Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Rac-cheol

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
DealbhRory Gallagher,Béal Átha Seanaidh
Dealbh Phil Lynott, BÁC
The Last Waltz, The Band, 1976, ag casadhI Shall Be Released le Garth Hudson (organ),Ringo Starr (drums), Levon Helm (drums) agus ag seasamh Dr. John,Neil Diamond,Joni Mitchell (i bhfolach),Neil Young, Rick Danko (Bass),Van Morrison,Bob Dylan (guitar),Eric Clapton, srl

Seánra ceoil is earacrac-cheol, a thosaigh amach marrac is roll i Stáit Aontaithe Mheiriceá sna 1950idí. Thosaigh sé mar stíl shimplí ceoil le buille láidir damhsa is úsáid an ghiotáir leictrigh. D'fhás sé as ceolta tuaithe agus go príomha as rithim isgormacha, stíl a bhíodh ag ceoltóirí gorma amháin, beagnach, go dtí sin.

Baintear úsáid as uirlisí éagsúla - angiotár leictreach,dordghiotár agusdrumaí ach go háirithe. Uirlisí eile a baintear úsáid as ná anpianó, an t-orgán agus an t-sintéiseoir. De ghnáth, bíonn cúl-bhuille láidir le cloisteáil i rac-cheol.

Ba iadBill Haley, Elvis Presley isChuck Berry na príomhcheoltóirí a chuir an rac chun cinn ag an am. Le forbairtí leictreonacha bhí raidiónna, teilifíseáin is gramafóin athsheinnte céirníní ag éirí an-choitianta, agus bhí an ceol seo dírithe ar an aos óg, ag éirí an-choitianta ina measc, fiú mar chomhartha reibiliún na ndéagóirí.

Sna1960idí tháinig Bob Dylan,Jimi Hendrix, naBeatles is naRolling Stones ar an bhfód, agus leathnaigh ilghnéitheacht an rac.

Tá tuilleadh iarmhairtí is forbairtí teicniúla tagtha i bhfeidhm air agus raon an-leathan ionstraimí leictreonacha in úsáid. De réir a chéile d'éirigh fo-ranna mar chrua-rac is punc-rac, le difríochtaí sonracha, ní amháin sa cheol ach sna héadaí, an stíl bheatha is an fhógraíocht chlóbhuailte is físe.[1]

Is ionannrac-cheol agusrac is roll. Bhíodhrac agus roll níos faiseanta sna1950idí, ach thosaigh na bannaí móra sna1960idí ag tabhairt an téarmarac-cheol orthu féin. Inniu, is téarma ginearálta é rac-cheol, a chlúdaíonn go leor foth-sheánraí éagsúla.

Ní mór an t-alt seo aghlanadh, ionas go mbeidhcaighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach arConas Leathanach a Chur in Eagar agus anLámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide.

Stair

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Téann fréamhacha an rac-cheoil siar go dtí na1940idí agus na 1950idí. Thosaigh sé ag forbairt as na saghsanna ceoil a bhíodh ag teacht ar an bhfód iStáit Aontaithe Mheiriceá. Leis na céadta anuas, bhíodh daoine ag teacht i dtír ón iliomad tíortha ar fud na cruinne, agus iad ag tabhairt a gcultúr agus a gceol traidisiúnta in éineacht leo. Thosaigh na comhábhair bunúsacha seo ag meascadh le chéile, ag cruthaíodh na fréamhacha ar a mbunófar rac-cheol:na gormacha,rithim agus na gormacha,bluegrass,ceol gaspal,ceol tuaithe,ceol tíre,snagcheol agus mion-seánraí eile.

1950idí

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Deirtear gur cuireadh tús le rac-cheol i Meiriceá i lár na chaogaidí, sna stáit i ndeisceart na tíre ach go háirithe. Ba as an pobal gorm a tháinig formhór de na céad rac-cheoltóirí, daoine ar nósChuck Berry,Bo Diddley,Fats Domino agusLittle Richard. Ag tús an scéil, ní raibh éileamh ar na ceoltóirí gorma ach i measc a phobail féin. De réir a chéile, áfach, scar rac-cheol amach níos faide ar fud na tíre, go dtí go raibh sé tugtha faoi deara ag an pobal geal chomh maith. Níorbh fhada go raibh an rac-cheol dulta go mór i bhfeidhm ar cheoltóirí óga ón phobal geal, rud a thug borradh mór don seánra go forleathan. Bhain rac-cheoltóirí nua ar nósBuddy Holly,Elvis Presley,Bill Haley,Johnny Cash,Roy Orbison agusJerry Lee Lewis an-rath amach, ag seinm rac-cheoil ós comhair lucht féachana i bhfad ní ba leithne. Ag deireadh na chaogaidí, cé go raibh conspóid ag baint leis fós, bhí rac-cheol glactha isteach i bpríomhshruth an cheoil.

1960idí

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Sa bhliain1955, bhain an ceoltóir SasanachLonnie Donegan na cairteacha amach sa Bhreatain agus i Stáit Aontaithe leis a shingil "Rock Island Line". Ceolskiffle a bhí ann, agus meastar go ndearna an ceirnín seo an-tionchar ar fhás an rac-cheoil saRíocht Aontaithe. Thosaigh daoine óga ar fud na tíre ag cur grúpaí skiffle le chéile, rud a rinneJohn Lennon iLearpholl leis a chuid Quarrymen (a thógfadh an t-ainmThe Beatles ní ba dhéanaí). Ag lár na seascaidí, bhí slua mór grúpaí ó Shasana ag baint cáil amach abhaile agus i Meiriceá, mar shamplaThe Rolling Stones,The Who,The Kinks,The Animals agus araile. Tugtaran tIonradh Briotanach ar an bhfeiniméan seo, agus bhí áit lárnach agBeatlemania ann.

Trasna na dtonnta i Meiriceá, thóg an t-ionradh Briotanach spreagadh úr nua ar ais do na daoine óga sa tír seo chomh maith. Thosaigh an rac-cheol ag glacadh áit thábhachtach i bhfrithchultúr na seascaidí, rud a shroich a bhuaic leWoodstock sa bhliain1969. Lean rac-cheol ar aghaidh ag meascadh le seánraí eile, mar shamplaceol traidisiúnta. Bhí daoine ar nós Pete SeegerWoody Guthrie a bhí ina gceannródaí an tseánrao, achBob Dylan a bhain an cáil ba mhó amach. Tháinig seisean ar an bhfód, ag canadh amhráin simplí, le giotár fuaimiúil agus liricí le blas polaitiúil.An t-amhrán agóideach, a tugtar air. Ceoltóirí eile a cuireadh sa rang seo náNeil Young,Joan Baez,Janis Joplin,Simon and Garfunkel,Buffalo Springfield,Joni Mitchell,Donovan,The Mamas and Papas,Bobby Darin,The Band, agusThe Byrds.

Ar an dtaobh eile, bhí slua mór grúpaí ag meascadh na fuaime raic lepopcheol, mar shamplaThe Partridge Family,The Cowsills,The Osmonds,The Archies,Barry Manilow,Neil Diamond,Olivia Newton-John,Eric Carmen,Bread,The Carpenters,Electric Light Orchestra,England Dan & John Ford Coley agusTina Turner. Tugtarrac bog ar an ngné seo.

Forbairt nua eile a tháinig ar an saol nárac-cheol sícideileach, nuair a thosaigh ceoltóirí ag baint triail as fuaimeanna difriúla, faoi thionchar anLSD go minic. Sin an fáth a tugtarrac-cheol aigéid air chomh maith. Na grúpaí a bhí ba mhó sa seánra seo náGrateful Dead,The Doors,Jefferson Airplane,Pink Floyd,Jimi Hendrix,Country Joe and the Fish, agusThe Byrds arís. Bhí na Beatles an-tógtha leis freisin, rud a bhí thar a bheith soiléir ar na h-albaimRevolver agusSgt. Pepper's Lonely Hearts Club Band.

Chuir bannaí cosúil lePink Floyd,The Moody Blues,Procol Harum,Rush,Yes,Genesis,Jethro Tull agusDeep Purple tús lerac forásach, stíl nua a bhí níos casta agus trialaí. Ní raibh rac forásach an rathúil sa lárshruth, ach thuill na grúpaí seo stádas cultais láidir. Seánra eile a bhí i mbéal an phobail náceol surf, le bannaí ar nósThe Beach Boys,Dick Dale and The Surfaris agusThe Shadows ag díoladh a lán ceirníní.

1970idí

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Ar thaobh amháin, thosaigh rac-cheol ag éirí "níos crua" sna1970idí. Tugtarrac-cheol crua ar an bhforbairt seo, nómiotal trom. I measc na príomhghrúpaí a cuireadh sa chatagóir seo náBlack Sabbath,Led Zeppelin,Deep Purple,Judas Priest,Alice Cooper,Aerosmith,Thin Lizzy,Queen agusAC/DC. Airítear gurb é Black Sabbath ó Shasana an chéad ghrúpa a sheinn an rac-cheol trom-mhiotalach, fuaim a bhí níos callánach, dorcha agus feargach. Go forleathan, níor thaitin an seánra seo leis na gcriticí ar chor ar bith, agus thit sé i laige ag deireadh na seachtóidí. Bhí athnuachan, áfach, sa bhliain1978 nuair a sheol na MeiriceánaighVan Halen a gcéad albam.

Agus rac-cheol ag fás as cuimse fós, thapaigh rac-cheoltóirí an deis chum ceolchoirmeacha ollmhóra a chuir ar siúl i staideanna spóirt os comhair ná mílte duine. Aithnítear The Beatles mar an grúpa a chuir tús leis an nós seo, agus iad ag ceol iStaid Shea sna seascaidí. Glaodhrac-cheol airéineach air, agus bhrúigh grúpaí ar nós Led Zeppelin, The Who, The Rolling Stones,Pink Floyd, Aerosmith,Boston,REO Speedwagon agusJourney é go dtí leibhéal mór nua.

Cé go raibh an rac-cheol ní ba mhó ná riamh i lár na seachtóidí, tháinig glúin fheargach nua ar an bhfód nach raibh tógtha leis na ngrúpaí móra ar chor ar bith. Tugtarpunc-rac ar an rac-cheol sciobtha, feargach, salach agus ainrialach a bhí á chasadh ag na mbannaí seo. Na príomhbhannaí a bhí freagrach as náSex Pistols agusThe Clash i Sasana, agusThe Ramones,Television agusThe Heartbreakers i Meiriceá. Bhí tionchar nach beag ar an saol mór chomh maith, agus cuireadh gluaiseacht chultúrtha ar bun.

Tugtarnuathonn ar scata de bhannaí nua a bhí meáite fós le punc-rac, ach a bhí ag tabhairt faoi le blas níos ealaíonta - mar shamplaTalking Heads,Blondie agusDevo. Lean punc-rac ar aghaidh ag athrú ag deireadh na 1970idí, agus nuair a sheolJohn Lydon a chéadligean leis a bhanna nuaPublic Image Ltd sa bhliain1978, tugtariar-phunc ar an bhfuaim seo a bhí cosúil leis an rac nua-thonntach ach beagán níos dúshlánach agus sciobthaí. Bhí formhór de na grúpaí seo as Sasana, mar shamplaJoy Division,Siouxsie & the Banshees,The Fall,Gang of Four, agusEcho & the Bunnymen. An banna is mó cáil a tháinig as an ngluaiseacht seo náU2 asÉirinn.

1980idí

[cuir in eagar |athraigh foinse]

D'fhás an rac-cheol i dtreonna difriúla sna h-ochtóidí. Tháinig punc rac agus miotal trom slán as na seachtóidí, ach athraíodh iad go mór mór. Maidir leis an miotal trom, bhain sé sult as fuinneamh agus fás nua ar a dtugtarNuathonn an Mhiotail Throim Bhriotanach. Meastar go bhfuil an ghluaiseacht seo freagrach as an miotal trom nua-aimseartha atá sa lá atá inniu ann, le daoine ar nósMetallica agusMegadeth ina measc. Sampla maithe den stíl seo náIron Maiden,Tygers of Pan Tang,Def Leppard,Motörhead,Triarchy,Blitzkrieg,Sweet Savage,Girlschool,Saxon,Diamond Head,Samson agusTank. I gcás an phunc-raic, lean sé ag éirí níos tapaidh agus glórach arís, agus baisteadhhardcore ar bhannaí cosúil leBlack Flag,Hüsker Dü,Minor Threat, agusDead Kennedys).

Seánra eile a bhí rathúil narac croíthailteach, i Meiriceá ach go háirithe. Na samplaí is fearr náBruce Springsteen,Bob Seger,Donnie Iris agusJohn (Cougar) Mellencamp.Ceol domhanda a glaodh ar ghné eile, ina meascaíodh rac-cheol le ceol traidisiúnta idirnáisiúnta. B'iadPaul Simon agusPeter Gabriel a cheannródaigh an fhorbairt seo.

As na miotaleoirí, tháinig dream nua ar a dtugtarmiotal gruaige (nómiotal maisiúil uaireanta) de bharr na gruaige fhada a bhíodh ag baill na ngrúpaí go rialta. Na ceoltóirí a luaitear sa chatagóir seo ná Aerosmith,Guns N' Roses,Bon Jovi, Queen,Kiss, Alice Cooper,Twisted Sister,Sweet,New York Dolls,Mötley Crüe,W.A.S.P. agusRatt.

Tugtarrac malartach ar slua bhannaí nach raibh éasca a chur in aon chatagóir eile. Bhí fuaimeanna difriúla acu, ach an rud a bhí ag gach dóibh ná go raibh siad tógtha go mór le smaointe agus idé-eolaíocht an phunc-raic. De ghnáth, bhí siad sínte le comhlachtaí beaga neamhspleácha, agus tugadh an teidealrac neamhspleách orthu ("indie", i mBéarla). Bhí an ghluaiseacht chéanna le feiceáil ar dhá thaobh an Atlantaigh, agus bhain daoine ar nósDinosaur Jr,Pavement,R.E.M.,Pixies,Sonic Youth,The Cure agusThe Smiths cáil amach i rith an ré seo. Is léir go raibh an ceol ab fhearr i Sasana ag teacht óMhanchain, agus na hochtóidí ag druidim chun deiridh. Mar shampla, tháinigStone Roses,James,Happy Mondays agusThe Charlatans as an gcathair seo. Ba iad na bannaí seo a chuir síolta an phléascadhgrúinse sa chéad deichniúr eile.

1990idí

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Ag tús nanóchaidí, bhí easpa rac-cheoil sna cairteacha. Ba leis na pop-cheoltóirí é an ré seo, le daoine cosúil leMichael Jackson,Madonna agusPrince ar bharr a mhaitheasa. An méid rac-cheoil a bhí fós beo, bhí sé sáite leis na miotalóirí gruaige céanna, agus bhí bearna mór ag fás idir na sean-mhiotalóirí agus an ghlúin nua a tógadh leis an rac malartach agus an bpunc-rac. Bhí na bannaí neamhspleácha ann fós, ach ní raibh an cháil mar chuspóir acu riamh, agus bhíodar lánsásta iad féin a choimeád amach ón spotsolas. Athraíodh cúrsaí, áfach, timpeall na bliana1991, nuair a thosaigh siad ag síniú conarthaí le mórchomhlachtaí ceoil. AsSeattle,Washington don chéad scata dóibh, le fuaim nua idir phunc-rac agus miotal, agus bhriseadar isteach sa phríomhshruth go tapaidh. Baisteadhgrúinse ar an stíl cheoil a bhí á chasadh ag bannaí móra an lae, amhailNirvana,The Melvins,Pearl Jam,Soundgarden,Alice In Chains agusMudhoney. Gan mhoill, bhí an lár-shruth plódaithe le bannaí a bhí faoi thalamh go dtí seo. Lean roinnt grúpaí ón seánra seo go dtí deireadh na nóchaidí, mar shamplaSmashing Pumpkins,Foo Fighters,Stone Temple Pilots agusHole.

Nuair a bhí na Stáit Aontaithe dúghafa fós le grúinse agusiar-ghrúinse, chuaigh rudaí i malairt treo ar fad sa Bhreatain. Tharla aisfhreagra ar a dtugtarBritpop i lár na nóchaidí, agus blas na seascaidí le cloisteáil arís. Na bannaí ba mhó a bhí ann náSuede,Oasis,Supergrass,The Verve,Radiohead,Pulp agusBlur.

Seánraí

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagann a lán seánraí eile faoin seánra ginearálta seo, mar shampla:

Féach freisin

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. Hussey, Matt (2011). "Freamh an Eolais" Coiscéim. 
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Rac-cheol&oldid=1239597"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp