Is réigiún sanIodáil éPíodmant,[1] atá suite i dtuaisceart na tíre.Piemonte an t-ainmIodáilise.Piemont an leagan a úsáidtear sa teanga áitiúil. Is íTorino príomhchathair an réigiúin.
Ar dtús, ba iad na treibheanna Ceilteacha, cosúil leis naTaurini agus naSalassi, a bhí ina gcónaí sa réigiún. Timpeall ar 220 RC, chuir naRómhánaigh faoi chois iad. Coilíneachtaí Rómhánacha iad ó thús Torino (Augusta Taurinorum) agus Ivrea (Eporedia), mar shampla. I ndiaidh d'Impireacht Rómhánach an Iarthair dul de dhroim an tsaoil, rinne idir chomharsana agus eachtrannaigh is bharbaraigh éagsúla léirscrios timpeall an réigiúin.
Sa bhliain 1046, rinne Ódó (nó Ottó), Cúnta Shaváí, a chuid féin de Phíodmant. Sa bhliain 1416, rinneadh Diúcacht de Shaváí, agus sa bhliain 1563, d'athraigh an Diúc Emanuele Filiberto a chúirt go Torino. Sa bhliain 1762, bhain Diúc Phíodmant amach ríghe naSairdíne, agus tháinig Ríocht Phíodmant agus na Sairdíne ar an bhfód.
Sa bhliain 1796, d'fhorghabh trúpaí réabhlóideacha na Fraince an réigiún, agus ghair na réabhlóidithe áitiúla poblacht de - Poblacht Alba, nórepubblica di Alba. Cathair bheag i bPíodmant é Alba, i gceantar a bhfuil clú agus cáil ar a chuid fíonta. Níor mhair an phoblacht - ná an dara poblacht a bunaíodh ina dhiaidh sa réigiún, mar atá, an Phoblacht Fho-Alpach nóRepubblica Subalpina - i bhfad, agus le fírinne ní raibh iontu riamh ach stáit shoip a bhí i dtuilleamaí na Fraince le haghaidh tacaíochta. Nuair a tháinigComhdháil Vín le chéile, cuireadh Ríocht Phíodmant agus na Sairdíne ar bun arís, agus bhronn an Chomhdháil ríocht Genova ar rí Phíodmant agus na Sairdíne le go mbeadh an tír ní ba láidre dá n-ionsódh na Francaigh arís í.
Ba í Ríocht Phíodmant agus na Sairdíne túsphointe anRisorgimento, is é sin, athaontú na hIodáile ón mbliain 1859 ar aghaidh. Go bunúsach, shealbhaigh Rí Phíodmant iomlán na hIodáile de réir a chéile, agus an ríocht Iodálach a tháinig ar an bhfód mar seo, ba í Ríocht Phíodmant í,de jure. Ar dtús, ba í Torino príomhchathair na hIodáile seo, ach ansin, hathraíodh an phríomhchathair goFlórans, agus ina dhiaidh sin go dtían Róimh.
Issíol faoi thíreolaíocht nahIodáile é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.