Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Prótalú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Prótalú (protolysis an téarma Béarla) a bheidh ann má fhágann ian deimhneach hidrigine, nóprótón, H+, an móilín aigéid agus móilín bunata ag glacadh leis. D'fhéadfá a rá gur malairt ainm é arimoibriú an aigéid leis an mbun, más é sainmhíniúBrønsted agusLowry ar an aigéad agus ar an mbun a úsáidtear.

H2SO4 + NH3 -> HSO4- + NH4+

Prótalú anaigéid shulfaraigh agus é ag imoibriú le hamóinia. Ian hiodrasulfáite agus ian amóiniam is torthaí don imoibriú seo.

Uathphrótalú atá i gceist, má tá substaintamfaiteireach againn, is é sin substaint ar féidir léi páirt an aigéidagus an bhuin a dhéanamh, agus móilín amháin ag tabhairt prótóin ar iasacht do mhóilín eile ar an dóigh seo.

2H2O -> H3O+ + OH-

Uathphrótalú an uisce: is iad an t-ianocsóiniam (hiodrocsóiniam) agus an t-ian hiodrocsaíde is torthaí don imoibriú seo.

Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Prótalú&oldid=1017070"

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp