Isdúil cheimiceachneamh-mhiotalach í anocsaigin a bhíonn le fáil go flúirseach sanatmaisféar. Faoi na gnáth-imthoscaí, bíonn adaimh na hocsaigine ceangailte dá chéile inamóilíní dé-adamhacha. Is í an tsiombail cheimiceach atá aici náO. Is é a hocht (8) anuimhir adamhach atá aici, agus is é anmeáchan adamhach atá aici ná 15.999.
Leis an teocht chaighdeánach agus faoin mbrú caighdeánach, is gás í an ocsaigin nach bhfuil boladh aisti ná dath inti. Dúil an-imoibríoch í an ocsaigin, agus mar sin, is dual di fanacht ceangailte do dhúile eile i gcomhdhúile ceimiceacha ar a dtugtarocsaídí. Is í an ocsaigin an dara dúil isleictridhiúltaí amuigh, nó níl ach anfluairín níos fonnmhaire mar ghlacóir leictreon. Dá thoradh sin, tógann sé cuid mhaith fuinnimh an ocsaigin a shaoradh as na hocsaídí agus a aonrú, agus is fiú an cheist a chur, cén fáth a bhfuil an oiread sin ocsaigine san atmaisféar agus atá. Is é an freagra ná gurbh iad na baictéir agus na haircéabaictéir anaeróbacha sa Ré Phailéa-Phrotarasóch (2.5 billiún - 1.6 billiún bliain ó sin) a thál an ocsaigin sin mar sheachthoradh dámeitibileacht. Creidtear, fiú, gur ghlac an chuid ba mhó de na beothaigh a bhí ann san am sin leis an ocsaigin mar a bheadh nimh ann, agus gur thug an gás nimhe seo a mbás, fiú. An chuid ba mhó de na horgánaigh bheo a fágadh nó a forbraíodh ar dhroim an domhain ina dhiaidh sin, bhí siad ábalta leas a bhaint as an ocsaigin, an duine daonna san áireamh.
Tá an ocsaigin le fáil go raidhsiúil san atmaisféar. Is í fótaisintéis na bplandaí a tháirgeann í, agus í ag teastáil ó na hainmhithe go géar le haghaidh nariospráide aeróbaí - is é sin,tarraingt na hanála. B'éAntoine Laurent de Lavoisier a d'ainmnigh an ocsaigin, agus is é is ciall leis na focail Ghréigise as ar chum sé an t-ainm ná "cruthaitheoir anaigéid", ó shíl sé go raibh ocsaigin le fáil sna haigéid ar fad.