Ranna (príomhbhailte): 1 Boaco (Boaco) 2 Carazo (Jinotepe) 3 Chinandega (Chinandega) 4 Juigalpa (Chontales) 5 Estelí (Estelí) 6 Granada (Granada) 7 Jinotega (Jinotega) 8 León (León) 9 Madriz (Somoto) 10 Managua (Managua) 11 Masaya (Masaya) 12 Matagalpa (Matagalpa) 13 Nueva Segovia (Ocotal) 14 Rivas (Rivas) 15 Río San Juan (San Carlos) Réigiúin Uathrialacha 16 Región Autónoma del Atlántico Norte, RAAN (Bilwi) 17 Región Autónoma del Atlántico Sur, RAAS (Bluefields)
Tá achar 129,494 km² ag Nicearagua agus tá an tír ar chomhéid leisan Ghréig. Tá dháloch móra i Nicearagua, Loch Nicearagua, an ceann is mó, agus Loch Mhanagua.
Tá Managua, anphríomhchathair, ina bhfuil timpeall 27% dendaonra ina gcónaí, suite ar bhruacha loch Mhanagua. Tá trí réigiún difriúla i Nicearagua - ísealchríocha anAigéin Chiúin,sléibhte an lár-thuaiscirt agus na hÍsealchríocha Atlantacha.
Tá roinntbolcáin lonnaithe in iarthar na tíre, mar shampla Mombacho díreach taobh amuigh de Granada agus Momotombo gar do León.
Tá an daraforaois bháistí is mó i Meiriceá sa cheantar Atlantach. Níl mórán daoine ina gcónaí ann agus tá an cósta níos gairbhe ná cósta an Aigéin Chiúin.
Cosúil leis an gcuid eile den réigiún, ba choilíneacht Spáinneach í go dtí gur baineadh a neamhspleáchas amach i1850. Mar thoradh ar sin, is í anSpáinnis an teanga oifigiúil cé go labhraítear teangacha eile ar chósta na Cairibe, anBéarla ina measc.
Timpeall Bluefields cloistear níos móBéarla ná Spáinnis, mar gheall ar stair an cheantair sin mar choilíneacht Sasanach, agus tá an ceantar níos cosúla le tíortha na Cairibe ná an chuid eile de Nicearagua.
Thóg Nicearagua a hainm ó cheannaire treibhe, Nicaroa, a bhí ina chónaí ar bhruacha Loch Mhanagua nuair a tháinig na chéad ionróirí Spáinneacha sna1520í. Chuir na Spáinnigh an t-ainm sin le chéile leis an bhfocalagua nó uisce, mar gheall ar na locha móra sna críocha sin. Chuir anconquistador Francisco Hernández de Córdoba tús le dhá lonnaíocht, Granada ar Loch Nicearagua agus León taobh thoir de Loch Mhanagua, i1524. Ba chuid de ríocht Ghuatamala faoi choróin na Spáinne na bailte sin. Tógadh isteach in Impireacht Mheicsiceo an tír roimh neamhspleáchas a bhaint amach mar chuid de Phoblacht Chónaidhmeach Mheiriceá Láir i1821. Bhain an tír staid amach mar phoblacht i1838 le briseadh na Cónaidhme. Bhí an tír scoilte idir lucht liobrálach i León agus lucht coimeádach i nGranada. Pléascadh cogaí cathartha amach uaireanta eatarthu mar gheall ar an teannas a bhí ann. Le linn an19ú haois d'éirigh go maith leis an dtír agus tháinig inimircigh Eorpacha nua ónGhearmáin is ónIodáil.
Bhí Nicearagua faoi réim chlann amháin don chuid is mó den20ú haois, an chlann Somoza. Tháinig Muirshaighdiúirí na Stát Aontaithe i dtír i1909 chun an t-uachtarán Zelaya a ruaigeadh. BhunaighSAM an Garda Náisiúnta i1927 faoi chomhaontú a dhearbhaigh siad chun deireadh a chur leis an iliomad arm beaga a bhí sa tír. Chuir ginearál amháin i gcoinne an chomhaontaithe sin, Augusto César Sandino, agus rinne sé ionsaithe óna chríocha sna sléibhte i dtuaisceart na tíre ó 1927 go1933, nuair a d'fhág na Muirshaighdiúirí an tír. Tháinig Anastasio Somoza García chun cinn i bpolaitíocht na tíre. Mharaigh lucht Shomoza Sandino tar éis cuireadh a thabhairt dó teacht chun cainte leis i1934. Thóg Somoza an uachtaránacht i1936. Dúnmharaíodh é i1956. Tháinig a mhic i gcomharba air, Luis Somoza Debayle a fuair bás i1967 agus Anastasio Somoza Debayle.
Na bolcáin
Tar éis anéirí amach i gCúba ag deireadh na1950í, bhí na fórsaí frith-Shomoza go mór faoi thionchar na réabhlóide sin. Bhunaigh siad eagraíocht faoin ainmFrente Sandinista de Liberación Nacional (FSLN) agus Sandinistas a tugadh orthu. Bhí ceannfort na heagraíochta lonnaithe i gCósta Ríce.
Rinne Somoza iarracht iad a chur faoi chois, le cabhair ó SAM, ach faoi dheireadh bhí air olltoghchán a eagrú i1963, cé gur lean an deachtóireacht ar aghaidh.
Fuair an tír cúnamh idirnáisiúnta a chuir Somoza agus a chomhghleacaithe ina bpócaí féin, in ionad an chathair a atógáil. D'iompaigh meánaicme na tíre i gcoinne Somoza ina dhiaidh sin.
Chuir na Saindinistigh deireadh le réimeas mhuintir Somoza i mí Iúil1979 lena réabhlóid agus tháinig Daniel Ortega chun cumhachta.
An talamh
Chuir rialtasRonald Reagan cosc iomlán trádála i bhfeidhm agus thosaigh siad aire míleataa thabhairt do shean-arm Shomoza, ar a tugadh naContras nó Contraigh (ciallaíonncontra i gcoinne nó frith i Spáinnis). Rinne an choimhlint is an cosc trádála damáiste ollmhór don gheilleagar agus ní raibh na Saindinistigh in ann páirteanna breise a fháil do stáisiúin leictreachas agus a leithéid. Tháinig an cairdinéal Obando y Bravo amach mar phríomhphearsa an fhreasúra le linn na1980í. Thug sé cuairteanna arMhiami, ceanncheathrú na gContrach, mar idirghabhálaí idir na Saindinistigh is na Contraigh.
Na cúige
Bhuaigh Violeta Chamorro, baintreach an eagarthóra nuachtáin frith-Somoza Pedro Joaquín Chamorro a dúnmharaíodh in Eanáir1978, an toghchán uachtaránachta mí Feabhra1990 mar cheannaire ar chomhghuaillíocht frith-Shaindinisteach. ChuirrialtasGeorge Bush, a tháinig mar chomharba ar Reagan, deireadh leis an gcosc trádála láithreach. Tháinig iar-mhéara Mhanagua, Arnoldo Alemán, i gcomharba ar Chamorro i1996.
Bhuaigh Enrique Bolaños an t-olltoghchán i gcoinne Ortega i2001.
Bhain Daniel Ortega an uachtaránacht amach don tríú huair ar5 Samhain2006.
Is poblacht í Nicearagua faoi chórasuachtaránachta.
Miss Nicaragua 2013
Ó thaobh an riaracháin de, tá an tír eagraithe i gcúig roinn déag (departamentos) agus dhá réigiún uathrialacha, de réir shamhail na Spáinne,Región Autónoma del Atlántico Norte agusRegión Autónoma del Atlántico Sur, ar a dtugtar RAAN agus RAAS.
Tádaonra Nicearagua an-óg le timpeall 40% faoi ocht mbliana déag d'aois. Ismestizos iad an chuid is mó dóibh. Tá iarthar na tíre go mór faoi thionchar chultúr na Spáinne ós rud é gur choilíneacht Spáinneach a bhí ann agus tá na búndúchasaigh a bhí ann roimh theacht na n-ionróirí measctha leis an bpobal Latino don chuid is mó.
Ardeaglais Granada
Ba choimirceas Briotanach é oirthear na tíre agus tá an Béarla á labhairt ann fós. Tá daoine ó bhunú Afracach ann freisin, lena gceol damhsa féin, anPalo de mayo.
Tá cáil arfhilíocht Nicearagua i measc na tíortha ina labhraítear Spáinnis agus is ceann de na filí is mó aithne é Darío Rubén.
Is é anbaseball cluiche náisiúnta Nicearagua, toradh ar thioncharSAM.