cheana féin ar an oiread radacarbóin a bhí ann san am a foirmíodh an Domhan agus an grianchóras.

Is í anleathré atá ag an radacarbón ná timpeall ar 5700 bliain. Baintear úsáid as an radacarbón sadátú radacarbóin (carbóntréimhsiú). Bíonn céatadán an radacarbóin i gcarbón na n-organach beo sách do-athraithe, agus iad ag idirghníomhú leis an gcarbón ina dtimpeallacht. I ndiaidh bhás an orgánaigh, áfach, tagann laghdú ar an gcéatadán seo agus an radacarbón ag meath. Mar sin, is féidir breithiúnas a thabhairt ar aois na n-iarsmaí bitheolaíocha tríd an radaighníomhacht a fhanann iontu a thomhas.

Stair

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Ba iad na ceimiceoirí Sam Ruben, Meiriceánach, agus Martin Kamen, Ceanadach, a d'aithin an radacarbón mar iseatóp ar leith an chéad uair, thiar i Saotharlann Radaíochta Berkeley, ar cuid í d'Ollscoil California, ar an 27ú Feabhra 1940

Féach freisin

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): radacarbón” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-03.
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Radacarbón&oldid=1209181"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp