Bhí Sturgeon ina ball de Pharlaimint na hAlban ó 1999. Ceapadh ina leascheannaire ar an SNP in 2004.[1] Tháinig sí i gcomharbacht arAlex Salmond mar cheannaire agus mar chéad-aire in 2014 nuair a diúltaíodh don reifreann faoi neamhspleáchas na hAlban.Chuaigh Sturgeon i gceannas an pháirtí agus rún daingean aici neamhspleáchas a bhaint amach d’Albain, agus cé gur éirigh léi cur go mór le líon suíochán an SNP i ndiaidh an reifrinn, níor éirigh léi ina hiarrachtaí reachtaíocht a rith a cheadódh don pharlaimint an bunreacht a athrú.[2]
An 25 Bealtaine 2022, bhí Sturgeon ar an gCéad-Aire ab fhaide seirbhíse in Albain, ó bunaíodh parlaimint díláraithe na hAlban i 1999, agus í ag sárú an taifid roimhe sin a bhí i seilbh a réamhtheachtaí Alex Salmond.
D'éirigh Sturgeon as a post mar Chéad-Aire ar 15 Feabhra 2023, i ndiaidh ocht mbliana sa phost.[3]
Tháinig cinneadh Nicola Sturgeon éirí as céad-aireacht na hAlban aniar aduaidh ar a lán ag an am.. Ach bhí Sturgeon faoi léigear sa bhliain 2022/2023 maidir le leasuithe conspóideacha ar an reachtaíocht a bhaineann le aitheantas inscne.[4] Buaileadh go dona an SNP leis, nuair a theip ar an bPáirtí bille trasinscneach a thabhairt isteach, bille a thabharfadh cead do dhaoine trasinscneacha a n-inscne a athrú gan gá le diagnóis shíciatrach.[5]
Mar sin, ní raibh Sturgeon ag cruthú go maith sna pobalbhreitheanna agus bhí an leibhéal tacaíochta do neamhspleáchas na hAlban ag meath chomh maith i dtús 2023.[1]
Tá Sturgeon pósta lePeter Murrell, phríomhfheidhmeannach ar anSNP idir 1999-2023. D'éirigh sé as a phost nuair a d'éirigh Sturgeon as ceannaireacht an Pháirtí. Ag an am céanna, bhí Murrell gafa i bhfiosrúchán faoi mhaoiniú an pháirtí. Bhí na póilíní ag fiosrú an méid a tharla de £600,000 a bhailigh lucht feachtais i 2017 ar sonneamhspleáchas na hAlban, airgead a bhí ceaptha a bheith curtha go leataobh go sonrach ar mhaithe leis an bhfeachtas sin, ach nach raibh aon trácht air i gcuntais an pháirtí.[6]
↑B’údar mór conspóide i dtús 2023 gur seoladh duine a ciontaíodh i mbeirt bhan a éigniú faoi ghéibheann i bpríosún do mhná agus an duine sin tar éis a fhógairt gur bean thrasinscneach í.