BronnadhDuais Nobel na Fisice air sa bhliain1922 don obair cheannródaíoch a bhí déanta aige, as a thaighde ar struchtúr an adaimh is speictream hidrigine agus a réiteach siúd leis an teoiric chandamach a rinne sé sa bhliain 1913[1].
Rinne Bohr rannaíocht búnasacha i dtaobh thuiscint dhéantús anadaimh agus nameicnice candamaí. Deirtear gurb é Bohr ceann de na fisceoir is fearr denfichiú aois[2].
De réir dlíthe na meicnice clasaicí, bheadh a leithéid d'adamh neamhchobhsaí mar go gcaillfeadh séfuinneamh trí astú radaíochta leictreamaighnéadaí.
Chomh maith leis sin, ní léireodh an t-adamh sin naspeictrim adamhacha inbhraiteacha. Réitíodh na fadhbanna seo le samhail fheabhsaithe an adaimh a shaothraigh Niels Bohr sa bhliain1913, ina raibh gach leictreon i bhfithis ar leith (sceall ar leith) timpeall an núicléis, le fuinneamh ar leith a bhraithfeadh ar gha na fithise.
Ós rud é nár ceadaíodh ach fithisí (scealla) ar leith, níorbh fhéidir ach fuinnimh ar leith a bheith ag na leictreoin, ionas go mbeadh patrún de leibhéil scoite cheadaithe fuinnimh i gceist.
Ní astódh leictreoin i bhfithis cheadaithe fuinneamh leictreamaighnéadach, ach chomhfhreagródh léim leictreoin ó fhithis amháin go fithis eile d'astú nó ionsú cainníochtaí dea-shainithesolais, rud a réitigh leis na speictrim bhraite adamhacha. Samhail áisiúil amhairc ab ea samhail Bohr, agus de réir a chéile feabhsaíodh í le léargais ónmeicnic chandamach.
Tá airíonna tonnacha ag leictreoin, agus is féidir fithisí nó scealla Bohr a thuiscint mar oiriúnúslánuimhir tonnta leictreon timpeall ar an núicléas. Is fearr cruinne gach leictreon a shamhlú mar dháileadh luchta leictrigh lehuimhir chandamach ar leith ná mar phonc luchta i bhfithis chiorclach. Comhfhreagraíonn gach uimhir chandamach is féidir do leibhéal ar leith fuinnimh, ach ní féidir iad uile a shealbhú ag an am céanna.
Niels Bohr ina óige
Thug samhail Bohr míniú ginearálta ar speictrim adamhacha, ach ligeann teoiric na gcandam dúinn ríomhanna mionchruinne a dhéanamh ar na speictrim. Cinneann nahuimhreacha candamacha is gá chun na leictreoin in adaimh neamhfhlosctha dúl a shainiú ionaid chruinne na ndúl sin ar an gclár peiriadach
Tá fithiseach móiminteam uilleachna naleictreon candamaithe; L=nħ
Teoiric go dtaistlíonnleictreoin i bhfithis scoite timpeallnúicléas anadaimh, le gnéitheceimiceacha den dúil socraithe ag an méid leictreoin atá ag timpeallú an adaimh
An tuairim go bhféadfadh leictreon titim ó fhithis le leibhéal airde dfhuinneamh go dtí leibhéal níos ísle, ag astaighfótóin (candam éadrom) lefuinneamh scoite (bhí seo buntús na teoirice candamaí)
An Prionsabal Comhlántíochta : go bhféadfadh staidéar a dhéanamh ar ábhar ina gceann agus ina gceann ach a aimsiú go bhfuil cúpla gnéithe frithráiteacha.
Karl Siegbahn : D'éirigh leis fianaise ar sceallsamhail Neils Bohr don adamh a aimsiú, agus d'fhorbair sé an speictreascópacht X-ghathach.
Maighnéatrón Bohr : Móimint mháighnéadach an leictreoin a fhaightear ó mheicnic chandamach choibhneasaíoch, ag glacadh an leictreoin mar phonccháithnín. Ainrnnithe as Niels Bohr.
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.