Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Réalteolaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí GairmRéalteolaí
Cineál fostaíochta
eolaí
Réimse oibre
réalteolaíocht


An Realteolaí leJohannes Vermeer, 1668. Tá réalteolaí ag obair le feiceáil sa phictiúr.

Is é isréalteolaí ann ná duine a dhéanann staidéar agus taighde ar anréalteolaíocht, is é sin, ar naréaltaí, ar nareanna neimhe agus ar na dlíthe nádúrtha a stiúrann iad. An té a rachaidh leis an réalteolaíocht mar shlí bheatha, caithfidh sé anfhisic agus anmhatamaitic a fhoghlaim go maith freisin, ós rud é go mbeidh scileanna sna heolaíochtaí seo ag teastáil go géar uaidh.

Inniu, úsáidtear a lán gléasanna teicneolaíochta i dtaighde réalteolaíochta, ar nósteileascóp Hubble agus naríomhairí, le maolú ar an strus a bhaineann leis an taobh matamaiticiúil den réalteolaíocht.

Réalteolaithe tábhachtacha

[cuir in eagar |athraigh foinse]
RéalteolaíFionnachtana
Nioclás Copairnic (1473-1543)B'é Copairnic (Polainnis: Mikołaj Kopernik) an chéad réalteolaí tábhachtach sna nua-aoiseanna a chuir an grianlárnachas chun cinn mar thuiscint ar ghluaiseachtaí na bpláinéad.
Galileo Galilei (1564-1642)B'é Galileo Galilei ba túisce a bhain úsáid as an teileascóp le taighde a dhéanamh ar na reanna neimhe. B'eisean a chuir an chéad sonrú snaceithre ghealach is mó de chuidIúpatair.
Isaac Newton (1643-1727)D'fhoilsigh séPhilosophiae Naturalis Principia Mathematica, mórshaothar eolaíochta, inar leag sé amach dlíthe nádúrtha na gluaiseachta.
Subramanayan Chandrasekhar (1910-1995)Chuir sé teoiric coibhneasachtaAlbert Einstein in oiriúint don réalteolaíocht. D'áirigh séteorainn Chandrasekhar agus rinne sé an-fhorbairt ar thuiscint na heolaíochta ar nadúphoill.
Jocelyn Bell Burnell (1943 - )Is réalteolaí Éireannach í Bell Burnell. D'aimsigh sí an chéad radaphulsár.
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Réalteolaí&oldid=1255114"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp