Tugtar an leasainm "The Big Easy" ar an gcathair go minic. Tagann an t-ainm seo as an lúb mór a dhéanann an abhainn ar thaobh theas na cathrach. "The Crescent City" leasainm eile ar Nua Orleans.
Bunaíodh Nua-Orléans mar chathairtrádála san18ú haois.[1]Francaigh a bhunaigh é i 1718 agus a fhios go maith acu go mbeadh smacht acu ar thráchtáil uilig an Mhississippi dá mbeadh béal na habhann ina seilbh acu. Ainmníodh an áit as ChathairOrléans naFraince, ar ndóigh, ach freisin i ndiaidh Pilib, Diúc Orléans.
D’fhan an chathair i seilbh na bhFrancach go dtí 1763 nuair a tugadh donSpáinn é faoi Chonradh Pháras. Fuair na Francaigh ar ais í in 1801, ach go sealadach, mar dhíolNapoleon an chathair (agustalamh ollmhór Louisiana go léir) leis na Stáit Aontaithe in 1803.
D’fhan rian na Fraince ar an gcathair fiú tar éis Mhargadh Napoléon, ach gan baintpolaitiúl a bheith ag an bhFrainc leis an áit, thosaigh saíocht na Fraincise ag dul i laige sa19ú haois, go háirithe agusinimircigh na hÉireann agus na hIodáile ag plódú isteach.
Tácultúr saibhir cáiliúil ag Nua Orleans, le tionchar mórFrancach,Spáinneach, agus Afrai-Mheiriceánach le feiceáil. Creid nó ná creid, tá cruth Spáinneach inniu ar an Vieux Carré (an tseancheathrú, nó Ceathrú na bhFrancach). Tar éis roinnt tinte cathrach, b’éigean do na Spáinnigh an chathair go léir (nach mór) a atógáil.
earraí bácúis darb ainm beignets agus biamara créole marphiardóg agus ribe róibéis inanlann
Tá cáil ar Nua-Orléans mar chathairbia freisin. Itear meascán de bhia naFraince, mar earraí bácúis darb ainm beignets agus biamara créole marphiardóg agus ribe róibéis inanlann ("Gumbo") le anlann spíosraithe.
Cé go bhfuil créole na Fraincise fós le cloisteáil faoin tuath sna bayúnna ó thuaidh den chathair, ní labhraítear achBéarla agusSpáinnis sa chathair anois. Níos aistigh fós, níl canúint an deiscirt ar éinne sa chathair seo, ach meascán de Bhéarlaí na gcathracha oirthearacha marNua-Eabhrac agus Baile an Tí Mhóir as a dtáinig imircigh an19ú haois.
Sa bhliain 2010, labhair 90.3% de mhuintir Nua Orleans (os cionn 5 bliana d'aois)Béarla sa bhaile mar príomhtheanga. Labhair 4.8% díobhSpáinnis, 1.9%Vítneaimis agus 1.1%Fraincis. San iomlán bhí príomhtheanga tí eile seachasBéarla ag 9.7% de mhuintir Nua Orleans.
Cathair álainn spraoiúil is ea Nua-Orléans. Thosaigh an snagcheol i Nua-Orleans timpeall na1920idí. Bhí an-tionchar ag an gcultúr Afrai-Mheiriceánach ar an snagcheol.
Sráid líonta lebialanna is ea an phríomhshráid, Bourbon Street ar maidin agus um thráthnóna. Tá Nua-Orléans ar cheann den bheagán cathracha sin a ligeann do dhaoine ól ar an tsráid.
Thosaigh an snagcheol i Nua-Orleans timpeall na1920idí.
Issíol faoi thíreolaíochtMheiriceá é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.