BuaiteoirDuais Nobel na Litríochta a bhí ann a bhain cáil dhomhanda amach as feabhas a chuid litríochta, litríocht ina bhfuil a spioradáltacht agus a fhealsúnacht féin i leith an tsaoil go tréan inti.[1] Ba é Tagore an chéad scríbhneoir nárbh asan Eoraip dó a bhain amach Duais Nobel.
Ar aon dul leis an bPiarsach,náisiúnaí,file, agus scríbhneoir a bhí i Tagore. Bhunaigh Tagorescoil i Santiniketan, saBheangál in oirthear na hIndia i 1901. ‘Naomh Éanna na hIndia’ a thugYeats ar an scoil chéanna i 1908, agus é ag tagairt do scoil anPhiarsaigh iRaghnallach a bhog ina dhiaidh sin goRáth Fearnáin.
1925
Dhírigh Tagore ar thrí chaidreamh a bhí le forbairt ag an bpáiste sanoideachas: leis an dúlra nó an nádúr, le daoine eile, agus leis an bhfírinne – nó an "Ard-Fhírinne" mar a thug Tagore uirthi. D’áitigh Tagore gur sórtmonarchan a bhí sa chóras oideachais a bhunaigh anImpireacht a bhí tiomanta ar smachtú an dalta agus mhaígh sé nach raibh aon aird ag an gcóras ar an bpáiste mar dhuine ann féin ná ar achultúr dúchais. Aoibhneas na foghlama a theastaigh uaidh féin a chur chun cinn, agus leag sé béim ar na healaíona agus ar an bhforbairt mhothúchánach.