Meastar go bhfuil idir 1022 agus 1024 réalta sachruinne inbhraite. Níl ach tuairim is 4,000 de na réaltaí seo le feiceáil ag an tsúil nocht,[1] iad ar fad laistigh deréaltraBhealach na Bó Finne.
Comhdhlúthaíonn na réaltaí ó réigiúinspáis ina bhfuil dlús ábhar níos airde, ach níl na réigiúin sin chomh dlúithe ná laistigh desheomra folúis. Is éard atá sna réigiúin seo—ar a dtugtarscamaill móilíneacha—hidrigin den chuid is mó, le thart ar 23 go 28 faoin gcéad héiliam agus cúpla faoin gcéad d'eilimintí níos troime. Sampla amháin de réigiún a fhoirmíonn réalta dá leithéid is eaRéaltnéal Oiríon.[2] Cruthaíonn an chuid is mó de na réaltaí i ngrúpaí dosaenacha go dtí na céadta mílte réalta.[3] Féadfaidhréaltaí ollmhóra sna grúpaí seo na scamaill sin a shoilsiú go cumhachtach, an hidrigin aianú, agusréigiúin H II a chruthú. D'fhéadfadh éifeachtaí aiseolais den sórt sin, ó fhoirmiú réalta, cur isteach ar an scamall ar deireadh agus cosc a chur ar fhoirmiú réalta eile.[4]
Ní réaltaí iad napláinéid, na hastaróidigh, ná nagealacha. Ní ghineann siad seosolas. Nuair a dhéanann solas na gréine imbhualadh leo sin, is é rud a dhéanann siad: an solas sin a fhrithchaitheamh.
Isliathróidí de ghás te iad na réaltaí, déanta ashidrigin agushéiliam. Is í a gcuid imtharraingthe féin a bhíonn á gcoinneáil le chéile.
Is réalta sa mheánmhéid í an Ghrian. Is mó faoi mhilliún í ná anDomhan, nó mar sin.
W1906+40
Cuid de na réaltaí - is lú ná an deichiú cuid de mhéid na gréine, agus tá réaltaí eile ann agus is mó faoi sheasca iad ná méid na gréine. Timpeall 6,000 °C an teocht atá ar dhromchla na gréine, agus meastar gur 15,000 °C de theocht a bhíonn ina lár.
Dath dearg a bhíonn ar na réaltaí is fuaire, dath buí ar réaltaí i meánraon na teochta, ar an ngrian abair, agus dath gorm nóbán ar na réaltaí níos teo fós.
Inaréaltbhuíonta a bhíonn na réaltaí. Idir deich gcinn agus deich míle réalta a bhíonn sa bhuíon. Inaréaltraí a bhíonn na réaltbhuíonta seo.
Issíol a bhaineann leisréalta é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.