Is é anpraiséidimiamdúil uimhir a 59, agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó náPr. Ceann de namiotail tearc-chré agus ceann de nalantanóidigh atá ann. Miotal insínte é agus loinnir an airgid ann, ach nuair a imoibreoidh sé le hocsaigin an aeir, tiocfaidh smúit uaine ocsaíde air. In imeacht ama, titfidh an ocsaíd ina scraitheanna den mhiotal, ionas gur féidir leis anocsaigin tuilleadh dochair a dhéanamh donmhiotal féin. Mar sin, is gnách an praiséidimiam a choinneáil i gcoimeádán lánola, ionas nach dtiocfaidh sé i dteagmháil leis an aer.
Maidir leis an ainm, tá sé curtha le chéile as dhá fhocalGréigise a chiallaíonn "uaine" agus "leathchúpla". Sa bhliain 1841, d'aithin an ceimiceoir Sualannach Carl Gustaf Mosander miotal nua (mar a shíl sé) ar bhaist sé an t-ainmdidimiam air (as an bhfocal Gréigisedidymos a chiallaíonn "leathchúpla"). Sa bhliain 1874, áfach, tháinig Per Theodor Cleve gur dhá dhúil a bhí i gceist leis an didimiam, mar atá, an praiséidimiam agus anneoidimiam.
Imoibríonn an praiséidimiam go fonnmhar le huisce, ionas go gcruthaítear hiodrocsaíd praiséidimiam, Pr(OH)3. Mar a fheicimid anseo, is í an uimhir ocsaídiúcháin is tábhachtaí atá aige ná +3, agus sin í an staid ocsaídiúcháin atá aige sna halaiginídí freisin a chruthófar nuair a thiocfaidh sé i dteagmháil le halaiginí: an trífhluairíd PrF3, an tríchlóiríd PrCl3, an tríbhróimíd PrBr3, agus an trí-iaidíd PrI3. Maidir leis an ocsaíd a chruthaítear faoi thionchar an aeir, is meascán í as an tríocsaíd dé-phraiséidimiam Pr2O3 agus an dé-ocsaíd praiséidimiam PrO2.
Níl ach aoniseatóp cobhsaí amháin ag an bpraiséidimiam, mar atá: praiséidimiam a 141.